Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seanbhunaithe old time, seasoned
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
mianach álainn smóldhearg a beautiful seasoned colour quality
" Céard a bhí agam os comhair mo dhá shúil, ach fliúit ar an seandéanamh, cheithre bhanda miotail socraithe go paiteanta uirthi, agus mianach álainn smóldhearg ina cuid adhmaid.
ag teacht in inmhe becoming seasoned
" Maidir leis na contaetha eile, bhí an-choimhlint idir Tiobraid Árann agus Corcaigh agus cé gur bhuaigh Tiobraid Árann bhí cuma dheas ar fhoireann Chorcaí a bheas ag teacht in inmhe de réir a chéile más aon fhianaise an taispeántas a thug siad sa chluiche sin.