Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Seastán na nDeoraithe the Emigrants' Stand
" Bhuaigh na fir Craobh Shóisear an Chontae agus Chonnacht cúpla bliain ó shin agus sa mbliain 2001 d'oscail Iar-Uachtarán CLG, Seosamh Mac Donncha "Seastán na nDeoraithe" sa bpáirc áitiúil, seastán a tógadh le cabhair Roinn na Gaeltachta, mhuintir na háite agus imirceoirí (i Chicago go háirithe).
seastán stand
" Le déanaí bhí seastán ag dhá chomhlacht Éireannacha, Abbots Pharmaceuticals agus comhlacht beag ó Dhroichead Átha, ag aonach trádála earraí leighis i nDubai.
seastáin stands
" Beidh seastáin agus ionadaithe ann freisin ó sciar maith de na heagrais Ghaeilge.
seastán stand
" "Bhí triúr póiliní taobh istigh agus threoraigh siad muid síos tollán faoin seastán a bhí pacáilte le daoine, cé go raibh a lán spáis ar thaobh an tseastáin," arsa John.
seastán oíche nightstand
"seastán oíche díreach in aice na leapa, tá leabhair ar an tseilf uachtair agus steirió ar an cheann íochtair.
seastáin greamaithe den bhalla stands stuck to the wall
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
seastán display stand
" Fiú im’ ollscoil féin, tá seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu.
seastán (the) stand
" Chomhairíos 30 teanga éagsúil ar an seastán: Hindis, Bengailis, Arabais, Sínis, Eabhrais, Kiswahili ina measc.
seastáin stands
" Bhí na seastáin lán don chluiche idir péire de na foirne sacair is fearr san Eoraip.
seastán rothair bike stand
" - (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.
an dá lucht taca sna seastáin the two groups of supporters in the stands
" Bíonn coimhlint fhíochmhar ar siúl ar an bpáirc imeartha le linn na sraithe, leoga, ach bíonn comórtas barrúil cairdiúil idir an dá lucht taca sna seastáin ag na cluichí.