Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sheinnteoirí soghluaiste mobile players
" Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.
seinnteoir cumasach capable player
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
seinnteoir miondioscaí minidisc player
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
seinnteoir doird bass player
" Chomh maith le hAlan, tá Joe McHugh, Kevin O'Connor agus Kate Dunne in éineacht liom, agus seinnteoir doird iontach groovyáilte as an Eilvéis, Wolf Zwiauer.
seinnteoir CD CD player
" *Walkman*, seinnteoir CD, seinnteoir *Mini-disk*, *iPod,* seinnteoir MP3).
seinnteoirí players
" Bíonn fidléirí, amhránaithe, seinnteoirí bosca ceoil agus eile ag dul suas síos ar na línte traenacha an lá ar fad ag lorg airgid.
seinnteoir flúgalchoirn flugelhorn player
" Lá amháin, arsa cara leis, seinnteoir flúgalchoirn: “Cén fáth nach seinneann tú an ceol sin má tá an oiread sin dúile agat ann? Ní leor bheith ag caint air.
seinnteoirí players
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí stuck into the CD player
" Lena lámh chlé rug m’athair ar lámh dheis mo mháthar agus chas siad beirt taobh le chéile, beagán místuama, isteach doras na cistine, áit ar slogadh iad—bhí siad ceangailte le chéile ag na cluasáin, dhá phéire acu sáite isteach sa seinnteoir dlúthdhioscaí i bpóca ghúna mo mháthar.
seinnteoir giotáir agus popréaltóg guitarist and popstar
" Táimid le ceolchoirmeacha a dhéanamh le ceoltóirí mór le rá: Haruhiko Saga, a sheinneann fidil ón Mhongóil, agus an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh uaithi; Ryo Watanabe, cnaguirliseoir; Kotaro Oshio, seinnteoir giotáir agus popréaltóg anseo sa tSeapáin; Ryutaor Kaneko, duine de dhrumadóirí Kodo.
de sheinnteoirí ceoil MP3 of MP3 players
" Tá teicneolaíocht den scoth sa ghlúin is déanaí de sheinnteoirí ceoil MP3 – teicneolaíocht a bhfuil dlúthbhaint aici le heolaíocht, agus go háirithe le nanaitheicneolaíocht.
de dhéantóirí agus de sheinnteoirí of makers and players
" Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú.
an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil. the place the player got their music
" An aontaíonn tú leis sin? TC: Braitheann sé ar an fhidléir, sílim, agus ar an stíl, ar an stór ceoil agus ar an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil.
sa seinnteoir dlúthdhioscaí. in the CD player.
" Timbaland ar siúl agam sa seinnteoir dlúthdhioscaí.
Níor shroich sé an seinnteoir, it didn't reach the player,
" Níor shroich sé an seinnteoir, áfach, gur thosaíos ar mo thuras ar ais go Baile Átha Cliath! Anne as Caen a thug a cheol dom ar dtús.
seinnteoir caiséid a tape recorder
" Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad, cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn.
mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin to control your phone’s music
" Is féidir é a úsáid mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin, mar áis sláinte is tú ag rith nó ag rothaíocht.
cláracha faisnéise ó sheinnteoir documentaries from (the TG4) player
" Díríonn na ranganna ar chomhrá Gaeilge don chuid is mó ach bíonn deis ag na scoláirí blaiseadh den chultúr a fháil chomh maith, mar shampla, ag foghlaim amhráin agus ag amharc ar scannáin Ghaeilge agus cláracha faisnéise ó sheinnteoir TG4.
ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca going on the cd player
" Bhí barúil agam riamh anall gur mar sin a bhí sé - labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness.
seinnteoir consairtín den chéad scoth first-class concertina player
" Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin.
seinnteoir player
" Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.