Ní cuimhin liom focal a dúirt sé ach is cuimhin liom sceitimíní an tslua, an t-ionadh ar aghaidheanna na bpáistí – Uachtarán na hÉirann ag bualadh isteach le labhairt linn! – nach raibh obair i bhfad níos tábhachtaí le déanamh aige ná a bheith teacht chun cainte le slua pléascánach páistí?
Tar éis a chuid cainte sheas sé inár measc agus
shínigh giotaí beaga páipéir a bhí muid ag síneadh ina threo.