chóir a bheith ó shin i leith
nearly since then
Le blianta fada - agus mé ag éirí aníos agus
chóir a bheith ó shin i leith - bhí trí cinn de ghraiméir údarásacha ann, mar atá, an *Réchúrsa Gramadaí, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí *agus *Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil.
scaitheamh ó shin
some time ago
Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad
scaitheamh ó shin.
tá fada an lá ó shin
a long time ago
Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair,
tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr.
mo shin-sin-seanmháthar
my great-great grandmother
"As Éirinn a tháinig mo mhuintir ar thaobh
mo shin-sin-seanmháthar.
ó shin i leith
since then
Tá sí ar siúl
ó shin i leith.
ó shin i leith
since then
Stáidéar daonna a bhí ann agus rith sí ina threo ag screadaíl, "Tá sé graosta!"
Tá an taispeántas faoi bhagairt agus an saothar á chosaint ag gardaí
ó shin i leith.
ó shin i leith
since then
Tá an choimhlint i ndiaidh éirí níos measa
ó shin i leith.
mo shin-seanathair
my great-grandfather
"Tugaimis Little Inverness air, óir is as sin do
mo shin-seanathair!" a dúirt leaid amháin as Dún Éideann, ag tabhairt sonc sa bhéal do bhuachaill Éireannach.
dhá scór bliain ó shin
forty years ago
Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis
dhá scór bliain ó shin.
ceathrú céid ó shin
a quarter of a century ago
An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla
ceathrú céid ó shin.
in uachtar ó shin a leith
in the ascendancy since then
Chruthaigh Prang Santa Claus i gculaith dhearg, féasóg fhada agus bolg mór air, agus is é a íomhásan atá
in uachtar ó shin a leith.
tá an-rath air ó shin i leith
it has been very successful ever since
Is í Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, a chuir tús leis an chúrsa seo sa bhliain 1999 agus
tá an-rath air ó shin i leith.
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin
compared to how it was ten years ago
Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
níor leagas lámh uirthi ó shin.
I haven't touched her since.
Chuireas an chláirnéid ar ais ina bosca an oíche úd agus
níor leagas lámh uirthi ó shin.
ó shin i leith.
since then.
Mheall sin, agus na smaointe rómánsacha a bhí agam faoin tír, anall mé! Tá mé anseo
ó shin i leith.
Ó shin i leith,
since then,
Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
ráithe ó shin
three months ago
Scríobhas
ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
ó shin i leith.
since then.
Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe
ó shin i leith.
Bliain ó shin,
A year ago,
Bliain ó shin, tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan.
ó shin i leith.
since then.
Rinne mise an scannán sin a stiúradh, agus tá mé ag stiúradh
ó shin i leith.
atá éirithe as ó shin.
who has since retired
Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh
atá éirithe as ó shin.
níor tharla tada ó shin
nothing has happened since then
D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus
níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime!
Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
corradh is bliain ó shin
more than a year ago
Chomh luath is a toghadh é ina phríomhaire,
corradh is bliain ó shin, gheall Kevin Rudd thar ceann a rialtais go mbeadh fadhb na díthreabhachta ina príomhthosaíocht ar a chlár oibre.
riamh ó shin
all the time since
Ó léigh mé scéal faoi dheoraíocht Cholm Cille agus mé ar an mbunscoil i gCluain Meala fadó, bhí sé ina rún daingean agam
riamh ó shin cuairt a thabhairt ar an oileán beag Albanach, inar bhunaigh Colm Cille a mhainistir sa bhliain 563, tar éis dó slán a fhágáil le Éirinn.
ba shin rud mór
that was really something
Bhí sé ar nós Blue Peter na hÉireann agus d’éirigh linn freisin ceann i nGaeilge a dhéanamh, agus
ba shin rud mór.
básaithe ó shin
died since
Is cuimhneach liom, dúirt mé leis an seanlead, tá sé
básaithe ó shin, dúirt mé lem’ athair é, agus dúirt sé “tarlóidh sé sin agus tarlóidh sé go minic”.
shin
stretched out
Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó
shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
shin-seanmháthair
great-grandmother
Níl a fhios agam an bhfuil a fhios agat, ach is í Maighréad Ní Ghráda mo
shin-seanmháthair ar thaobh mo dheaidí agus tá mé iontach bródúil as sin.
nárbh shin
that wasn’t
De réir úinéir *WorldWideCycles* a rinne físeán de féin ag glanadh a rothair chun taispeáint do dhaoine conas é a dhéanamh, díol sé dhá oiread an táirge glanta an tseachtain sin cé
nárbh shin é an fáth gur chruthaigh sé an físeán.
Ó shin i leith
from then on
Ó shin i leith chuir Assange a lámh i réimse leathan oibre ríomhaire, agus rinne sé ainm dó féin mar ríomhchláraitheoir cumasach.
ó shin
ago
Bhí siad den bharúil go dtí bliain
ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
ó shin
ago
Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain
ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
coicís ó shin
a fortnight ago
Mar sin, cuireadh reachtaíocht an bheartais os comhair an tí íochtair
coicís ó shin, mar ar reachtaíodh é gan díospóireacht ar bith.
ó shin i leith
from then on
Cosúil le Soros agus Khodorkovsky, tá iarracht déanta ag Nevzlin é féin a athbhrandú mar ‘dhaonchara’
ó shin i leith.
tamall ó shin
some time ago
Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh
tamall ó shin.
Ó shin i leith
from that time
Ó shin i leith, tá siad ar geimhriú.
cúpla bliain maith ó shin
a fair few years ago
Is é sin,
cúpla bliain maith ó shin agus níor fhág mé ó shin.
ó shin i leith
from then up to the present
Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe
ó shin i leith.
ó shin
afterwards
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé
ó shin.
coicís ó shin
a fortnight ago
Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh
coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
shin-sin-sin-seanathair
great-grt-grt-grandfather
Agus nár éirigh thar cinn leis?
Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a
shin-sin-sin-seanathair.
ó shin
since then
Nochtadh ainm an pheileadóra úd
ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
Ba shin í an deacracht
that was the problem
Ba shin í an deacracht, an chontúirt bordaithe.
achar gairid ó shin
a short time back
An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh
achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine?
Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr
===============
Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
b’ shin an méid
that was all
Bhí na gnáthphóilíní ann, ceart go leor agus madraí acu, ach
b’ shin an méid.
le sonrú ó shin i leith
noticeable from then on
Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh
le sonrú ó shin i leith.
breis is scór go leith bliain ó shin
more than 30 yrs ago
Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime
breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin
I’ve really polished up my Spanish in the meantime
Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
ba shin an chéad teanga dom tabhairt faoi
that was the first language I attempted
Chaith mé dhá bhliain le foghlaim na Spáinnise mar
ba shin an chéad teanga dom tabhairt faoi.
Ní shin é atá i gceist agam
that’s not what I’m about
Ní shin é atá i gceist agam.
in imeacht na mblianta ó shin i leith
down the years from that time
Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce
in imeacht na mblianta ó shin i leith.
fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin
a man I had never seen before nor since
Bhí
fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
blianta gairide ó shin
a few years ago
Bhog Rossa amach as BÁC
blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin
the matter died a death in the meantime
Ach
chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin.
Seacht mbliana is fiche ó shin
27 years ago
Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
le muintir na mbád ó shin i leith
to the boat people from then up the present
Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois
le muintir na mbád ó shin i leith.
dornán blianta ó shin
a few years ago
Baineadh siar as pobal na Gaeilge
dornán blianta ó shin nuair a d'fhógair Enda Kenny an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co.
Is iomaí Gael ar deoraíocht ó shin
many Irish have left home since then
Is iomaí Gael ar deoraíocht ó shin.
leanthaí ar aghaidh riamh ó shin
continued from that period on
Tharla sé sin siar in aimsir an OSI i dtús agus tá sé
leanthaí ar aghaidh riamh ó shin.
níor chneasaigh sí ceart ó shin
it never healed up rightly since
Bhris mé mo lámh le linn traenála (mar fhear ionaid) i Sydney 2000 ag na cluichí Oilimpeacha agus
níor chneasaigh sí ceart ó shin.
Ba shin caint
those were the words of
Dream barbartha, aineolach, trodach, fiáin a bhí sna Gaeil, mar dhea, agus sin an fáth go raibh “bunaitheoir Bhéal Feirste” ábalta seo a rá:
“*I burned all along the Lough, (Loch nEachach) within four miles of Dungannon and killed one hundred people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death; we kill man, woman and child; horse, beast and whatsoever we find*,”
Ba shin caint Sir Arthur Chichester, agus é ag trácht ar ghlanadh eitneach a chleacht sé ar na Gaeil sna bólaí thart ar Bhéal Feirste, do chum ghlóir Eilís I agus d’onóir Shasana.
coicís ó shin
a fortnight ago
Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha
coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.
achar gairid blianta ó shin
a few short years ago
ie) nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín
achar gairid blianta ó shin.
Ba shin a gheall
that was what DMcG promised
Ba shin a gheall Dinny Mc Ginley roimhré, ceart go leor, ach tá ’ fhios againn anois gur a mhalairt a rinne sé: deimhníodh san Acht na teorainneacha mar a bhí, fágadh 15,000 in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus cuireadh ar ceal an chumhacht a bhíodh ag an Rialtas, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm, aon cheo a dhéanamh faoi.
ba shin soilsiú an eolais
that was a revelation
“Nuair a chuirim an t-eolas seo faoi bhráid daoine, deir siad, ‘wow,
ba shin soilsiú an eolais.
mo shin-sheanathair
my great-grandfather
Ba iascairí agus ba ghliomadóirí
mo shin-sheanathair agus mo sheanathair.
maítear gurbh shin é an fáth
that’s mentioned as a reason
Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí
===============
**SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus
maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?**
TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
bunáite seachtó bliain ó shin
the guts of 70yrs ago
Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil
bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.
ní shin a bhí geallta
that wasn’t what was promised
Dúshlán nach beag ar lá deas, ach ar an drochuair
ní shin a bhí geallta!
Ba cheart go mbeinn ar an airdeall faoin oiread daoine a bhí bailithe ag bun an tsléibhe an mhaidin sin.
atá tarlaithe ó shin i leith
which has happened in that time
Tá beagán den ghruaim orm faoin athrú teanga
atá tarlaithe ó shin i leith i gCois Fharraige le linn dom a bheith anseo.
glúin nó dhó ó shin
a generation or two back
Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí
glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
míle bliain ó shin
a thousand years ago
Is ón tsean-Lochlannais
míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
scaitheamh ó shin
some time ago
Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles
scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Níor tharla athiarracht ó shin
no second effort happened from then
Níor tharla athiarracht ó shin.
Tost ó shin i leith
nothing from then
Tost ó shin i leith.
Ba shin an cinneadh
that was the decision
Ba shin an cinneadh a rinne mo thuismitheoirí, go dtógfaí mé féin is mo dheartháir anseo le Gaeilge.
neart deiseanna acu ó shin
plenty of chances since then
”
Nach é a bhí fadbhreathnaitheach? Ar ndóigh gheall Fianna Fáil go gcuirfidís an scéal ina cheart nuair a bheidís ar ais i gcumhacht aríst, rud nach ndearna cé go raibh
neart deiseanna acu ó shin.
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin
compared to five years ago
Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.
Anuas ar shin
also
Anuas ar shin, chaith leithéidí an *Sunday Business Post* tréimhse faoi choimirce an scrúdaitheora ar na mallaibh.
thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin
she really liked singing from then on
Thosaigh sí ag canadh agus í ceithre bliana d’aois agus
thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin.
Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam
that’s not what I intended at all
Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam, ach n’a’ haon lá a bhíos ag obair sa raidió, bhíos ag foghlaim.
feabhsaithe ó shin
improved in the meantime
Tá an dearcadh i leith na foraoiseachta
feabhsaithe ó shin.
Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála
that was the serious title of a conference
Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála a reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo - Comhairle Contae Mhaigh Eo san ionad aoibhinn i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh lá deiridh na Samhna.
ba shin scéal eile
that would be something else
Amharcann an Sliabh Mór in Acaill trasna na farraige sách gar duit ar an bhFál Mór in Iorras ach lena bhaint amach,
ba shin scéal eile.
dornán blianta ó shin
a few years;
Leis an teicneolaíocht chlódóireachta atá anois ann (leithéide Mag Cloud a chuireann Hewlett Packard ar fáil) tá tú in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal, rud nach bhféadfaí a dhéanamh
dornán blianta ó shin.
ní shin deireadh an scéil
that’s not all
Tá níos mó ná trí mhilliún buille faighte ag an rian sin ó shin, agus
ní shin deireadh an scéil.
ní fada ó shin
a short time ago
Saothar Dina Gottliebova
=========
Tharraing cás ealaíontóra Mheiriceánaigh amháin Dina Gottliebova (Babbitt) – (bhí Gottliebova pósta ar chartúnaí mór le rá darbh ainm Art Babbit sula scaradar), tharraing an cás sin aird ar na ceisteanna casta seo
ní fada ó shin nuair a d’iarr sí ar Iarsmalann Auschswitz cúpla pictiúr a tharraing sí nuair a bhí sí faoi ghlas ansin a thabhairt ar ais di.
tamall de bhlianta ó shin
a few years ago
B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá
tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
dornán blianta ó shin
a few years ago
Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh
dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
roinnt blianta ó shin
some years ago
Chinn sé
roinnt blianta ó shin go gcloífeadh leis an iomáint óir is é an cluiche is ansa leis.
Chuimhnigh mé ó shin
I’ve remembered in the interim
Chuimhnigh mé ó shin ar phíosa seanchais a thóg RTÉ thart ar 1960 ó Mhícheál Ó Coincheanainn láimh le hEanach Cuain i gContae na Gaillimhe.
glúin nó dhó ó shin
a generation or two back
Ar bhealach, chuir an cuardach mór cumha orm don ré sin, b’fhéidir
glúin nó dhó ó shin, nuair a bhí an chruinne leathan ollmhór agus nuair a d’fhéadadh duine (nó long) taisteal ar an troigh gan tuairisc agus ar muir gan teagmháil.
Tá sé i gcló ó shin
it’s in print since
Tá sé i gcló ó shin ach ní fhaighim aon phingin as toisc gur ghlac mé le cnapshuim ag an tús.
seachtó bliain ó shin
seventy years ago
Muinín a Chur sna Díograiseoirí
==============
Sa cholún uaim, a foilsíodh san eagrán deireannach de Ghaelscéal, mheabhraíos do na léitheoirí gur cuireadh tús le foilsitheoireacht nuachtán seachtainiúil Ghaeilge ar Lá ’le Pádraig,
seachtó bliain ó shin.
thart ar scór blianta ó shin
about twenty years ago
Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint
===========
Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI)
thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
Ba shin é an tús
that was the start
Ba shin é an tús.
Roinnt céadta blian ó shin
some hundreds of years ago
Is mar seo a chuireann an tAthair Peadar tús álainn lena leagan Gaeilge den Quijote le Cervantes:
>
Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fud na hEorpa agus Ridirí Fáin a tugtaí orthu.
i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin
around this time seventy years ago
Spreag buamáil bhaile Gernika
i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil.
shin
stretched out
‘Ceart is cóir dó’ a deir Colm Mac Séalaigh, ‘ní raibh ann ach gur
shin sé lámh chuidithe amach ar son a thíre’.
Deich mbliana ó shin
ten years ago
Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling.