Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siamsúil entertaining
" Tá siadsan ag iarraidh rud éicint *deep and meaningful *a mholadh, a thabharfas léargas orthu féin mar dhaoine sofaisticiúla, a bhfuil intleacht den chéad scoth acu, seachas rud éicint siamsúil agus b’fhéidir seafóideach agus éadrom mar chlár.
imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha entertaining, modern and challenging events
" Is é príomhaidhm an eagrais ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha a chur ar siúl in ionaid tharraingteacha i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
béasach agus siamsúil. mannerly and entertaining
" Bhí meanma an-mhaith aige agus caithfidh mé a rá go raibh sé thar a bheith béasach agus siamsúil.
siamsúil, entertaining,
" Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil, tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “*Anoraks* na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn *orgasm* acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!” D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge.
shiamsúil entertaining
" Níl aon dabht faoi ach gur ócáid mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil agus spreagúil a bhí sna Cluichí Oilimpeacha ar cuireadh clabhsúr leo ar an 24 Lúnasa.
siamsúla playful
" Ach, fuair an Diabhal bás agus an uair seo, bhí fonn orm rudaí siamsúla agus pléisiúrtha a dhéanamh.
comhaimseartha, spraoiúil, siamsúil contemporary, lively, entertaining
" Genre comhaimseartha, spraoiúil, siamsúil a dhéanamh trí Ghaeilge, sraith teannais osnádúrtha, rud a bhfuil go leor suime ag daoine ann sa lá inniu.
don chríoch mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil for the spectacular splendid entertaining finish
" Ó Bhéal Feirste go hArd Mhacha & go Baile Átha Cliath ======================== Beidh an rás lonnaithe i mBéal Feirste dhá lá i dtosach agus beidh an tríú lá rásaíochta ag síneadh ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath don chríoch mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil.