Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teachtaireacht shimplí simple message
" Ag labhairt di le déanaí, bhí teachtaireacht shimplí ag Lin: go raibh sé tábhachtach go seasfadh an leacht do gach duine a maraíodh san uafás.
éadan simplí siopa humble shop front
" Ní shílfeá go bhféadfadh éadan simplí siopa ag coirnéal Shráid Lafayette agus Shráid White i Manhattan léargas chomh grinn a thabhairt dúinn ar scéal meallacach, tragóideach na nÉireannach a tháinig go Nua-Eabhrac.
an cruth is bunúsaí agus is simplí the most basic and simple shape
" Tá gach rud ann briste síos go dtí an cruth is bunúsaí agus is simplí, mar shampla plánaí geoiméadracha atá le feiceáil i bpíosaí ailtireachta.
dearadh simplí simple design
" Tá ag éirí leis an gcomhlacht fógraíocht den saghas seo a chur chun cinn toisc go bhfuil dearadh simplí ar na fógraí agus toisc go bhfuil baint acu leis an rud atá á lorg ag daoine.
ar shlí thrédhearcach, shimplí in a transparent and simple way
" Míbhuntáistí ======= Tá míbhuntáistí áirithe ag baint leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair - ach tá buntáiste mór amháin aige: is féidir na páipéir bhallóide a fheiceáil agus a chomhaireamh ar shlí thrédhearcach, shimplí.
míniú iontach simplí a very simple explanation
" Cad é mar a tharla sé sin? Bhail, tá míniú iontach simplí ag Balor na Gaoise ar an cheist dhoghrainneach sin.
comhpháirteanna simplí leictreonacha simple electronic components
" Go dtí seo is maighnéid agus comhpháirteanna simplí leictreonacha a bhí in úsáid sna clibeanna frithghadaíochta i siopaí.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí to remember the steps in a simple process
" D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
míniú an-simplí a very simple explanation
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
réiteach simplí simple solution
"réiteach simplí ar an éagothroime seo.
suáilcí simplí an tsaoil the simple pleasures of life
" "D'imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil.
baileach chomh simplí sin quite that simple
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
Sindeacáitiú An-Simplí Really Simple Syndication
" Tá cineálacha eile teicneolaíochta ar an suíomh chomh maith, mar shampla, Sruth SAS (Sindeacáitiú An-Simplí), nó *RSS Feed *as Béarla.
Sindeacáitiú An-Simplí Really Simple Syndication
" Tá cineálacha eile teicneolaíochta ar an suíomh chomh maith, mar shampla, Sruth SAS (Sindeacáitiú An-Simplí), nó *RSS Feed *as Béarla.
réiteach simplí simple solution
" Cén dóigh gur féidir le hotharlanna smacht a fháil ar an fhadhb, mar sin, nuair a bhíonn othair ag teacht isteach chucu le mianach marfach den ghalar? Arís eile, níl aon réiteach simplí ar an scéal ach b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag na hotharlanna móra córas scagtha a chur ar bun sula dtugtar leapacha d’othair.
foinn shimplí simple airs
" foinn shimplí ======= Tháinig amhránaíocht na salm seo chun cinn mar gheall ar an Reifirméisean.
tuiscint shimplí simple understanding
" Cheap mé nach mbeadh ach cúpla focal agam agus tuiscint shimplí ar an ngramadach.
carachtair shimplí ildaite simple colourful characters
" Bhí carachtair shimplí ildaite acu, a bhíodh bunaithe go minic ar phearsantachtaí clúiteacha, agus léiríodh a gcuid cartún mar a léireofaí *sitcom* beo.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta that she would share her political wisdom with him in simple agricultural terms
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
ba shaothair an-simplí iad they were very simple works
" ” Cáineadh géar Na chéad trí leabhar a scríobh sé, ba shaothair an-simplí iad a bhí dírithe ar an léitheoir óg.
i dtéarmaí simplí talmhaíochta in simple agricultural terms
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
Fonn réasúnta simplí. A fairly simple tune.
ag babhtáil línte beaga simplí. exchanging little simple lines.
" Mé féin agus Rossa ag babhtáil línte beaga simplí.
chomh simplí sin; as simple as that;
" “Bhí sé chomh simplí sin; bhí Channel Four ag an am ag cuartú ábhair agus thug léiritheoir Breathnach darbh ainm Karl Francis cuireadh dom dul chun na Breataine Bige le bheith mar léiritheoir cúnta ar scannán dá chuidsean.
seift shimplí a simple device
" “Bhí mé ag iarraidh seift shimplí a úsáid a léireodh gurbh as áit choimhthíoch iad na lads seo agus go raibh rud acu a dtiocfadh leo greim a choinneáil air - is é sin, a bhféiniúlacht.
rud iontach simplí a wonderfully simple thing
" Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn.
scéal thar a bheith simplí very simple story
" ” Tá scéal thar a bheith simplí i gceist sa scannán álainn seo.
sonraí simplí simple details
" Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothar – d’fhéadfadh sé, mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.
rudaí a choinneáil simplí to keep things simple
" Is fiú go mór rudaí a choinneáil simplí agus gairdín nua á chruthú agat.
Simplí ach casta. Simple but complicated.
míniú simplí simple explanation
" Féachfaidh mé anois le míniú simplí a thabhairt ar cad é go díreach is féidir leis an tseirbhís seo a dhéanamh.
dhíreach shimplí straight and simple
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
tuiscint shimplí shoineanta a simple innocent reading
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
dearcadh simplí seanda old simple view
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
rún simplí soiléir a clear simple resolution
" Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile.
mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin as well as the deep and simple definition
" Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; *‘the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’*, *‘the quiet dogmas of the past’*, *‘ a new birth of freedom’*, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg sé féinig i reilig Gettsburg, *‘government of the people, by the people, for the people’*.
dhearadh simplí an tseit the simple set design
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
polcaí simplí bunscoile simple national school polkas
" Turasanna ceoil, U2, Steve Jobs, polcaí simplí bunscoile, comórtais Fheis Átha Cliath, agus raidhse ábhar eile atá faoi chaibidil.
an lascáil neafaiseach, shimplí sin that simple irrelevant lashing (of the ball)
" Sin é an rud is mó a bhraithimse uaim mar imreoir caide, an lascáil neafaiseach, shimplí sin i gcoinne na binne.
chun míniú simplí a chur air to give it a simple explanation
" An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist: “Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
reachtaíocht shimplí, shoiléir clear simple regulation
" Is é an rud atá de dhíth, go práinneach, ná reachtaíocht shimplí, shoiléir (cosúil le hAlbain) chun cearta fánaíochta a thabhairt do dhaoine sa tír seo.