Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos sine fós older still
" Ar an mhagh taobh thiar de Chnoc na Riabh, tá grúpa mór tuamaí meigiliteacha atá níos sine fós ná an carn féin.
an buaitear is sine the oldest winner
" Is é an dealbhóir Anthony Gormley an buaitear is sine go dtí seo - bhí sé daichead is a ceathair nuair a bhuaigh sé an duais i 1994.
rud beag ní ba shine a little older
" Tá a fhios againn gur phós sé bean darbh ainm Catharina Bolnes, Caitliceach a bhí rud beag ní ba shine ná é.
an ollscoil is sine the oldest university
" Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1348 agus is í an ollscoil is sine i lár na hEorpa.
na glúnta níos sine the older generations
" Mhínigh cúpla duine an cás dom mar seo: "Mothaíonn na glúnta níos sine go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste.
de réir mar a éiríonn tú níos sine as you grow older
" "Ach tá Bealach an Doirín ar cheann de na háiteanna sin a thaitníonn níos mó leat de réir mar a éiríonn tú níos sine," a deir sí.
na glúnta níos sine the older generations
" Tá postanna maithe acu, ach gan dóthain pá le go bhféadfaidís gnáth-theach a cheannach i mbruachbhailte na hardchathrach féin de bharr praghsanna arda, arb iad na glúnta níos sine atá ag ceannach an dara nó an tríú teach mar infheistíocht dóibh féin is dá gclann is cúis leo cuid mhaith.
ag éirí níos sine de réir a chéile getting older gradually
" Tá daonra na hÉireann ag éirí níos sine de réir a chéile – maireann na fir, ar an mheán, go dtí go mbíonn siad 75.
an bheirt ba shine the two eldest
" ” Ba é Risteard ab óige de chúigear páistí agus deir sé go raibh saol ní ba dhéine ag an bheirt ba shine sa teaghlach ná mar a bhí ag an chuid eile acu.
is sine oldest
" Tá Daintree ar cheann de na foraoiseacha is sine ar domhan agus d’fhan mé dhá oíche i lár na foraoise.
an ceann is sine the oldest one
" Tá grianghraif sa Taisce fosta – an ceann is sine de Thomas Moore, mar shampla, a glacadh in 1843! Tá saothar na mbailitheoirí ceoil sa Taisce, bosca i ndiaidh bosca d’ábhar a thaifead Proinsias Ó Conluain, Séamus Ennis, Seán Ó Riada, Seán Mac Réamoinn, Ciarán Mac Mathúna, Aindreas Ó Gallchóir agus go leor eile, agus téann foireann naTaisce féin amach ag taifeadadh ceoil ar DVD.
beagáinín níos sine a little older
" Thairis sin, d’éist mé le leithéidí Sheosaimh Uí Éanaigh ar ceirnín agus nuair a bhí mé beagáinín níos sine thosaigh mé ag tabhairt cuairte ar Chonamara.
sine mná the teat of a woman
" Cuirim an feadán i mo bhéal agus, i bhfocail Johnny The Lips ó The Commitments, ligim orm féin gur sine mná atá i mo bhéal.
Deirtear gur binne an fhidil dá sine í. It is said that the older the fiddle, the sweeter its sound.
" AÓF: Deirtear gur binne an fhidil dá sine í.
an teach is sine the oldest house
" Tá teach cloiche na misinéirí in Kerikeri ar an teach is sine in Aotearoa.
níos sine, older,
" Chuaigh siad go Sasana, rinne siad a seacht ndícheall ach anois tá siad níos sine, caite agus spíonta.
ag imirt in aoisghrúpa níos sine playing in an older age-group
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
a bhfuil leanaí níos sine who have children who are older
" Cáineadh go géar an dlí a chuireann cosc ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos sine ná ocht mbliana déag d’aois acu iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.
níos sine older
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
i bhfad ní ba shine much older
" Ansin bhí daoine níos óige ná iad sin i láthair agus daoine i bhfad ní ba shine a bhí tógtha leis an cheol traidisiúnta.
Ba sine den slabhra é it was a link in the chain
" Ba sine den slabhra é a tharraing i dtreo Chomhaontú Aoine an Chéasta sinn.
Sine den slabhra amháin a link in the same chain
" Sine den slabhra amháin is ea gach gné díobh.
Sine den slabhra a link in the chain
" Sine den slabhra amháin is ea gach gné díobh.
níos sine older
" Tabharfaidh mé go cluiche iad nuair a bheas siad níos sine, le go mbeidh siad in ann an t-atmasfaer beo ag cluiche den Phríomhshraith a bhlaiseadh agus le go mbeidh siad in ann a chuid laochra a fheiscint ag imirt.
is sine eldest
" Luaim an chonspóid a raibh an deartháir is sine, Seán Óg, bainteach léi agus é ina chaptaen ar fhoireann iomána Chorcaí nuair a chuaigh na himreoirí ar stailc i 2008.
is sine eldest
" An gasúr is sine, tá sí sa meánscoil, tá sí trí bliana déag.
is sine oldest
" An tAos Ársa, Rúndiamhair, Síochánta Tá na Mandaean ar na pobail chreidimh is sine ar domhan is bhí siad suas san Iaráic sula raibh aon chaint ar Chríostaíocht is Ioslam.
is sine oldest
" Is é an Christkindelmärik in Strasbourg an margadh Nollag is sine ar an bhfód sa Fhrainc.
níos sine older
" Nuair a bhí mise ag tosú ní raibh córas marcála ann ach bhí aiseolas le fáil i bhfoirm tuairimí réiteoirí níos sine.
níos sine older
" Níl aon fhocal ar leith do dheartháir ná deirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo.
cumann sciála is sine oldest ski club
" Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan.
níos sine older
" D’fhreastail Daithí ar Scoil Naithí agus ar Choláiste Eoin in ainneoin gur ar scoileanna Béarla an cheantair a d’fhreastail a chuid deartháireacha agus a dheirfiúr atá níos sine ná é.
is sine oldest
" Le club leadóige Theach Mealóg a thosaigh Daithí féin agus chuaigh ar aghaidh uaidh sin go dtí club leadóige Mhic Liam nó Fitzwilliam (atá ar na clubanna is sine ar domhan agus a bunaíodh i 1887) agus is ansin a bhíonn Daithí ag cleachtadh nuair a bhíonn sé sa bhaile.
an leath is sine the oldest half
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
is sine eldest
" Rugadh mo dheirfiúr is sine, Siobhán, i mB’l’Átha Cliath, rugadh Bláthnaid i gCeanada agus rugadh Móire is Bríd ar ais in Éirinn.
aos níos sine an older group
" Ar aghaidh le clann an-óg, aos níos sine, tuismitheoirí, daoine a bhí anonn go maith san aois, chun an chéad chúpla chiliméadar timpeall an phoirt a rith.
an duine is sine den chlainn the eldest of the children
" ** Ray Mac Mánais: Tháinig mé go Baile Átha Cliath, go Coláiste Mhuire, Marino agus aisteach go leor, tríocha bliain ina dhiaidh sin go díreach, chuaigh Aoife, m’níon, an duine is sine den chlainn, isteach ann.
dheartháir is sine eldest brother
" Thug mo dheartháir is sine John mo thicéad do chomharsa dá chuid, Neil, agus thiomáin siad le chéile go *Sheffield* le haghaidh an chluiche.
is sine ar domhan oldest in the world
" Tá roinnt de na pobail Chríostaí is sine ar domhan i mbéal a ndíothaithe má leanann an cogadh sa tSiria ar aghaidh.
an fhianaise is sine ar marthain the oldest surviving evidence
" Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo.
an teanga liteartha is sine the oldest literary language
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
cheann de na hamharclanna is sine one of the oldest theatres
" Tá Teatru Manoel, ar cheann de na hamharclanna is sine san Eoraip.
an deartháir is sine liom my eldest brother
" Thugamar cuairt ar an deartháir is sine liom faoi Nollaig.
Thairg an duine is sine a chuid airgid féin the eldest offered his own money
" Thairg an duine is sine a chuid airgid féin chun íoc as: dar leis, thuill sé an t-airgead timpeall an tí agus is faoi féin conas a chaitheann sé é.
ar an pháiste is sine i dteaghlach against the eldest child in a family
" Ar ndóigh tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair nó go deimhin ar an pháiste is sine i dteaghlach.
roinnt daoine níos sine some people older
" Ó bheith i mo chónaí le daoine óga oilte agus roinnt daoine níos sine, chonaic mé go bhfuil lear mór daoine i Meiriceá nach bhfuil sásta leis ‘Na Stáit Aontaithe Meiriceá’ mar a fheicimidne é agus ba mhaith leo roinnt a athrú nuair a bheidh níos mó cumhachta acu.
ar an leic is sine on the oldest tombstone
" Tá daoine á n-adhlacadh i reilig na Seanchille le míle bliain gí go bhfuil dáta 1685 ar an leic is sine.
ach an tsine i bhfad siar the furthermost tit
" Níl san NUJ in Éirinn ach cúlbhallán den eagras Briotanach agus níl sa Ghaeilg i rannóg na hÉireann de ach an tsine i bhfad siar.
d'éirigh tú níos sine you became older
" Nuair a d'éirigh tú níos sine, fuair tú bosca an duine a bhí níos sine ná tú agus gheobhadh siadsan bosca eile.
is sine ar domhan oldest in the world
" Is é seo an staid sacair is sine ar domhan ó thaobh úsáid leanúnach de agus cé go bhfuil Preston North End i Sraith a hAon anois (an tríú leibhéal i sacar Shasana) tá siad i measc na gclubanna is rathúla riamh.
is sine de the oldest of
" Is é Annie Carroll, an duine is sine de mhuintir Uí Bheirn agus d’fhreastail sí ar an ócáid.
is sine oldest
" Is é an clú – agus an cháil fosta – atá ar Mc Garvey ná go bhfuil sé trí bliana is ceithre scór d’aois agus mar sin gurb é an polaiteoir is sine in Éirinn.
Déantáin Níos Sine older artefacts
" Déantáin Níos Sine ======== Bhí sceitimíní orm sa Samhradh i 2010 nuair a bhí mé ag obair ag Oideas Gael agus chuala mé ar Raidió BBC go fuarthas déantáin 800,000 bliain d’aois i Norfolk, Sasana mar gheall ar an chreimeadh chósta ansin.
ba shine a fuarthas sa tír oldest which was found in the country
" Ba iad na déantáin ba shine a fuarthas sa tír, síleadh, agus scríobh an t-údar: *Over the years many claims have been made for the presence of humans in Britain in the early Pleistocene, one or two million years ago, but the supposed ‘artefacts’ on which these claims were based have failed to convince present-day archaeologists.
an mac is sine liom my eldest son
" Clarke leis an mac is sine liom faoi láthair.
níos sine older
" Ach ceapaim go n-iompaíonn go leor den aos óg ar ais ar an nGaeilge agus iad níos sine (go háirithe má bhíonn clann acu) mar sin, fad is go bhfuil an teanga sealbhaithe go maith acu agus go bhfuil siad líofa, bheinn dóchasach nach bhfuil deireadh na Gaeilge i ndán dúinn fós.
an mac is sine the eldest son
" An feirmeoir agus an mac is sine, is féidir leosan maireachtáil sa bhaile ar an fheirm, ach tá easpa deiseanna fostaíochta ann do dhaoine eile, go mór mór na mná.
ghlúin is sine older generation
" Tá meanma agus misneach sa dream óg in Éirinn nach bhfuil le brath sa ghlúin is sine ná iad, dar le Lisa Nic an Bhreithimh.