Pota Focal Intergaelic
ing | scing | sin | sin- | sinc
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chasadh sing
" Club amhránaíochta atá ann a thugann deis do dhaoine amhráin dhúchasacha a chloisteáil agus a chasadh.
ag gabháil fhoinn singing
" Tagann daoine ó chuile cheard den tír agus ó áiteacha thar lear go Baile Átha Cliath agus caitheann siad an deireadh seachtaine ar fad, de ló agus d'oíche, ag gabháil fhoinn agus ag éisteacht le hamhráin.
Chasadh sé corramhrán he'd sing an odd song
" Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.
cuireadh canadh an invitation to sing
" " An bhliain chéanna sin, 1997, fuair sí cuireadh canadh ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá, cuireadh ar ghlac sí leis go fonnmhar.
clú na hamhránaíochta reputation for singing
" An ceol ======= Ní dóigh liom go bhfuil clú na hamhránaíochta ar bhunadh Loch an Iúir anois ach bhí lá den tsaol.
amhránaíocht singing
" Is í an amhránaíocht níos mó ná aon rud eile a bhíonn i gceist, ach is dócha nach féidir leat i ndáiríribh ceolchoirm a bheith agat le hamhránaithe amháin.
bhídís á gcanadh they used to be sung
" Agus na hamhráin a tháinig ón áit sin bhídís á gcanadh i gCúil Aodha agus bhí daoine i gCúil Aodha leis a chumadh amhráin, mar sin de bhí an traidisiún dátheangach ann.
stíl amhránaíochta singing style
" Bíonn a gcuid amhrán ar fad i nGaeilge agus bíonn tionchar láidir na hAfraice Theas le brath go minic ar an stíl amhránaíochta atá acu.
amhránaíocht singing
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ar an amhránaíocht? Cé a mhúin sin duit? DNíS: Oíche amháin, bhí deirfiúr leis an amhránaí Anne Mulqueen, Mary Hogan, sa halla ag ceann de na comórtaisí sin.
ag gabháil foinn singing
" Chaith mé an chéad gheimhreadh i nGleann Dá Loch i gCill Mhantáin, go dtí gur chuala mé comharsa liom ag gabháil foinn ar an sean-nós.
a chanann san iliomad teangacha who sing in many languages
" Is maith leis ceoltóirí ar nós Manu Chao agus Orchestra Baobab, a chanann san iliomad teangacha: Spáinnis, Fraincis, Mandinka, Kriol, Béarla, Franglais féin.
ag canadh amhrán seicteach singing sectarian songs
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh an t-abhcóide conspóideach (agus leaschathaoirleach Rangers), Donald Findlay, a thaifeadadh ag canadh amhrán seicteach ag cóisir.
Guthanna ceoil singing voices
" Guthanna ceoil, nó ceol ar bith, thig leis an cheol a dhul suas agus thig leis an cheol a dhul síos.
ag gabháil fhoinn singing
" AÓF: Agus tugaim faoi deara go mbíonn do chuid gasúr féin ag gabháil fhoinn chomh maith? ÉÓD: Bíonn an oiread ceoil agus amhránaíochta sa teach nach bhféadfaidís éalú uaidh.
á chasadh singing it
" D'úsáid siad an t-amhrán "Dúlamán" sa bhfógra agus bhí gach duine sa tír á chasadh ar feadh tamaill.
á gcasadh i gcónaí being sung still
" AÓF: An gceapann tú dá mbeadh Raiftearaí beo anois go mbeadh sé sásta le hamhránaíocht an lae inniu? ÉÓD: Is cinnte go mbeadh sé breá sásta go bhfuil a chuid amhráin á gcasadh i gcónaí.
ag canadh iomann singing hymns
" Thaistil Nicholson ar fud na tuaithe i gcóta geal ina raibh spotaí polca agus boinéad veilbhit, ag canadh iomann agus ag léamh ón Bhíobla.
nuair a chanainn when I used to sing
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
ag gabháil foinn singing
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
an fonn céanna a chanadh to sing the same tune
" Bhí Conor Newman i láthair - nach leor an saineolaí? An gá dúinn ar fad an fonn céanna a chanadh? Tá sé ráite go gcosnóidh an obair seandálachta suas le €20 milliún ach féach ar chás Charraig Mhaighin - is léir nach bhfuil sa €20 milliún sin ach a thús.
a chluinfinn ag ceol that I used to hear singing
" Is iad mo Mhamaí Caitlín agus m'athair Brian, nach maireann, an t-aon bheirt a chluinfinn ag ceol.
amhránaíocht chórúil choral singing
" Níor mhair sé ach leath lae an bhliain sin agus ní raibh ach deich gcinn d'imeachtaí ar fáil don lucht féachana - rince, rásaí, amhránaíocht chórúil, fidléireacht agus araile.
d'amhránaíocht na gcór choral singing
" Chomh maith leis sin, níor cuireadh amhráin fhíorthraidisiúnta ar chlár na gcomórtas go dtí le déanaí - bhí tús áite tugtha d'amhránaíocht na gcór, agus lucht ina n-éadaí foirmiúla.
a ghabháil to sing
" Bhíodh mo dheirfiúr ag freastal ar ranganna "sean-nóis" agus bhíodh sise go síoraí ag cleachtadh na n-amhrán sa mbaile, rud a chuir mé féin agus an amhránaíocht thraidisiúnta glan in aghaidh a chéile! Bhí mé in ann amhrán a ghabháil agus bhíodh mé ag gabháil fhoinn ag an Aifreann.
ag gabháil fhoinn singing a song
" Bhíodh mo dheirfiúr ag freastal ar ranganna "sean-nóis" agus bhíodh sise go síoraí ag cleachtadh na n-amhrán sa mbaile, rud a chuir mé féin agus an amhránaíocht thraidisiúnta glan in aghaidh a chéile! Bhí mé in ann amhrán a ghabháil agus bhíodh mé ag gabháil fhoinn ag an Aifreann.
mar go mothaím níos nádúrtha á rá because I feel more natural singing it
" B'fhearr liom amhráin a fhoghlaim a chum bean, mar go mothaím níos nádúrtha á rá.
ag gabháil fhoinn singing
" AÓF: Nuair a dhúnann tú do shúile, agus nuair a thosaíonn tú ag gabháil fhoinn, cá dtéann tú? ÁNíD: Téim go domhan eile, agus doimhneacht eile.
á rá ag daoine being sung by people
" Léigh mé i leabhar éigin, nó chuala mé ó dhuine éigin, nach mbíonn na hamhráin thraidisiúnta beo ach amháin nuair a bhíonn siad á rá ag daoine, agus lucht éisteachta acu.
ag gabháil fhoinn singing
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
cheardlanna amhránaíochta singing workshops
" Cé go raibh clú agus cáil bainte amach aige mar amhránaí i mBéarla d’fhreastail sé ar cheardlanna amhránaíochta ag Sean-nós Cois Life le cur lena stór amhrán i nGaeilge.
ag tosaí ag gabháil fhoinn starting to sing
" Aon uair a chloisinn é ag tosaí ag gabháil fhoinn phreabfadh mo chluasa in airde le n-éisteacht leis agus stopfadh gach rud eile dom.
cheardlanna amhránaíochta singing workshops
" Cé go raibh clú agus cáil bainte amach aige mar amhránaí i mBéarla d’fhreastail sé ar cheardlanna amhránaíochta ag Sean-nós Cois Life le cur lena stór amhrán i nGaeilge.
ag tosaí ag gabháil fhoinn starting to sing
" Aon uair a chloisinn é ag tosaí ag gabháil fhoinn phreabfadh mo chluasa in airde le n-éisteacht leis agus stopfadh gach rud eile dom.
do chuid amhránaíochta your singing
" AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá agat agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ar do chuid amhránaíochta? MÓS: Na hamhráin Ghaoluinne a fuaireas óm mhuintir féin, ón dá thaobh, agus ó amhránaithe breátha eile a bhí ag maireachtaint mórthimpeall orm i gCorca Dhuibhne, Dia leo.
minic a chanaimid that we sing
" AÓF: An raibh mórán de theagmháil agat le bundúchasaigh na hAstráile nó ar tháinig tú ar aon tuiscint faoina dtraidisiúin siúd ó thaobh na hamhránaíochta de? MÓS: Táim an-cheangailte agus an-mhór leo, agus lena dtraidisiún, agus is minic a chanaimid inár dteanga féin dá chéile.
abair amhrán sing a song
" “abair amhrán” an teideal a bhí air, is dóigh liom.
cheardlanna amhránaíochta singing workshops
" Cé go raibh clú agus cáil bainte amach aige mar amhránaí i mBéarla d’fhreastail sé ar cheardlanna amhránaíochta ag Sean-nós Cois Life le cur lena stór amhrán i nGaeilge.
ag tosaí ag gabháil fhoinn starting to sing
" Aon uair a chloisinn é ag tosaí ag gabháil fhoinn phreabfadh mo chluasa in airde le n-éisteacht leis agus stopfadh gach rud eile dom.
ag ceol díséid singing a duet
" “Cad é fúthu?” Agus cá háit a raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire, lena linn seo uilig? Bhí sí thíos cois locha, i nGaeltacht Fheis Mhór Ghaelach Milwaukee, ag baint sú as an chomhluadar ann; í ag damhsa ar an sean-nós agus ag ceol díséid le Matthew Joseph James Ó Farta a bhí ag craoladh beo an bealach ar fad go hÉirinn ar Raidió na Galltachta.
a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht who used to lead the singing
" Is eaglais Phreispitéireach í Eaglais na hAlban, mar sin níl altóir ann, ach tá puilpid mhaorga ann don mhinistir, agus deasc le fáil faoi don réamhchantóir, a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht.
ag casadh singing
" Fonnadóirí agus lucht éisteachta dílis a bhíonn ann agus tugtar ómós iomlán don té atá ag casadh, faoi mar ba chóir, ar ndóigh.
leis an amhránaíocht a chur chun cinn to promote singing
" Tá an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.
amhránaíocht cóir choir singing
" Anois, bhí drochmheas acu ar an stíl thraidisiúnta agus d’iarr siad go gcuirfí amhránaíocht cóir ina háit.
ag gabháil fhoinn asam féin singing by myself
" Ní raibh aon dochar ann ar aon nós agus, cé go mbínn ar crith agus mé ag gabháil fhoinn asam féin, bhain mé an-sásamh as a bheith ag casadh le cór na scoile agus i ngrúpaí.
ag canadh i mo theannta singing along with me
" Tá an tuiscint sin aga baile don cheol; is breá liom bheith in ann an ceol a thabhairt do dhaoine nach bhfuil sé cloiste acu cheana féin ach bainim an oiread céanna pléisiúir as bheith ag féachaint ar lucht éisteachta a bhfuil na focail ar eolas acu agus iad ag canadh i mo theannta.
á rá den chéad uair singing it for the first time
" Ba é Con Graney a d’airigh mé á rá den chéad uair agus Donie Lyons óm dhúthaigh féineach a thug na focail dom.
amhránaíocht dhúchasach native singing
" Bhí léachtaí ann ar eitneolaíocht an cheoil, ar bhailitheoirí éagsúla den cheol Gaelach, ar an amhránaíocht dhúchasach in Éirinn, i Sasana agus in Albain, chomh maith le gnó an cheoil, cóipcheart agus mar sin de.
amhránaíocht singing
" Chomh maith leis sin, bhí muintir Mhic Mhathúna, Séamus agus Úna agus a gclann, páirteach linn mar is sa cheantar seo atá cónaí orthu agus chuir siadsan go mór leis an gcraobh, leis an amhránaíocht go háirithe.
déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! he designs them himself and sings the songs between the lessons!
" Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! Ar bhord dhá eagraíocht Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge they attracted people towards Irish language singing
" An fáth a measann daoine iad a bheith tábhachtach ná gur mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge ar dhóigh nach bhféadfadh saothair níos traidisiúnta a dhéanamh.
casann sí cúpla amhrán she sings a few songs
" Seinneann Siobhán O'Donnell as Sligeach an bodhrán agus casann sí cúpla amhrán freisin.
ó thaobh na hamhránaíochta de as regards singing
" Antaine Ó Farcháin: Cén t-albam is fearr de cheol nó d'amhránaíocht thraidisiúnta a eisíodh in 2006, dar leat? Terry Moylan: Ó thaobh an cheoil de chaithfinn *The Dusty Miller* a phiocadh agus ó thaobh na hamhránaíochta de thaitin *I Heard a Bird at Dawn* go mór liom.
ag gabháil fhoinn singing
" Bhí sé ag gabháil fhoinn in éineacht le John McSherry agus Dónal O' Connor.
go mbínn ag canadh i gcónaí that I used to always be singing
" Dúirt mo mháthair go mbínn ag canadh i gcónaí nuair a bhíos i mo pháiste agus go mbíodh amhráin á gcumadh agam an t-am ar fad.
go bhfuil fonn á chanadh agam that I'm singing a tune
" *Plus ca change! *Nuair a fhágaim an tigh ar maidin, ar rothar nó ar cois, tugaim faoi deara tar éis cúpla nóiméad go bhfuil fonn á chanadh agam nó amhrán á chumadh agam.
ag canadh amhráin a chum sé don ócáid. singing a song she wrote for the occasion.
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
Cantar é go hard. It is sung out loud.
chanaidís they used to sing
" Agus an bua bainte amach acu i dtoghchán an uachtaráin, chanaidís “Mo Ghile Mear”.
ag gabháil fhoinn. singing.
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ar an amhránaíocht ansin? ENíC: Ní cuimhin liom go baileach ach tugadh an-tacaíocht dom sa bhaile agus ar scoil a bheith ag gabháil fhoinn.
bhí greim ag an amhránaíocht orm! singing had a hold on me!
" Ón lá sin amach bhí greim ag an amhránaíocht orm! I ndáiríre, is dóigh liom gur blianta tábhachtacha iad na blianta a chaithimid sa bhunscoil agus bhí an t-ádh liom go raibh múinteoir ann a chonaic an bua a bhí agam agus chabhraigh sé sin go mór.
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, Kidare doesn't have a reputation for singing in the native style,
" AÓF: Ach níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge.
ag canadh go binn. singing sweetly.
" *Good God*, tá sí ag canadh go binn.
ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, singing and dancing workshops,
" I measc na n-imeachtaí a reáchtálann sí féin agus Craobh Phádraig Mhic Phiarais tá ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, céilithe, agus seisiúin cheoil.
an amhránaíocht a shealbhú. to acquire the singing.
" Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.
ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban. singing the classical ballads of Scotland.
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
ag canadh léi singing away
" Ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt suas ach ní bheinn ábalta é a dhéanamh anois!” Deir sí go raibh éad uirthi le Tríona agus Mícheál nuair a bhí siadsan sa Bothy Band ach deir sí fosta gur dóigh léi gur fhorbair sí mar amhránaí ó bheith ag canadh léi féin i gclubanna i mBaile Átha Cliath mar an Tradition Club agus i gcinn eile ar fud na tíre.
san amhránaíocht thraidisiúnta in traditional singing
" ” D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
é a cheol uair nó dhó to sing it once or twice
" Nuair a bhíodh suim aici in amhrán, deireadh sí leis an duine a raibh sé aige é a cheol uair nó dhó agus an dara huair bhíodh sé aici.
in ainm is an t-amhrán a chanadh supposed to sing the song
" Bhí Mícheál agus Dáithí in ainm is an t-amhrán a chanadh ach d’athraigh siad an cóiriú agus mheas siad go mbeadh sé níos fóirsteanaí do Mhaighread.
tá sí á gceol. she's singing them.
" Tá Róise i ndiaidh cuid de na seanamhráin a fhoghlaim – níor thuig mé sin – agus tá sí á gceol.
níl fonn dá laghad air canadh. he doesn't in the least bit feel like singing.
" Briseann a ghuth gach re líne – níl fonn dá laghad air canadh.
mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard because of the way they sing out loud
" Níor fhág sin ach 11,000 don ghnáthlucht tacaíochta, daoine a bhíonn ag freastal ar gach cluiche i rith an bliana agus atá molta ag an bhainisteoir Raphael Benitez mar an “12ú himreoir” mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard i rith gach cluiche.
a canadh é i Maoiris amháin. that it was sung in Maori only.
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
níor chan na himreoirí the players didn't sing
" Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh.
á chasadh singing it
" Bhí fear darb ainm Mícheál Ó Seighin á chasadh i seomra lom, íseal, plódaithe, agus bhí gach éinne faoi gheasa beagnach ag an gceol agus ag an mothúchán a bhí á léiriú sa chasadh sin den amhrán.
ach bhíos i lár baill ag canadh leo, but I was in the middle of it singing with them,
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
Canaim mo smaoineamh. I sing my idea.
chan muid we sang
" AÓF: Agus chas tú corramhrán freisin agus tú ansin! TC: Sin eolas rúnda agus ba cheart é a choinneáil faoi rún! Ní amhránaí mé ar chor ar bith, ach chan muid chomh maith agus muid ansin.
rinne mé a cuid ceoil a thaifeadadh. i taped her singing
" Bhuail mé le Neilí Mhicí Hiúdaí (Ní Dhomhnaill) ina teach féin agus rinne mé a cuid ceoil a thaifeadadh.
An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú would you say that it is the native songs of Ireland only you sing
" AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú, nó an mbíonn tú ag casadh i stíleanna eile freisin? GB: Bím, go minic.
ag gabháil foinn singing
" AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú, an gcuimhin leat? GB: Bhí mé thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim mé ‘An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.
comhartha láidir strong sing, signal
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
trína chuid amhránaíochta. through his singing.
" Chonaic mé é ceart go leor, chuir mé aithne sa gcaoi sin air, aithne trína chuid amhránaíochta.
amhránaíocht dúchais native singing
" “Agus nuair a casadh scoláirí móra tuisceanacha air, Meiriceánaigh a bhformhór, thuig siadsan, nuair a bhí staidéar déanta acusan agus amhránaíocht dúchais as tíortha eile an domhain cloiste acu, dúirt siad leo féin, 'By dad, seo an *gold nugget*.
é a chasadh to sing it
" Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine', mar a rinne sé go minic, 'a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig', rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.
gur bhreá léi canadh liom. that she would love to sing with me
" Bhuaileas léi blianta sula ndearnamar an taifeadadh agus dúirt sí ansin gur bhreá léi canadh liom.
ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh. preparing to sing the song
" Samhlaím an drumadóir ina shuí taobh thiar de na drumaí, a shúile ag faire go cúramach ar gheáitsíocht Nina agus í ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh.
ag canadh an tseanamhráin chéanna. singing the same old song
" Gan oideachas cuimsitheach ceoil a bheith curtha ar fáil, leanfaidh an tsochaí ar aghaidh ag canadh an tseanamhráin chéanna.
deilín sing-song
" B'fhéidir go bhfuil an deilín seo ar fad beagnach marbh sa teaghlach mar gheall ar theilifíseáin a bheith i ngach áit, ach ní féidir linn a rá nach bhfuil daoine fós ag canadh.
ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne muscials in which the character start singing at the drop of a hat
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
a cuid amhránaíochta her singing
" Beidh a cuid amhránaíochta agus a cuid seanma ar an bpianó le cloisteáil i rith an agallaimh.
ag canadh le chéile singing together
" Bhí muid go hiontach ag canadh le chéile ach ní shílim go bhfuil sé sin le cloisteáil ar an taifeadadh.
ag canadh a n-amhráin cháiliúil, singing their famous song
" Tá gearrthóg ar fáil ar YouTube ina dtaispeántar Scullion ag canadh a n-amhráin cháiliúil, “Carol”.
ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta competing in a singing competition
" Is cuimhin liom a bheith ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós i seomra ranga i Scoil Chuimsitheach Bhaile Munna.
ag portaireacht singing
" Deir mo thuismitheoirí gur fhág siad mé faoi chúram mo mhamó deireadh seachtaine amháin agus nuair a d’fhill siad le mé a bhailiú, gur dhúirt mo mhamó leo gur chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ag portaireacht ón ardchathaoir! Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag canadh na bport a bhíodh á gcleachtadh ag mo dheirfiúr ar an veidhlín.
grúpa beag fonnadóireachta small singing group
" Ach déanaim mo dhícheall saol sóisialta a bheith agam; is breá liom a bheith ag canadh agus tá grúpa beag fonnadóireachta bunaithe agam féin agus ag cuid de mo chairde.
ag casadh singing
" Bhí sí ag casadh le déanaí san Academy ar Shráid na Mainistreach i mBaile Átha Cliath agus cé nach bhfuil bomaite agam ar na laethanta seo leis an MA atá ar bun agam, chuaigh mé féin agus cara de mo chuid go dtí an cheolchoirm.
fá dtaobh di agus í ag ceol about her as she sang
" D’aithnigh mé, nó bhí mé chomh cóngarach sin di, go raibh rud éigin faoi leith fá dtaobh di agus í ag ceol – tá sé chomh nádúrtha di; gan nóta amach as alt; caillte go hiomlán in áilleacht an cheoil.
tugtha don amhránaíocht giving to singing
" An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin? Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá.
chanadar they sang
" Mhaireadar i gciúnas agus chanadar san eaglais idir ceithre agus ocht n-uair an chloig in aghaidh an lae.