Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siombailí feiceálacha visible symbols
" Cruthaíonn an t-ailtire siombailí feiceálacha ár gcultúir dúinn.
Siombail na saoirse a symbol of freedom
" Siombail na saoirse atá ann anois, agus sin an dearcadh atá ag cuid de na Breatnaigh atá ag iarraidh tír neamhspleách dóibh féin.
shiombail phaiteanta clear symbol
" Ach bhí siopa amháin a d'fhan ar oscailt agus atá mar shiombail phaiteanta de luachanna an Tíogair Cheiltigh - Lidl.
siombail den stádas saolta a symbol of worldly status
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
siombail na saoirse symbol of freedom
" Mar a dúirt mé in *Beo! *(eagrán 36), is siombail na saoirse é an leacht seo anois agus is iontach an rud é gur spreag sé dráma mar seo.
shiombail ionsaitheach agressive symbol
" Is cúrsaí inscne atá á scrúdú sa phíosa seo fosta ina bhfuil siorc, a fheictear mar shiombail ionsaitheach go minic, le feiceáil ina sheasamh mar bhod ach a bhfuil cruth banúil air mar go bhfuil cíocha ar a bhrollach agus gúna air de chré-umha fite.
Siombail phaiteanta a patent symbol
" Siombail phaiteanta é an nós seo de na luachanna úra atá i réim sa tír.
siombailí teibí abstract symbols
" D’úsáid sé siombailí teibí agus scéim datha dubh agus bán chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis sin agus nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre.
mar shiombail neodrach as a neutral symbol
" Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?” Bhí daoine áirithe ag iarraidh an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach.
siombailí reiligiúnacha religious symbols
" Tá glacadh le siombailí reiligiúnacha sa Gharda Síochána ó bunaíodh an fórsa; tá crois Cheilteach mar shuaitheantas aige agus caitheann go leor de na gardaí a bhíonn ar dualgas Dé Céadaoin an Luaithrigh luaithreach ar a n-éadan.
siombailí eitneachais agus reiligiúin ethnic and religious symbols
" Táimid sásta má thaispeánann ár seirbhísigh phoiblí siombailí eitneachais agus reiligiúin a fhad is go mbaineann na siombailí sin lenár gcultúr, lenár stair agus lenár reiligiún féin.
siombailí Caitliceacha san áireamh. including Catholic symbols.
" Nó ba chóir cosc a chur ar chaitheamh siombailí reiligiúnacha de gach saghas sa saol poiblí, siombailí Caitliceacha san áireamh.
siombail na Críostaíochta symbol of Christianity
" Ta siombail na Críostaíochta inti (Muire) ach de bhrí gur ortha í, baineann sí leis an tréimhse réamhChríostaí fosta.
siombail phaiteanta obvious symbol
" Níl aon dabht faoi ach gur siombail phaiteanta den tíorántacht agus den ansmacht é an Tóirse Oilimpeach anois.
mar shiombail de shaibhreas na cathrach as a symbol of the city's wealth
" **Íoróin**Bhí íoróin ag baint leis an ócáid a bheith ar siúl ansin mar tógadh an halla mór, galánta, nuachlasaiceach in 1854 mar shiombail de shaibhreas na cathrach le linn d’inimircigh bhochta Éireannacha a bheith ag fáil bháis sna slumaí cúpla céad slat ón ionad tógála.
An cuma leat a bheith i do shiombail do you mind your being a symbol
" **CMS An cuma leat a bheith i do shiombail de shaghas éigin ar son na teanga mar sin?** BD Is breá liom é! Thug mé faoin seó teilifíse chun an Ghaeilge a chur chun cinn (ní chun mé féin a chur chun cinn).
maidir le siombailí reiligiúnacha. regarding religious symbols.
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.
siombailí reiligiúnacha religious symbols
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.