Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionad siopadóireachta shopping centre
" Le déanaí d'oscail an comhlacht brainse nua san ionad siopadóireachta ar an taobh thiar de Ghaillimh.
sa scuaine siopadóireachta in the shopping queue
" Is ábhar cainte iad sa mbaile, san ionad oibre, ar an taobhlíne, sa scuaine siopadóireachta, sa teach ósta, ar an ngalfchúrsa, ar an traein agus áit ar bith a mbíonn daoine cruinnithe.
Bhíodh clú agus cáil ar Bhóthar na Seanchille ó thaobh siopadóireacht de the Shankill Road used to be famous for shopping
" Bhíodh clú agus cáil ar Bhóthar na Seanchille ó thaobh siopadóireacht de, agus tá roinnt mhaith siopaí beaga maithe ansin go fóill.
ollstórais siopadóireachta huge department stores
" Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell's na fuinneoga amach *"over my dead body"*! Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley's ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b'fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.
siopadóireacht ar líne online shopping
" Glactar leis anois ar bhonn domhanda gur trí na córais nua-theicneolaíochta seo a chuirfear ar fáil seirbhísí gutháin, seirbhísí teilifíse, an Gréasán Domhanda agus deiseanna oideachais baile, mar aon le siopadóireacht ar líne agus seirbhísí ón earnáil stáit.
ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna the Stephens Green Shopping Centre
" Is deacair a chreidiúint gur cúig bliana déag ó shin a dhein Dee taifeadadh leis an mbanna den chéad uair – stiúideo Bow Lane ar chúl ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna.
dul amach ag siopadóireacht. to go out shopping.
" Go deimhin, i ndiaidh na n-ionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, ba é teachtaireacht an uachtaráin go mba cheart don phobal dul amach ag siopadóireacht.
sna hionaid siopadóireachta in the shopping malls
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
ionad siopadóireachta shopping centre
" Ansin chuaigh muid isteach in ionad siopadóireachta a tógadh sa tréimhse chéanna.
ag siopadóireacht shopping
" Agus sin mar a tharla an mhí seo, agus mé amuigh maidin amháin ag siopadóireacht in Walton Vale, Learpholl.
sa tsiopadóireacht. in shopping
" *“Buying is much more American than thinking, and I’m as American as they come,”* a dúirt Warhol tráth agus é ag caint faoin dúil a bhí aige sa tsiopadóireacht.
liosta siopadóireachta shopping list
" Idir an dá linn, dúirt Jackie Healy Rae go raibh ainm an bhaile ar a liosta siopadóireachta agus é i mbun máirgáintíochta leis an Taoiseach nuair a bhí rialtas le bunú.
tralaí beag siopadóireachta a small shopping trolley
" D’fhiafraigh mé de 200 duine ar fud an domhain dá mbeadh cúig bhomaite dhéag acu chun tralaí beag siopadóireachta a líonadh leis an stuif is luachmhara leo go pearsanta agus iad ar tí gach rud eile nach mbeadh curtha ann a chailleadh, cad é a roghnóidís?" a dúirt sí.
ionaid siopadóireachta shopping units
" Ba léir go raibh borradh geilleagair faoi lán seoil: bhí ionaid siopadóireachta á n-oscailt sna cathracha, bhí carranna móra breátha i measc na seanrudaí caite, bhí traein faoi thalamh á tógáil i nDelhi.
n-ionad siopadóireachta shopping centres
" Tá sé sin ag athrú beagán anois, le teacht na n-ionad siopadóireachta móra, macasamhail Cúirt an Choirnéil i gCabán tSíle, nó Ionad Siopadóireachta Westside i nGaillimh.
ionad siopadóireachta a shopping centre
" Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an taobh eile den domhan, thart ar mheán lae, shiúil Tristan van der Vlis, Ollannach de 24 bliana d’aois, isteach in ionad siopadóireachta in Alphen aan den Rijn, cathair bheag i gcroílár na hOllainne.
Ionad siopadóireachta a shopping centre
" Ionad siopadóireachta sa Ghalltacht, chuala mé stócach ag rá lena ghirseach, mar bhí mé go díreach taobh thiar díobh, *“God, you don’t expect me to keep speaking Irish to ya all day, do ya?”* Tá an t-athrú tosaithe.
lárionad siopadóireachta fiorúil seo this virtual shopping centre
" An rud speisialta faoin lárionad siopadóireachta fiorúil seo ná go dtéann céadatán de gach idirbheart chuig do rogha cumann carthanachta, má tá siad páirteach ann.
Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta war in a shopping street
" Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta =============== Bhí cuma an-an-difriúil ar chúrsaí uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a chas an léirsiú le póilíní círéibe ar an Avenida Joana Angélica, sráid siopaí thart ar leathmhíle ón staidiam.
roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh doing a bit of shopping or saving
" Molaim roinnt siopadóireachta nó coigiltis a dhéanamh.
in ionad siopadóireachta in a shopping centre
" Tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí ar bhean a bhí ag caitheamh an hijab in ionad siopadóireachta i mBaile Québec go gairid tar éis don rialtas an chairt a chur os comhair an phobail.
ionaid siopadóireachta shopping centres
" com, i siopaí sealadacha in ionaid siopadóireachta, agus ó mhiondhíoltóirí mhóra is é an fiontar faiseanta seo na chéad choischéimeanna i ngnó don Fheirsteach.
tabhairt faoi shiopadóireacht láithreach immediate shopping
" Ní nach íonadh mar sin go bhfuil an gréasán ag triail bealaí gur féidir tabhairt faoi shiopadóireacht láithreach ón ngreasán féin.
fá choinne siopadóireacht ar líne for shopping online
" Aon Bhuille Amháin le Toradh Taighde Datalogix ======================== Ansin an tseachtain seo caite i gcomhtharlúint dochreidte d’fhógair Twitter agus Facebook céimeanna chun tosaigh fá choinne siopadóireacht ar líne.
gan aon ionad siopadóireachta without a shopping centre
" Níl sé Éasca ===== Cinnte, bhí sé deacair a bheith gan mo GHD, mo ghuthán póca, agus a bheith gan aon ionad siopadóireachta.