Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slán sábháilte safe and sound
" Sa deireadh d'éirigh linn an t-óstán a bhaint amach slán sábháilte, ach fanfaidh an lá sin go buan i mo chuimhne! An saol sóisialta ======= Tá saol sóisialta iontach i gCúba: má thaitníonn ceol Laidineach-Mheiriceánach leat, beidh am ar dóigh agat.
lena gcultúr a thabhairt slán to save their culture
" Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
slán safe
" Bhí sise ag obair i lár na cathrach agus dúirt sí go raibh Máire slán agus ag siúl aníos ina treo.
shlána safe
" Tá táirgí nua á dtairiscint ag beagnach gach institiúid airgeadais - idir chuntais "shlána" taisce agus chuntais infheistíochta meán-/ardriosca.
mhothaigh mé slán sábháilte I felt safe
" "Níl sé foirfe ach ar a laghad faoin riail dhíreach, mhothaigh mé slán sábháilte.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil we took the political situation for granted
" "Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil.
slán ó thinte safe from fires
" Tá daoine ag rá nach bhfuil aon ghnoithe ag an Astráil a bheith ag caitheamh $1 billiún (€550 milliún) ar an gcogaíocht nuair nach bhfuil dóthain áiseanna ar fáil leis an bpríomhchathair a choinneáil slán ó thinte mar a tharla coicís ó shin.
ár soraidh céad slán le Fine Gael our one hundred goodbyes to Fine Gael
" Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin.
teacht slán óna thuras féin to survive his own journey
" Ar a laghad, d'éirigh le Jerry McAuley teacht slán óna thuras féin as Éirinn go Nua-Eabhrac.
slán safe
" Anois, agus bliain úr buailte linn, is é an *Teflon Taoiseach *an t-aon duine den triúr a bhfuil a phost fós slán go dtí seo.
slán secure
" Pobal bríomhar léitheoireachta Gaeilge a bheith forbartha i ngach aois-aicme, go háirithe i measc daoine óga; earnáil bhíogach chuimsitheach foilsitheoireachta a bheith ann; todhchaí na léitheoireachta Gaeilge a bheith slán.
na slána the healthy
" Luíodar ar sheilfeanna i gcófraí - sraitheanna ginidí a gcailleadh a gcroíthe buille gach uair a d'osclaítí doras is a shíntí lámh isteach sraitheanna ginidí ar bís le héalú ó na fiala is seilbh a ghlacadh ar na slána.
aimsir Shláine the time for the Slane concerts
" Ní bheidh Altan ar bharr an liosta nuair a thiocfas aimsir Shláine nó *Oxygen*.
slán safe
" De réir cuid de na saineolaithe, beidh níos mó ama de dhíth (mar shampla go dtí 2015 nó 2020) díreach chun an teicneolaíocht a fhorbairt as a dtiocfaidh carranna hidrigine a bheas éifeachtach go leor, slán go leor, agus saor go leor freisin.
slán safe
" In ainneoin ceithre chluiche dhéag as a chéile a chailliúint, bhí beagán le ceiliúradh ar deireadh ag iománaithe Átha Cliath tar éis dóibh a stádas sa chéad roinn a choinneáil slán bliain eile.
slán safe
" An bhfuil an Léann Ceilteach slán in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad? “Is dóigh liom go bhfuil i Maigh Nuad.
slán safe
" Agus tá siad ina gcónaí ansin chun go mbeidh siad slán, in aice lena chéile, mar go mbíonn ciapadh ciníoch go dona in a lán áiteanna sa chathair, go mór mór i Huyton, an áit ar dúnmharaíodh Anthony Walker.
slán sábháilte safe and well
" Táim ag súil go bhfanfaidh mé féin agus gach duine sa bhaile slán sábháilte.
a tháinig slán who were uninjured
" Tá liosta de na trodaithe Éireannacha a tháinig slán as Cogadh Cathartha na Spáinne i leabhar Uí Ríordáin agus b’as Learpholl ceathair acu.
slán mar a n-instear é! God save us from the like of it!
" Idir an dá linn bhí grúpaí ar nós Blur, Oasis agus (slán mar a n-instear é!) The Spice Girls ina ndéithe beaga as a mbratach náisiúnta a phlástráil ar fud an bhaill.
slán safe
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
déantar talamh slán de i measc an aosa léinn. academics take it for granted.
" Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
slán ó na forbróirí. safe from the developers.
" Más ea, is mór an iarracht a rinneadh ceantar Jamestown féin a choinneáil slán ó na forbróirí.
gura slán an scéalaí! don't shot the messenger!
" “Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
nach bhfuil muid tagtha slán uaithi from which we have not been safely delivered
" Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal agus cuireadh tús le tréimhse áir nach bhfuil muid tagtha slán uaithi go fóill.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
agus is ar éigean a tháinig sí slán. she just about came out of it safely
" Chuaigh sí sa seans agus is ar éigean a tháinig sí slán.
áit ar shíl sí go mbeadh sí slán. a place where she thought that she would be safe
" Ghlaoigh an dochtúir ar Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe agus chaith Barbara trí seachtaine ansin, áit ar shíl sí go mbeadh sí slán.
teacht slán as an mbaol come safely out of the danger
" In ainneoin nach raibh go leor cumhachta sna hinnill leis an eitleán a thabhairt chomh fada leis an rúidbhealach, d’éirigh leis na píolótaí teacht slán as an mbaol – éacht suntasach a bhfuil British Airways an-bhródúil as.
fhág muid slán ag a chéile don oíche. we said goodbye to each other for the night
" Nuair a bhain muid Marbella amach, tháinig Barry chomh fada leis an óstán liom, agus ansin d’fhág muid slán ag a chéile don oíche.
slán safe
" Ach tá *Lá Nua* slán arís, a bhuíochas sin le scairshealbhóirí atá ag dul i bpáirt le Grúpa Meán Bhéal Feirste le tuilleadh airgid a chur ar fáil don tionscadal tábhachtach seo; tionscadal atá ceannródaíoch de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad that he will manage to come through this whole predicament
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
go bhfuil an comhshaol slán that the environment is safe
" Ó aire comhshaoil a chreideann go bhfuil an comhshaol slán go haire cultúir atá in éadan an chultúir! Tá Edwin díbeartha anois as an Fheidhmeannas agus Gregory Campbell tagtha ina áit.
slán sábháilte safe and sound
" Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.
slán feasta shall survive from now on
" Casfaidh siad ceol ina dtithe féin agus sílim go mbeidh an ceol slán feasta.
slán safe, all in one piece
" Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála.
thabhairt slán to salvage
" An chéad jab a bhí an Brian Ó Lionnacháin inniu ná Cainfhaisnéis Éigeandála Aibreán 2009 a thabhairt slán.
dtiocfaimid slán we shall come in one piece/safely
" Caithfear a bheith dearfach go dtiocfaimid slán as an phrácás seo, d’ainneoin na ndeachrachtaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire.
Déanaimid talamh slán de we take it for granted
" Déanaimid talamh slán de go mbíonn corbadh agus caimiléireacht ar siúl i réimse na polaitíochta.
slán a fhágáil leo to bid them adieu
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
teacht slán to survive
" An bhfuil seans ar bith go n-éireoidh leo teacht isteach ar an saol nua seo agus go bhfaighidh siad bealach nua gnó a chuirfeadh ar a gcumas leanacht ar aghaidh ag fiosrú agus ag tuairisciú? Beidh sé iontach deacair acu teacht slán.
is féidir talamh slán a dhéanamh de you can bet on it
" Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
D'fhágas slán ag I said goodbye
" D'fhágas slán ag na leads - bhíos ag taisteal go Londain le bualadh le mo bhean.
slán safe
" Tá sé ráite i mbrollach Thuarascáil An Bord Snip Nua nár tháinig na forais trasteorainn faoina scáth, rud a d’fhág gur tháinig Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, go leor de na heagrais dheonacha slán ó chorrán géar an speallaire.
slán alive
" org/stream/bethacolaimchill00odonn#page/504/mode/2up) agus tá tagairtí dó i gcodanna eile den litríocht, ‘Genemain Áeda sláne’ i Lebor na hUidre, agus den naomhsheanchas chomh maith.
slán ok, given
" Bhí na ceisteanna seo slán daingean ón tús.
talamh slán a dhéanamh de to be assured
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
slán safe
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
slán all in one piece
" Tá Balor slán sábháilte sa bhaile arís agus soiprithe ina phluais cháidheach i ndiaidh dó éalú ó mhná allta na Stát Aontaithe.
slán in one piece
" org/wiki/War_of_the_Triple_Alliance) Teacht Aniar, Dul ar gCúl In ainneoin an bhuille a bhuail Cogadh an Chomhaontais Triaraigh ar Phobal Chambacuá, théarnaigh siad slán agus cuireadh siúl faoi chúrsaí talmhaíochta arís, rud a bhí ciallmhar agus margadh mór Asunción chomh gar sin.
shláine críche territorial integrity
" html) Fórsaí Míleata na hIndinéise sa Tíomór Thoir Cé gur thuig na húdaráis abhus go ríléir cad a bhí ag tarlú ann, bhí beartas eachtrach dépháirteach ag gach rialtas Astrálach sa tréimhse sin a thug tacú do shláine críche na hIndinéise, beag beann ar mhianta na muintire sa Tíomór Thoir.
slán a fhágaint to say goodbye
" Tháinig fear na Feothanaí amach chun an dorais le slán a fhágaint liom.
slán leis goodbye
" D'fhágas slán leis na róin agus leis na turasóirí agus thugas aghaidh ar an droichead, ceithre mhíle siar uaim, crochta i mbrat scamaill, ainneoin teas an lae.
talamh slán a dhéanamh rest assured
" Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
Slán all in one piece
" Jobs, Mac na hOibre Slán! Dúirt Jobs gur chuir an ráiteas thuas sa *New York Times*, faoi dhá leic Mhaois anuas den sliabh, meangadh ar a bhéal.
ndéanann muid talamh slán de we take it for granted
" Tá an obair seo chomh mór de dhlúth agus d’inneach shaol na tíre go ndéanann muid talamh slán de.
talamh slán a dhéanamh be assured
" Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
talamh slán a dhéanamh de take for definite
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, gur mó de chonspóid ná de dhul chun cinn a bheidh de thoradh an dlí seo.
talamh slán a sure thing, rest assured
" Ós rud é gurbh fhiú breis is 443 billiún dollar na seoltáin a cuireadh abhaile i 2008, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cúlú geilleagair domhanda dulta i gcion ar imircigh timpeall na cruinne agus ar an méid airgid a thugann siad dá dteaghlaigh.
is féidir talamh slán you can rest assured
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
slán aibí mature and entire
" Creidim gur i láthair cheardaí oilte sa mbroinn atáimid, tagtha slán aibí ar an saol.
slán a fhágáil to leave
" Mhínigh Anna dom le déanaí an dúspéis atá aici i gcultúr is i dteanga dhúchais na hÉireann, agus an chúis atá aici le slán a fhágáil againn in ainneoin a bhfuil bainte amach aici in Éirinn.
talamh slán a dhéanamh de to accept
" Ach fiú má ghlacfar leis, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcloisfear trácht ar leithéidí Rita agus an dúshaothrú a imrítear orthu go ceann tamaill mhaith eile.
na cosa a thabhairt slán to survive
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
tháinig sé slán as he survived
" Ach tháinig sé slán as an gcogadh, agus mhaíodh sé gurbh é an féinoideachas a bhí riachtanach ag an am a chuir ar a chumas aige smaointe neamhghnácha a cheapadh ina shaol acadúil.
slán as alive out of
" Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.
Slán survives
" COGG Slán ====== Beidh lúcháir ar go leor cainteoirí Gaeilge go bhfuil todhchaí ceann de na heagraíochtaí is fórásaí a bhaineann leis an teanga buanaithe sa Straitéis.
tseanbhean teacht slán the old lady survived
" D’éirigh leis an tseanbhean teacht slán, dar leis na seirbhísí éigeandála, toisc go raibh teacht aici ar uisce.
d’fhág sé slán he said goodbye
" Is é is ábhar don leabhar ná tuairisc Uí Sheancháin ina chuid focal féin ar a sheal mar iománaí ó bhí sé ina ghasúr go dtí an lá a d’fhág sé slán lena chomrádaithe ar fhoireann sinsir Phort Láirge.
slán sábháilte home and dry
" Tá sé soiléir chomh maith agus dúirt ana-chuid daoine liom é ó shin, gur cheapadar go rabhas slán sábháilte cheana féin, agus gur thugadar vóta, b’fhéidir, do dhuine éigin eile a cheapadar a bheith sa fhreasúra nó ar an eite chlé chomh maith.
ag déanamh talamh slán de taking it for granted
" Tuirlingíonn Eorpaigh isteach in aerfoirt Mheiriceá gach lá ag déanamh talamh slán de go mbeidh traenacha agus busanna poiblí ag fanacht leo chun iad a thabhairt timpeall na tíre chomh tapaidh agus chomh saor le córais iompair na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá.
slán passed, survived
" Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria.
slán a fhágáil to say goodbye
" Ar an 19 Meán Fómhair 1796, foilsíodh “aitheasc chun slán a fhágáil” de chuid Washington, inar thug sé rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” do thír ar bith eile.
Tháinig sé slán as he survived
" Tháinig sé slán as gach cor agus lúb.
talamh slán a dhéanamh de be certain, be assured
" In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de you can rest assured
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
slán safe
" Ach bíonn na dromanna slán ó mhaidhmeanna sneachta de ghnáth agus mar sin chuaigh mé féin, Chris, Alan agus Andy go dtí Am Mónadh Ruadh le Fiacaill Coire an t-Sneachda a dhreapadh Dé Céadaoin.
chun slán a fhágáil leis to say goodbye
" D’fhág an bheirt acu litir ina ndiaidh chun slán a fhágáil leis an saol, ach níor mhínigh ceachtar acu fáth ar bith leis an ár a bhí beartaithe acu.
choimeád slán preserve
" Dúirt sé leis na baill go gcaithfidís obair go dian chun na luachanna sin a chosaint agus a chumhdach más é go dteastaíonn uathu bonn an CLG a choimeád slán.
Ná déan talamh slán don’t take for granted
" Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin! - Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo; - Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach; - Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
hiad a choinneáil slán keep them safe
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
Mo shoraidh céad slán leo my fine adieu to them
"Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
slán safe
" Tá an khat chomh luachmhar go mbíonn túr beag cosanta taobh leis an chuid is mó de na garrantaí, garda ina shuí ann lá agus oíche le raidhfil ag coinneáil an fhómhair slán ó lucht bradaíola.
thabhairt slán bring safely through
" ” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?** DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír.
tháinig sé slán as he survived
" ’* B’é sin cur chuige Uí Fhaoláin nuair a tháinig sé slán as scoileanna barbartha Chathair Chorcaí, rud dár chuir sé in iúl don domhan mór sa Great O’Neill, ach go háirithe leis an íomhá iontasach sin a rinne comparáid idir an saol agus *‘a moted sunbeam dancing heavenwards and those specks were the richer for being attracted by the Sun, helplessly.
teacht slán as to survive
" Ar an Ármhá ===== Tagann an cogadh míthrócaireach i 1914 agus níl fágtha ag Stephen ón lá sin ach cuimhní cinn d’Isabelle, cuimhní cinn a thugann misneach dó a dhícheall a dhéanamh teacht slán as an rúscadh fuilteach.
thig talamh slán a dhéanamh you can rest assured
" Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.
cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de although one can’t take for granted
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
slán, sábháilte save
" Ach is mian le gach duine acu go mbeadh siad ina gcónaí i gceantar atá slán, sábháilte agus measann siad nach féidir sin a dhéanamh i limistéar ina bhfuil cuid mhór daoine den treabh eile agus anuas ar sin, tá fadhbanna ar leith i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Slán go Deo goodbye for ever
" 'Slán go Deo le Peig na nDeor,' an teideal a chur Uinsionn ar an alt.
tháinig slán survived
" Is iontach go deo an taisce a tháinig slán agus atá faoi bhláth in Éirinn faoi láthair.
mhothaigh muid slán we felt safe
" Crosleac Reachlainne =========== Roghnaigh Ó hOireachtaigh lá socair, ciúin don turas seo mar sin agus mhothaigh muid slán faoi chúram na mbádóirí áitiúla, Síol gColla nó clann Mhic Uidhir.
thiocfaidh slán shall survive
" Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán.
tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais have said goodbye to their native land
" In ainneoin an chúlaithe dhomhanda, tá geilleagar na Polainne níos fearr as ná mar atá formhór na mballstát AE eile agus ó chuaigh an Pholainn isteach sa AE i 2004 tá na céadta míle Polannach tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais.
níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de one couldn’t be certain
" Mar sin, in ainneoin gurbh í Katie Nic an Táilliúra an dornálaí ban ab fhearr ar domhan dar le cách, níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de gur aici a bheadh an bua sna cluichí Oilimpeacha.
go bpille tú slán follán may you return all in one piece
" **SMM: Go raibh míle maith a Bhen is go dté tú slán chun na dtíortha agus chun na dteangacha eile atá amach romhat agus go bpille tú slán follán go hÉirinn nuair is mian leat.
bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as people who survived had particular difficulties
" Tá sárobair déanta ag an HFSG ar son mhuintir na marbh, ach bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as agus sin an fáth go bhfuil an HJC ann.
D’fhág mé slán agus beannacht acu I took my leave of them
" D’fhág mé slán agus beannacht acu agus thaispeáin siad an bhealach dom, an líne dhíreach a bheadh orm a leanacht.
mbeadh sí slán sábháilte she’d be perfectly safe
" Ionsaíodh í ar shráid in aice le lár na cathrach, áit ar mheas muintir Melbourne go mbeadh sí slán sábháilte.