Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Aire Slándála Security Minister
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
slándála security
" Bhíodh air seaicéad cosanta a chaitheamh agus é ag fágáil na hoibre le dul chuig cruinnithe i Halla na Cathrach agus is minic a thiománadh comhghleacaí dá chuid sa nuachtán chuig geata de chuid an halla é (ceann difriúil gach uair, ar chúiseanna slándála).
gcóras slándála security system
" Neartaigh go mór ar an gcóras slándála i rith an ama sin.
an tslándáil náisiúnta national security
" Tá seo ar fad á dhéanamh ar mhaithe leis "an tslándáil náisiúnta".
Stiúrthóir na Slándála Baile Homeland Security Director
" Trialacha rúnda ======= Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
foláirimh éideimhne shlándála vague security alerts
" Nuair a eisíonn sé foláirimh éideimhne shlándála agus gan eolas cinnte iontu faoi chontúirt faoi leith, ní dhéanann sé sin ach cur le paranóia daoine seachas iad a chur ag smaoineamh go bhfuil siad níos sábháilte.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
snáithe slándála security thread
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
slándáil security
" Cuntas taisce nó cuntas infheistíochta? ======= Agus an-chuid táirgí ar fáil, cén cuntas is fearr duitse, cuntas taisce nó cuntas infheistíochta? Braitheann an cinneadh seo ar an dearcadh atá agat ar riosca agus slándáil.
fórsaí slándála security forces
" I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide.
foinsí slándála security sources
" Deir foinsí slándála go bhfuil na mílte ógánach ag dul isteach sna paramílitigh dhílseacha, go háirithe an UDA.
foinsí slándála security sources
"foinsí slándála ag rá go bhfuil an LVF, atá gníomhach i dtuaisceart na cathrach, ag treisiú i rith an ama agus tá caint ann go bhfuil na léirsithe le toiseacht in athuair.
chaighdeán slándála security standard
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
fórsaí slándála security forces
" Scaoileadh duine eile san aghaidh agus tá tuilledh dúnmharithe le theacht, dar leis na fórsaí slándála.
in amhras faoi shlándáil in doubt about security
" Ach an féidir brath ar an eolas sin? Agus conas is féidir inchreidteacht suímh a mheas? Tuairiscíonn an comhlacht Amárach Consulting go bhfuil daoine in Éirinn fós go mór in amhras faoi shlándáil ar an idirlíon - ábhar atá ag brath go mór ar mhuinín agus ar inchreidteacht.
chúrsaí slándála security matters
" Mar gheall ar chúrsaí slándála dúirt sé nach bhféadfadh sé a rá cé mhéad acu a bhain le tír ar leith.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe The United Nations Security Council
" Tá an tuairim ann freisin go mbaineann an seasamh faoi láthair le hainmniúchán na tíre seo ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
meamram slándála security memorandum
" I meamram slándála a ullmhaíodh do Rialtas na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 1971, deirtear go bhfuil an teorainn iomlán oscailte agus, dá réir, nach bhfuil ar a gcumas srian a chur le feachtas an IRA.
i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in the United Nations Security Council
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe the United Security Council
" Íorónta go leor, rinneadh iarracht taipéis a léirigh macasamhail "Guernica", saothar cumhachtach Pablo Picasso, a chur i bhfolach in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar na mallaibh nuair a bhí toscaire an Tí Bháin, Colin Powell, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe United Nations Security Council
" Níor tugadh aon suntas do na tuairimí ó na céadta dlíodóir san Astráil agus i gcéin a bhfuil taithí acu ar dhlí idirnáisiúnta a dúirt a mhalairt ar fad - go mbeadh an t-ionsaí mídhleathach mura mbeadh vóta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) ag tacú leis.
tslándáil security
" Cé gur cosúil go mbeadh sé deacair suíomh na bhfón a aimsiú le gléasra ar an talamh, tá an chuma ar an scéal nach raibh muinín ag na Meiriceánaigh as an tslándáil ag ceanncheathrú an chórais, atá lonnaithe in Abu Dhabi.
polasaí slándála security policy
" Ó Thriail na nArm ar aghaidh, stop a chur le fás aon ghluaiseachta polaitiúla poblachtánaí ba bhonn, dar liom, go príomha le polasaí slándála an stáit seo.
slándáil security
" 5 milliún ar phóilíneacht agus slándáil ar na "línte síochána", agus mar sin de.
fadhb shlándála security problem
" Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.
cúrsaí slándála security matters
" Is léir ó cháipéis eile de chuid MI5 ar a dtugtar "Telegram to Washington" go raibh amhras ar cheannasaí rannóg na nGardaí a phléann le cúrsaí coireachta agus le cúrsaí slándála an stáit seo, An tArd-Cheannfort Bleachtaireachta Dermot Jennings, faoi Rupert.
na fórsaí slándála the security forces
" Sa pháipéar liobrálach *The Guardian*, mar shampla, bhí an scéal ar an phríomhleathanach agus bhí dhá leathanach iomlána eile ann, lán le gach sórt líomhaintí a fuair na hiriseoirí Rosie Cowan agus Nick Hopkins ó na fórsaí slándála.
Rúnaí na Slándála Inmheánaí Secretary of Homeland Security
" D'iarr Rúnaí na Slándála Inmheánaí Tom Ridge go gcuirfí tús le scéim éigin chun stádas dleathach a thabhairt do na milliúin duine atá ag obair i Meiriceá agus ag cuidiú leis an gheilleagar, ach atá ansin go mídhleathach.
slándáil náisiúnta national security
" Ach mar a dúirt Bush féin níos moille, caithfidh an rialtas feidearálach slí éigin a fháil chun inimircigh mhídhleathacha a chlárú, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil náisiúnta go háirithe.
slándála security
" Ní gá a bheith i do shaineolaí ar an bpróiseas toghchánaíochta chun a thuiscint go bhfuil fadhbanna móra slándála ag baint le daoine eile a bheith ag caitheamh vótaí thar do cheann.
slándáil security
" Nuair a ceistíodh an Taoiseach maidir leis seo, dúirt sé gurb é an difríocht idir rialtas Stormont agus rialtas na hÉireann ná nach raibh rialtas Stormont freagrach as arm náisiúnta ná slándáil an stáit.
slándáil an láithreáin the security of the site
" "Cé tá freagrach as slándáil an láithreáin?" a d'fhiafraigh an conraitheoir.
shlándáil náisiúnta national security
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
ghéarchéim shlándála security crisis
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
cúrsaí slándála security matters
"cúrsaí slándála anois faoi chúram fhórsaí míleata agus phóilíní na tíre.
an chéim thábhachtach slándála sin that important security step
" Ach tá a fhios againn go léir nach dtarlaíonn an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí.
Dhreap cuid de na daoine thar an sconsa slándála some of the people climbed over the security fence
" Dhreap cuid de na daoine thar an sconsa slándála a bhí thart ar an pháirc agus rinne na póilíní iarracht iad a ghabháil! Rith siad isteach ar an pháirc chun an cluiche a stopadh, rud a tharla faoi dheireadh mar gur thug na póilíní faoi deara go raibh fadhb ann.
slándáil na cruinne global security
" Ach ba mhaith liom anois díriú isteach gan mhoill ar an ghad is giorra don scornach: Cad é an chéad tír eile a rachaidh fórsaí míleata SAM isteach ann ar mhaithe le slándáil na cruinne? Mac Sceiche: Tomhais cad é atá ansin, a Bhaloir.
na fórsaí slándála the security forces
" Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d'fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála.
slándáil security
" Thaitin sé leo deis a bheith acu labhairt le gníomhaire taistil a bhí in ann comhairle a thabhairt dóibh faoina dturas, agus ní raibh muinín acu i slándáil cúrsaí tráchtála ar an idirlíon.
phróiseas slándála speisialta a special security process
" Is gá ríomhairí glúine a chur trí phróiseas slándála speisialta san aerfort, agus cinntítear nach bhfuil aon rud faoi cheilt laistigh de ghutháin shoghluaiste le scanóirí x-ghathacha.
slándáil security
" Is léir go bhfuil gnéithe den pholaitíocht "ar an talamh" - sláinte, cultúr, an tslándáil féin - ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda.
ceamaraí slándála security cameras
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
fórsaí slándála na Breataine the British security forces
" Ach tá go leor amhrais ann ó shin go raibh claonpháirteachas i gceist le fórsaí slándála na Breataine.
i gcúrsaí slándála in security matters
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
ar chúrsaí slándála on security
" Meastar gur chaith an Bhreatain £4,150 milliún ar chúrsaí slándála idir 1969 agus 1982.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
Choiste Faisnéise agus Slándála the Intelligence and Security Committee
" Is beag aird a tugadh ar cheapadh an Uasail Murphy mar Chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine.
chúrsaí slándála security matters
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
lucht slándála security people
" Bíonn gá le lucht slándála agus maoirseachta freisin agus is gá iad a íoc.
lucht slándála agus maoirseachta security people and stewards
" Bíonn gá le lucht slándála agus maoirseachta freisin agus is gá iad a íoc.
i gcúrsaí slándála in security matters
" Ach, faraor, níl an infheistíocht chéanna déanta i gcúrsaí slándála acu agus go minic fágtar an doras ar oscailt d’aon duine atá ag iarraidh briseadh isteach ar an ngréasán úd agus úsáid a bhaint as an gceangal idirlín iad féin.
bhogás na foirne slándála the complacency of the security staff
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
oibríochtaí slándála security operations
" Bhí na hoibríochtaí slándála rórúnda dá leithéid, a dúirt an Teach Bán.
shlándáil security
" Mhaígh an tAire ag an am go raibh láncheart aige an comhad seo a sceitheadh mar gur mheas sé gur bagairt do shlándáil an Stáit a bhí i gceist.
geata slándála security gate
" Chuaigh mé tríd an bhrathadóir miotail, geata slándála agus mar sin de agus d’fhan mé go foighdeach sa seomra feithimh leis na cuairteoirí eile, mná agus páistí a bhformhór, ag fanacht go scairtfeadh an bairdéir m’ainm.
seirbhísí slándála security forces
" Thabharfadh seo le fios go raibh lámh ag baill de na seirbhísí slándála i marú an Uasail Fullerton.
córas slándála an-dian very strict security system
" Córas slándála ======= Ar eagla go dtarlódh ionsaí sceimhlitheoireachta, bhí córas slándála an-dian i bhfeidhm agus b'éigean dúinn banda riosta a chaitheamh i gcónaí.
sular cuireadh fios ar fhear slándála before a security man was summoned
" Deirtear go raibh comhrá calma deich nóiméad acu sular cuireadh fios ar fhear slándála.
an tslándáil a chur i bhfeidhm to ensure security
" De réir na poiblíochta oifigiúla, tá dhá phríomhaidhm ag baint leis an mhisean, mar atá, infrastruchtúr an limistéir a atógáil agus an tslándáil a chur i bhfeidhm.
na fórsaí slándála the security forces
" “Ní raibh aon chaidreamh cairdiúil idir na fórsaí slándála anseo agus gnáthphobal Chathair Dhoire.
oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála to create as much accountability as possible in security matters
" Ach dúirt an tUasal Rea go raibh an Bord ag iarraidh oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála agus “gurbh fhearrde an scéal dá mbeadh Sinn Féin ar bord le cuidiú leis an phróiseas sin.
príosúin íos-slándála minimum-security prisons
" Ar thaobh amháin den scála tá príosúin íos-slándála mar an ceann in Alderson, West Virginia, inár cuireadh Martha Stewart, an phearsantacht teilifíse, as a comhcheilg i gcúrsaí stocmhargaidh (“Camp Cupcake” a thugtar air go neamhoifigiúil).
mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic. because the security cameras were turned off during his time in the barracks.
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
na gardaí slándála the security guards
" Tháinig an t-athrú meoin seo de bharr fístéipe a tógadh ar phictiúrfón agus a léirigh go raibh na gardaí slándála ag fonóid faoi Saddam agus á náiriú bomaití beaga sular crochadh é.
polasaí slándála agus eachtracha security and foreign policy
" Ceapfar ard-ionadaí, a bheas freagrach as polasaí slándála agus eachtracha a bheachtú.
práinn slándála security alert
" Ar ndóigh, fógraíodh práinn slándála sa chathair agus an bhreith á tabhairt (níor ciontaíodh iad).
saineolaí slándála security expert
" “*India should have reasons to be concerned over the Dalai Lama's hobnobbing with the pan-Islamic elements in Xinjiang,”* a scríobh an saineolaí slándála B Raman i dtuarascáil de chuid Rialtas na hIndia sa bhliain 2002.
fórsaí slándála na Breataine the British security forces
" Thuig fórsaí slándála na Breataine agus an IRA araon nach dtiocfadh leo buille marfach a thabhairt dá chéile agus d’fhóir an idirbheartaíocht do gach taobh.
chúrsaí slándála security matters
" Beidh coinneáil fós i gceist i gcás na ndaoine a bhfuil na húdaráis in amhras fúthu - má bhíonn aon amhras faoi shláinte teifigh áirithe nó faoi chúrsaí slándála, cuir i gcás.
ar bhonn slándála on the basis of
" Ní féidir le Meiriceá an bac ar thrádáil le Cúba a chosaint ar bhonn slándála a thuilleadh.
slándála security
" Nuair a d’inis Condoleezza Rice, comhairleoir slándála náisiúnta Bush, don Choimisiún nach raibh coinne ar bith ag an rialtas go mbainfí leas as eitleáin mar a rinne na fuadaitheoirí, thug Edmonds “*an outrageous lie*” air, agus b’éigean do Rice a admháil go raibh a leithéid d’eolas acu.
slándáil security
" D'fhoilsigh an rialtas staidéar eile i mí Feabhra na bliana seo, ina scrúdaítear slándáil sholáthar na hola féin.
slándála security
" Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála.
slándáil is flaitheas security and sovereignty
" Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.
ar mhaithe le slándáil for the sake of security
" B'shin "ní shárófar an dlí as seo amach ar mhaithe le slándáil.
líon slándála safety net
" Tá an ceap ocht méadar ar airde agus beidh líon slándála thíos faoi ar mhaithe le sábhailteacht a chinntiú agus a dhéanann ráiteas, de réir Gormley ar leochaileacht an duine agus iad leo féin, nochtaithe ar bharr an chip.
slándála security
" Mheas sí go misneodh sé na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas dá gcuid féin, ach chreid sí gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.
Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta National Security Agency
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
slándála security
" ” Mar a tharla, cuireadh fios ar Pelosi mar gheall ar an gcomhrá idir Harman agus an gníomhaire Iosraelach, agus ní bhfuair Harman an post tábhachtach ó thaobh slándála de.
lucht slándála security personnel
" D’oibrigh sé mhilliún oifigeach agus lucht slándála air agus baineadh úsáid as milliún go leith inneall aibhléise vótála lena chur i gcrích.
slándála security
" B'ionann sin agus ball de na fórsaí slándála do gach 40 sibhialtach).
slándála security
" Níor leasc le fórsaí slándála na tíre forneart a úsáid chun daoine a chur óna dtithe.
Chomhairle Shlándála Health Council
" B’éigean do Chomhairle Shlándála de chuid na Náisiún Aontaithe misean tacaíochta a chur chun an oileáin.
slándáil dúiche national security
" ’” Agus ag cabhrú le hIosrael leas a bhaint as an “acmhainn” seo, bhí “slándáil dúiche” á chur chun cinn ag leithéidí Chertoff, Lieberman, Schumer agus Specter sna Stáit Aontaithe.
slándála security
" Díreach i ndiaidh na heachtra aistí ar Eitilt Northwest 253 lá Nollag, bhí Michael Chertoff ar fud na meán ag cur scanóirí coirp chun cinn mar an réiteach is fearr ar fhadhbanna slándála aerthaistil SAM.
slándála security
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
slándála security
" An Réiteach Míliteach ======== Cé gur cuireadh Arm na Breataine go Béal Feirste i 1969 le cosaint a thabhairt do na náisiúnaithe a bhí faoi ionsaí ó na ‘fórsaí slándála’, níor thóg sé i bhfad ar Rialtas Westminister, fórsaí an airm a iompó in aghaidh na náisiúntóirí.
Slándála Dúiche homeland security
" 1534 isteach, bille a bhunaigh Roinn Slándála Dúiche.
lucht slándála security
" Go deimhin, ’sé Adams féin a mhol go bhfaighfeadh sé peata agus cé gur thairg sé ceann a fháil dó, bhí imní ar lucht slándála go mbeadh gairis chúléisteachta ina lapa! Nuair a b’éigean do Mhandelson éirí as a chúram, ghlaoigh Adams le comhbhrón a dhéanamh leis.
seirbhísí slándála security services
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
slándáil security
" Cuireann Pollak i leith Schakowsky go bhfuil sí “bog” maidir le slándáil Iosrael.
slándáil fuinnimh energy security
" Tá coiste faoi leith sa Dáil a bhfuil sé mar dhualgas air ceisteanna faoin athrú aeráide a chíoradh, agus d'fhoilsigh an coiste a bhille féin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh maidir le hathrú aeráide agus slándáil fuinnimh.
fir shlándála security men
" Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
bhfórsaí slándála security forces
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
slándála security
" Tá Moisés ag fanacht liom ag an mbac bóthair ag a n-oibríonn sé mar gharda príobháideach slándála.
an bille nua slándála emergency powers bill
" Ré an Amhrais ======== Ní raibh baill den chomhrialtas idir Fhine Gael agus an Pháirtí Lucht Oibre chomh cinnte céanna áfach, óir cheapadar go raibh Ó Dálaigh róbháúil le poblachtánaigh agus nuair a chur sé an bille nua slándála, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, mhéadaigh ar an amhras acu.
garda slándála security guard
" Nuair a rinne garda slándála an tsiopa, Mark Mac Phail, iarracht an léasadh a stad, ardaíodh an gunna, agus lámhachadh Mac Phail faoi dhó, uair amháin san aghaidh, agus uair eile tríd an gcroí.
slándála security
" 
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.