Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh.
Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
"Níl ann ach comhartha" thig leat a rá, mar is fíorbheagán an méid Albannach le Gaeilge, go mór mór in aice leis an teorainn, ach do shléibhteoirí is comhartha maith é mar sna Garbhchríocha tá beagnach gach logainm i nGaeilge, cuid mhaith acu ag cur síos ar an tírdhreach - rud atá iontach feidhmiúil má bhíonn tú ag lorg, cuirim i gcás, Cnoc Fada.