Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slí bheatha career
" Bhí dream óg fuinniúil i mbun oibre ann agus é mar bhrionglóid ag go leor acu slí bheatha a bhaint amach sna meáin chumarsáide.
shlí bheatha livelihood
" Ó thaobh na feirmeoireachta de, tá titim ana-mhór i líon na ndaoine atá ag brath ar an dtalamh mar shlí bheatha agus tá tamall ann ó bhí an fheirmeoireacht ag cur aráin i mbéalaibh gach n-aon dár n-áitreabhaigh.
slí bheatha a bhaint amach to make a living
" AÓF: Cathain a thosaigh tú ag seinm na cláirsí go proifisiúnta? An bhfuil sé éasca slí bheatha a bhaint amach sa cheol agus ar an gcláirseach amháin? CDeB: Thosaíos i 1990.
slí bheatha livelihood
" Tá sin tábhachtach dúinn mar chuireamar a lán oibre agus airgid isteach ann agus táimid ag iarraidh slí bheatha a dhéanamh as an mbanna.
slí bheatha livelihood
" AÓF: An féidir slí bheatha a dhéanamh as an gceol Gaelach i Chicago? SR: Is féidir.
mar shlí bheatha as a career
" Sa chomhthéacs seo is éasca a thuiscint cén fáth nach raibh daoine óga ag roghnú ghairm an iascaire mar shlí bheatha.
slí bheatha career
" Sa deireadh b'éigean do Emerson a phost a fhágáil agus slí bheatha mar scríbhneoir a thriail.
mar shlí bheatha as a career
" "Bhí an dá cheol *compatible*, chroith siad lámha áit éigin i mo chloigeann, ach níor thoisigh mé a smaoineamh ar an cheol mar shlí bheatha go dtí go raibh mé in Ollscoil na Ríona.
mar shlí bheatha as a career
" Ach leis an fhírinne a rá, tá dúil mhór againn a bheith ag seinm ceoil mar shlí bheatha.
In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha despite how busy he was in his career
" " In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit.
slí bheatha career
" AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? An bhfuil tú in ann an saol a shamhlú gan an ceol? SJW: Ní éirím! Níl mé in ann an saol a shamhlú gan an ceol! AÓF: Dhá mbeadh do shaol le caitheamh agat arís agus rogha agat teacht ar ais mar a theastaigh uait, an dtiocfá ar ais mar cheoltóir arís nó an bhfuil aon ealaín nó slí bheatha eile ba mhaith leat a thriail? SJW: Theastaigh uaim i gcónaí a bheith i mo thréidlia, mar is maith liom ainmhithe, ach chun an fhírinne a rá, tá mé breá sásta mar atá mé.
slí bheatha livelihood
" D'fhiafraigh mé de an raibh sé i gceist aige slí bheatha a bhaint amach ar shlí nua agus is é an freagra a fuair mé ná go raibh sé ag obair ar "an dara singil deacair"! Aindiachaí ======= Ag druidim le deireadh ár gcuid ama le chéile, cuirim ceist ar McCann an bhfuil aon cheist nach gcuirtear air de ghnáth le linn agallaimh a ba bhreá leis a fhreagairt.
le slí bheatha a bhaint amach to make a living
" Tá cuid de na daoine ag iontú ar an turasóireacht go páirtaimseartha nó go lánaimseartha le slí bheatha a bhaint amach.
le slí bheatha a bhaint amach to have a career
" “Cheapas ag an am go mbeadh orm dul thar lear le slí bheatha a bhaint amach.
tslí bheatha career
" ” Bhí an-suim ag Seán riamh anall sa mhúinteoireacht ach, mar gheall ar chúrsaí airgid, níor éirigh leis dul leis an tslí bheatha sin.
slí bheatha career
" Níorbh í an chraoltóireacht an chéad réimse a roghnaigh sí chun slí bheatha a bhaint amach ann, áfach.
slí bheatha mhaith a good living
" B’fhearr leo fanacht in Éirinn agus slí bheatha mhaith a bhaint amach sa tír seo, slí bheatha spóirt dá bhféadfaí.
agus mo shlí bheatha a chur i mbaol and to endanger my livelihood
" “Ní dhearna mé dochar ar bith dóibh ach rinne siadsan iarracht dochar a dhéanamh domsa agus mo shlí bheatha a chur i mbaol.
slí bheatha career
" Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó.
slí bheatha lánaimseartha full-time living
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ba mhaith liom go mór go mbeadh gach Éireannach bródúil as an Ghaeilge agus ábalta úsáid agus taitneamh a bhaint aisti agus go mbeadh níos mó scríbhneoirí in ann slí bheatha lánaimseartha a bhaint amach sa Ghaeilge.
slí bheatha lánaimseartha full-time living
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ba mhaith liom go mór go mbeadh gach Éireannach bródúil as an Ghaeilge agus ábalta úsáid agus taitneamh a bhaint aisti agus go mbeadh níos mó scríbhneoirí in ann slí bheatha lánaimseartha a bhaint amach sa Ghaeilge.
slí bheatha a bhaint amach to make a living
" Fuair mé tacaíocht ó mo thuismitheoirí – ainneoin go raibh m’athair buartha go mbeadh sé an-dian slí bheatha a bhaint amach dom féin sa phéintéireacht.
slí bheatha rathúil a successful career
" ” Is iomaí duine nach n-éiríonn leis dhá thrá a fhreastal ach dealraíonn sé gur bean í Justine McCarthy a bhfuil éirithe léi slí bheatha rathúil a bhaint amach gan neamart a dhéanamh ina saol pearsanta ná sna daoine atá tábhachtach di.
slí bheatha living
" Dúirt sé riamh gur beag píobaire a rinne slí bheatha as an gceol – ba eisean ceann acu.
slí bheatha den chineál céanna a similar career
" Tá a dheartháir Eli ag imirt mar *Quarterback* do na New York Giants, agus bhí deartháir eile, Cooper, ag pleanáil slí bheatha den chineál céanna go dtí gur leagadh é le tinneas.
a shlí bheatha his career
" Is féidir a shlí bheatha agus cúrsaí thuas seal thíos seal a shaoil a fheiceáil sna féinphortráidí a rinne sé suas go dtí an deireadh.
ina shlí bheatha, in his career,
" Thosaigh sé ag péintéireacht go lánaimseartha dhá bhliain ina dhiaidh sin agus cuideoidh an deontas $25,000 atá faighte aige ó Fhondúireacht Pollock-Krasner go mór leis ina shlí bheatha, chomh maith le haitheantas tábhachtach a thabhairt dó i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fud an domhain.
slí bheatha a bhaint amach to make a living
" Caithfidh go bhfuil sé deacair sa lá atá inniu ann slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóir lánaimseartha traidisiúnta.
slí bheatha a bhaint amach. to make a living.
" B’éigean don Chonallach Gaeltachta a chontae féin a fhágáil dá mba mhian leis slí bheatha a bhaint amach.
slí bheatha career
" ” **Neamhspleách mar dhuine**Cé nár rith sé le hIzabela Zabkowice Slaskie a fhágáil le linn a hóige bhí tréithe aici a bheadh ag teastáil ó dhuine chun a thír a thréigean agus slí bheatha a bhaint amach sa teilifís.
tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht. now she is trying to make her living through writing
" Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
baineann sé slí bheatha réasúnta amach he makes a reasonable living
" Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach agus baineann sé slí bheatha réasúnta amach dó féin.
slí bheatha dheas an phinn the nice career of the pen
" Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as that it was very difficult to make a proper living out of it
" Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa.
le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin to make a living for themselves
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
tslí bheatha profession
" ” I ndiaidh dó an chéim a bhaint amach, chuaigh Liam ar an dól agus ansin - ar ais ar an ollscoil le céim eile a dhéanamh ag cloí leis an tslí bheatha atá cruthaithe aige, meascán den fhoghlaim agus den phéintéireacht.
shlí bheatha profession
" Cén fáth gur roghnaigh sé an tsaighdiúireacht mar shlí bheatha? “Bhuel, thug sé deiseanna dom scileanna ceannaireachta a fhoghlaim agus chuir an tArm oideachas tríú leibhéal ar fáil,” ar sé.
slí bheatha job, occupation
" D’uireasa slí bheatha de chineál ar bith, níorbh ionadh go ndeachaigh go leor d’fhir na Somáile amach ar na farraigí ag gabháil bád.
shlí bheatha way of life
" Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl.
slí bheatha livelihood
" ” Saol Broidiúil Tá slí bheatha ceathrair nó cúigir curtha isteach cheana féin ag Ivana, a rugadh i 1968.
slí bheatha a living
" org/) Fada’n lá ó shin, nuair a bhí mé ag déanamh achan sórt iarrachta slí bheatha a bhaint amach mar dhamhsóir gairmiúil (réamh-Riverdance), bhunaigh mé féin agus roinnt damhsóirí comhlacht ar thug muid “Dubhaltach” air.
slí bheatha profession, trade
" Beidh eolas ar an chreideamh a bhí acu, agus ar a slí bheatha, agus beidh eolas ar dhaoine eile a bhí sa teach leo ar oíche an daonáirimh.
slí bheatha a bhaint as to make a living from
" Is cuimhin liom an t-aisteoir Macdara O Fatharta ag rá uair éicint, tamall tar éis do TG4 a bheith bunaithe, don chéad uair ariamh go raibh sé in ann slí bheatha a bhaint as a bheith ina aisteoir trí Ghaeilge, rud nach raibh roimhe sin.
slí bheatha profession, work
" Baineann síorathrú go nádúrtha le saol an duine agus saol pobail maidir le saíocht, slí bheatha an duine, cúrsaí geilleagair, polaitíochta, teicneolaíochta agus araile.
slí bheatha (making) a living
" Fiú amháin tá slí bheatha á baint amach aisti aige a lán daoine, ach fós cloisim mná tí ag caint eatarthu féin – is Béarla a bhíonn acu.
shlí bheatha a living
" I 1956, in aois a shé bliana déag, chuaigh an scorach anonn go Manchain Shasana áit ar chuir sé tús lena shlí bheatha mar imreoir gairmiúil sacair le Manchester United.
shlí bheatha profession
" Bíonn ar an Teachta Dála a shlí bheatha féin a chur chun cinn, sa deireadh thiar thall agus fágann córas dian na n-aoirí mar sin, nach dtig leis vóta a chaitheamh de réir a choinsiasa.
slí bheatha a bhaint amach to earn a living
" Ar fud an domhain tá pobail ag brath ar na hacmhainní aiceanta atá mórthimpeall orthu le slí bheatha a bhaint amach.
slí bheatha a bhaint amach earn a living
" ” “Is maith sin,” a d’fhreagair Balor, “nó beidh scileanna an chluiche sin de dhíobháil uirthi le fanacht amach ó na haistritheoirí Gaeilge ar fad atá ag brath ar na haistriúcháin sin chun slí bheatha a bhaint amach.
a slí bheatha ar leith their particular way of life
" Feictear do dhaoine go bhfuil a bpobal dúchais, a dtír, a gcultúr, agus a slí bheatha ar leith ar fad á n-athrú agus ag dul ó aithne agus, dar leo, nach bhfuil an tAE in inmhe iad a chosaint.
tslí bheatha career
" Chomh maith leis an méid sin, is deis mhór foghlamtha ó thaobh an oideachais é, ar ndóigh, inar féidir leis an duine óg neart a fhoghlaim faoin tslí bheatha ar mhaith leis a bhaint amach ar ball.
tslí bheatha career
" 
Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air.
slí bheatha úr a new trade/profession
" Má ghoilleann sé ar aos óg Thoraí an t-oileán a fhágáil le slí bheatha úr a leanúint, tá an scéal amhlaidh ar fud an domhain.
Cén tslí bheatha atá agat what do you work at
" ) Cén tslí bheatha atá agat anois? An aistritheoir thú nó cibé?** BL: Ba aistritheoir mé, is dóigh, ceithre bliain ó shin, ach anois, is scríbhneoir taistil mé.
gur easpa slí bheatha lack of a job/profession
" Dar ndóigh, tá a fhios ag an saol gur easpa slí bheatha is ciontach le muid a bheith ag teacht anall anseo, níl ach díth céille a bheith á shéanadh, ach is inmholta an rud ina dhiaidh sin leads a fheiceáil ag seasamh dá dtír féin, fiú nuair nach bhfuil áit ina dtír féin dóibh.
slí bheatha a bhaint amach ann to make a living there
" ” An Cuireadh ===== Duine ar bith atá ag iarraidh cur faoi sa nGearmáin agus slí bheatha a bhaint amach ann, caithfidh sé a dhul faoi scrúdú Gearmáinise.
ina slí bheatha in their careers
" Is mór an t-aitheantas a thugann an gradam seo d’ealaíontoirí óga chomh maith le céim chun tosaigh ina slí bheatha.
bhain slí bheatha amach mar fháidh he worked as
" D’fhill sé ar Londain ina dhiaidh sin is bhain slí bheatha amach mar fháidh.
maidir le slí bheatha professionally
" Cionn is go raibh sí maith ag cóir a bheith gach rud ar scoil, idir na heolaíochtaí agus na daonnachtaí, na healaíona agus cúrsaí spóirt, bhí cuid mhór bealaí a dtiocfadh léi dul maidir le slí bheatha.
slí bheatha ab ea ceird you lived by having a trade
" An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.
slí bheatha a bhaint amach to earn their crust
" Chomh maith leis sin, ní raibh sé de chumas ag formhór mór ealaíontóirí na hÉireann slí bheatha a bhaint amach ar bhonn gairmiúil mura mbeadh airgead agus maoin an tsaoil acu.
slí bheatha livelihood
" An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d'fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.
ag baint a shlí bheatha amach sna meáin earning his living in media
" Tá sé ag baint a shlí bheatha amach sna meáin anois.