Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shlat tomhais criterion
" Ach tá mé cinnte go bhfuil sé ina shlat tomhais ag daoine atá ag iarraidh bheith mar iarrthóirí ag an pháirtí sin gan leamhóg gháire a bheith briste acu le sé mhí roimh ré.
slata tomhais criteria
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá go leor curtha i gcrích maidir leis na bunaidhmeanna sa mhéid is gur leagadh síos slata tomhais maidir le ceapadh na téarmaíochta, gur ceapadh prionsabail traslitrithe don téarmaíocht theicniúil agus gur faomhadh corpas fairsing tearmaíochta de réir na bprionsabal sin, gur foilsíodh fiche éigin foclóirí saintéarmaíochta agus go bhfuil roinnt eile socraithe ach gan a bheith in eagar go fóill.
shlat tomhais criterion
" Ní miste liom cad é chomh cumasach le fidléir nó le ceoltóir uirlise ar bith, tá an t-ionracas agus croí mór mar shlat tomhais agam! AÓF: Nár laga Dia thú a Mhairéad! Suíomh gréasáin: (www.
slata tomhais criteria
" Céard a thaitníonn liom fúithi? Cad iad na tréithe a bhaineann léi? Céard iad na slata tomhais a d'úsáidfinnse chun portaireacht duine éigin a mheas? Céard iad na rudaí nó na tréithe a lorgóinn ón bportaireacht a chabhródh liom an chéad, an dara nó an tríú háit a bhronnadh ar dhuine? An bhfuil aon rud fúithi nach dtaitníonn liom? Seo thíos cuid de na rudaí a luaigh mé leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht éisteachta an lá sin.
shlat tomhais criterion
" Síleann amhránaithe áirithe gur sna leabhra atá na leaganacha is údarásaí de na hamhráin, agus úsáidtear na leaganacha clóite mar shlat tomhais chun breith a thabhairt ar leaganacha béalaithrise.
shlat tomhais criterion
" Critéir teanga Scéim Thithíochta Roinn na Gaeltachta a bheas mar shlat tomhais agus ní bheifear ábalta na tithe a dhíol nó a ligean amach ar cíos le daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu.
sé shlat tomhais éagsúla six different criteria
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
an tslat tomhais the yardstick
" Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon.
dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin if the Commission's criteria were adhered to
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
shlat tomhais yardstick
" Agus samplaí mar seo á n-úsáid againn mar shlat tomhais ar áilleacht agus dhraíocht an cheoil.
an tslat tomhais the yardstick
" Is iad Tom and Jerry a leag síos an tslat tomhais do gach rud a tháinig ina ndiaidh i gcúrsaí beochana agus níor sáraíodh riamh iad.
an tslat tomhais the yardstick
" Is iad an Gúm an teach foilsitheoireachta is mó a aithnítear le leabhair do pháistí agus is iad is mó a leagann síos an tslat tomhais don réimse seo léitheoireachta.
slata éagsúla tomhais various yardsticks
" Baintear úsáid as slata éagsúla tomhais chun breithiúnas a thabhairt ar chathair.
mar shlat tomhais as a yard stick
" I ndeireadh na dála, ámh, níl i gceist le Cácas Iowa ach toghchán a bheas ag feidhmiú mar shlat tomhais.
slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách effective and independent means of measuring
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
an tslat tomhais chéanna the same criterion, yardstick
" Chinn comhairlí contae éagsúla go mbainfí úsáid as an tslat tomhais chéanna is a bhí ann cheana féin do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta.
mar shlat tomhais. as a criterion.
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
slata tomhais measures
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
shlat tomhais rule of thumb
mar shlat tomhais a criterion
" I ndáiríre, is suarach an tsuim airgid é 25 milliún i ré seo na mbilliún, agus ar aon chaoi, ba chóir nach mbeadh an costas róthábhachtach mar shlat tomhais ar dhearadh ár gcuid foras daonlathach.
na slat tomhais yardsticks
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
an tslat tomhais the criterion
" Is é an t-innéacs corpmhaise an tslat tomhais idirnáisiúnta le meáchan an duine a mheas.
an tslat tomhais rule of thumb
" Is é an síorardú i gcostas na hartola an tslat tomhais is fearr atá ann go bhfuil an soláthar ola ar domhan ag ídiú agus ag éirí gann.
más é sin an tslat tomhais if that’s the rule of thumb
" I bhfocail eile, déanann imreoirí íobairtí móra ar son na cúise freisin agus más é sin an tslat tomhais a bhaineann le bainisteoirí a íoc is dóigh go mba chóir imreoirí a íoc chomh maith.
cad é an tslat tomhais atá agat how do you measure
" Cad tá á lorg agat i ndáiríre, cad é an tslat tomhais atá agat nuair atá piosa scríbhneoireachta nó ceoil á lorg agat.
slat tomhais lom garbh a rough estimate
" Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh.
an tslat tomhais the tally-stick
" 15% gach cúig bliain! Feictear domsa gurb é sin an tslat tomhais ar cheart a bheith ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ná 250,000 Gaeilgeoir rialta (á úsáid go seachtainiúil ar a laghad) a bheidh ann faoin mbliain 2031.
slat tomhais yardstick
" Is dóigh gur slat tomhais an-mhaith atá sna líonraí seo ar céard atá daoine ag ceapadh faoin ár gclaracha.
shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála a yardstick for commercial businesses
" Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin, is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha.
an tslat tomhais chéanna the same yardstick
" Dá réir sin, níor cheart dúinn an tslat tomhais chéanna a úsáid d’fhonn anatamaíocht na gcatagóirí seo a bhreithniú.
dá mba é sin an tslat tomhais if that were our rule of thumb
" Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis.
athraíonn an tslat tomhais i d’intinn your mental rule of thumb changes
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
slat tomhais solúbtha a flexible means of assessment, measuring stick
" (Theip ar an reifreann mar gheall ar scoilt i measc na bpoblachtach – ar chuala tú a leithéid riamh?) Bronnfar na teidil ar gach Ard-Ghobharnóir as seo amach agus ar Astrálaigh “*of extraordinary and pre-eminent achievement*”, slat tomhais solúbtha.
slat tomhais measure, yardstick
" Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.