Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sleá spears
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
sleánna agus sciatha spears and shields
" Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte.
ag caitheamh sleánna throwing spears
" D’iarr an Prionsa air, agus é den tuairim gur nathaíocht ghreannmhar a bhí i gceist aige, “An bhfuil sibh (ag tagairt do mhuintir dhúchais) ag caitheamh sleánna ar a chéile fós?” Is iontach an scéal é go bhfuil meas ar an teaghlach ríoga le sonrú abhus go fóill mar go maíonn muintir na hAstráile go bhfuil siad mórtasach as a bheith easurramach, féintuilleamaíoch agus frithúdarásach.
sleánna a thiontú ina gcorráin spears being turned into reaping hooks
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.