Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a shleamhnaíonn which slips
" Tá an córas seo éifeachtach toisc go bhfuil sé deacair *spam *a chruthú a shleamhnaíonn trí na scrúduithe ar fad," a deir Malone.
ag sleamhnú uaim slipping from me
" Tháinig mé go hÉirinn i mí na Samhna agus phill mé i ndeireadh na Bealtaine, agus dheamhan athrú a bhí ar an aimsir - mar sin, níor mhothaigh mé an t-am ag sleamhnú uaim.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
a shleamhnú isteach to slip into
" Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille.
ag sleamhnú isteach slipping in
" Má leanann cúrsaí mar atá, beidh daoine go fóill ag sleamhnú isteach ar chúl leoraithe nó i bhfolach i mbáid fharantóireachta ó Le Havre nó Cherbourg.
ag sleamhnú amach slipping out
" Is leo sin anois Lá Bealtaine, dar leo féin, agus ag iad ag sleamhnú amach as a gcuid pluaiseanna le trioblóid a chothú sa tírín seo nach bhfuil taithí ar bith aici ar thrioblóid.
ag sleamhnú sliding
" Thuas, tá cineál síleála, a bhfuil cuma scáth fearthainne uirthi, a athraíonn ó ghorm go dearg go bándearg fad is atá an t-am ag sleamhnú thart.
ag sleamhnú sliding
" Thuas, tá cineál síleála, a bhfuil cuma scáth fearthainne uirthi, a athraíonn ó ghorm go dearg go bándearg fad is atá an t-am ag sleamhnú thart.
ag sleamhnú sliding
" Thuas, tá cineál síleála, a bhfuil cuma scáth fearthainne uirthi, a athraíonn ó ghorm go dearg go bándearg fad is atá an t-am ag sleamhnú thart.
sleamhnú uainn slipping from us
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
a shleamhnú to slide
" * Caithfidh tú blocanna déanta as adhmad agus miotal a shleamhnú ar raon leac oighir agus iad a chur chomh cóngarach le sprioc (píosa beag adhmaid) agus is féidir leat.
shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta he slipped away from us to eternity
" Níor shroich sé gig na Nollag seo imithe tharainn i Sráid Vicar, áfach, óir theip ar a shláinte cúpla lá roimhe sin agus shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta.
shleamhnaigh sé ar ais he slipped back
" Ach chomh héasca céanna shleamhnaigh sé ar ais chuig an bhfonn agus thángamar isteach leis mar a bhí beartaithe againn, le críoch a chur leis an bpíosa.
shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta he slipped away from us to eternity
" Níor shroich sé gig na Nollag seo imithe tharainn i Sráid Vicar, áfach, óir theip ar a shláinte cúpla lá roimhe sin agus shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta.
ag sleamhnú go ciúin slipping quietly
" Shamhlaigh mé iad, gorm agus liath, ag nochtadh ar feadh soicind agus ag sleamhnú go ciúin ar ais isteach sa choill.
sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua the slide back into the tune without the crowd noticing
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as before a drawer slid slowly from it
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
le sleamhnú isteach sa leaba to slip into bed
" – Éalaíonn muid agus ar ais chun an tí le sleamhnú isteach sa leaba.
go bhfuil a réalta ag sleamhnú that his star is slipping
" **C** Micheál Martin, An tAire Fiontar, Tradála agus Fostaíochta: Cuma ar an scéal go bhfuil a réalta ag sleamhnú nó go bhfuil a ghradam tite ón ardseasamh a bhí aige cúig bliana ó shin.
ag sleamhnú uaidh slipping from him
" A uaireadóir caite ar leataobh, bhí laethanta na seachtaine ag sleamhnú uaidh agus b’éigean dó comhaireamh ón Satharn, nuair a shroich sé an láthair.
sleamhnú isteach is amach, to slip in and out,
" Sílim gurbh é sin a dúirt Peter i gcás ar bith, ach ní miste dom a admháil nach raibh mé ag tabhairt aire rómhaith, nó bhí m’aird ar dhoras an fhoscaidh agus ar mhaithe agus mhóruaisle shaol na Gaeilge a bhí ag iarraidh sleamhnú isteach is amach, iad ar fad ag maíomh gur shíl siad gur Stringfellows Pizza Joint a bhí ann, nó an RTÉ String Quartet Joint, nó an Stringalingalinga.
ag sleamhnú, slipping,
" Bhí dochtúir aige, níos faide suas an cuarbhóthar, i mbaile Rialto, gar do Bhailtíní Fatima, a choinnigh súil air, a d’athraigh na táibléid nuair ba ghá nó a threoraigh isteach chuig an ospidéal é dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air dá mbeadh sé ag sleamhnú, dá mbeadh ag teip ar a chóir ‘fhéinleighis’ nó dá mba ghá bleaist den ECT (*electro-convulsive therapy*) a thabhairt dó dá mbeadh sé tar éis sleamhnú.
dá mbeadh sé tar éis sleamhnú. if he had already slipped.
" Bhí dochtúir aige, níos faide suas an cuarbhóthar, i mbaile Rialto, gar do Bhailtíní Fatima, a choinnigh súil air, a d’athraigh na táibléid nuair ba ghá nó a threoraigh isteach chuig an ospidéal é dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air dá mbeadh sé ag sleamhnú, dá mbeadh ag teip ar a chóir ‘fhéinleighis’ nó dá mba ghá bleaist den ECT (*electro-convulsive therapy*) a thabhairt dó dá mbeadh sé tar éis sleamhnú.
ag sleamhnú slipping
" Tá móramh Howard ag sleamhnú sa suíochán sin agus dá n-éireodh le McKew an vóta a bhí acu go deireanach a ardú 4.
ag sleamhnú uainn, slipping from us,
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, The summer is sliding from us slowly,
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
sleamhnódh would slip
" Tá seans anois ann go dtuigeann pobal na hÉireann nach féidir an conradh a athleasú agus go bhfuil baol ann go sleamhnódh an tír seo chuig imeall an Aontais.
sleamhnú slipping
" ’ Nuair a fheictear bithiúnach an scéil ag sleamhnú isteach ar an ardán.
sleamhnú slipping
" Le breis agus deich mbliana anuas, tá lagar meanman ar Hiospáinigh i Meiriceá, agus drochchlú amach orthu nach bhfuil siad sásta Béarla a fhoghlaim agus go bhfuil siad ag sleamhnú isteach sa tír go mídhleathach chun postanna a ghoid ó Mheiriceánaigh dleathacha.
shleamhnaigh slipped
" Bhí a lámha fliuch agus shleamhnaigh sé ar an truicear.
sleamhnú slipping
" Bhí sé de thoradh ar na próisis seo ná gur thosaigh cuid de cheannas an stáit ag sleamhnú uaidh.
sleamhnú slipping
" Ár ndóigh, bhí seantaithí aige le siúl agus brógaí cearta air, rud nach raibh fíor faoin chuid is mó den dream óg a chonaic mé ag sleamhnú thart ar na cosáin le brógaí reatha orthu féin.
shleamhnaigh slipped
" Chuala mé ball amháin ag insint do phóilín go raibh teagascóir sléibhe ag siúl thart barr Coire an tSneachda nuair a thit sé tríd coirnis thar *'Jacobs Ladder'* ' agus thit, nó shleamhnaigh sé, 120 méadar síos an feadán seo.
sleamhnú sliding
" Ligim do na huirlisí ceoil teacht agus imeacht, iad ag sleamhnú idir na nótaí ag lorg spáis sa bhfonn.
sleamhnú thart slip by
" Agus fiche bliain le sleamhnú thart i mbliana ó ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe Conradh na nOibrithe Imirce ar 18 Mí na Nollag 1990, tá feachtas achainí ar siúl ag eagraíochta éagsúla atá ag iarraidh ar gach ceann de 27 ballstát an Aontais an Conradh a dhaingniú.
ag sleamhnú slipping
" Míchumas seachas mí-ionraiceas a léirigh Brian Cowen agus a chomhleacaithe agus an tír ag sleamhnú go tubaisteach i dtreo na féimheachta.
ag sleamhnú slipping
" Is léir anois áfach, agus sinn ag amharc siar ar an fhiche bliain a chuaigh thart, go raibh an páirtí is mó sa tír ag sleamhnú isteach sa bhearna bhaoil i ngan fhios.
sleamhnaithe leath bealaigh anuas fallen halfway down
" - (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise.
ag sleamhnú ar gcúl slipping behind
" Chomh maith leis sin tá a mbunús oscailte – ó thaobh an gheilleagair agus an chultúir de – agus tá siad ag díriú a n-aghaidh chun tosaigh in áit bheith ag sleamhnú ar gcúl.
ag sleamhnú go malltriallach sliding so slowly
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
shleamhnaigh sé amach bealach na fírinne he slipped in the next life
" Níl aon amhras ann ach gurbh iontaí an turas agus an éacht a rinne Armstrong (a thug a chéim dheireanach i Lúnasa na bliana seo nuair a shleamhnaigh sé amach bealach na fírinne).
ag sleamhnú uainn slipping from us
" Thosaigh an fhís ag sleamhnú uainn blianta sarar cuireadh TnaG ar an aer.
bhfuil an deis ag sleamhnú uainn the chance is slipping away from us
" Beidh orainn obair go dian ar fheabhsú an gheilleagair, ach sílim go bhfuil an deis ag sleamhnú uainn na ceisteanna eile a chur.
leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn a half hour of slipping through muck ahead of us
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
shleamhnaigh slipped
" Mar sin, shleamhnaigh an Eoraip siar go dtí an dara háit i dtaobh na teicneolaíochta seo.
ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain slipping away from the bank into the deep pool
" Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart.
ag sleamhnú síos i dtreo Stasi slipping towards
" Déanann siad monatóireacht ar dhaoine ar fud an domhain, agus fiú sna Stáit Aontaithe féin, agus dá réir sin cás imní is ea iad dóibh siúd a chreideann go bhfuil seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag sleamhnú síos i dtreo Stasi na Gearmáine Thoir tráth.
shleamhnaigh slipped
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
shleamhnaigh Éire amach I. slipped out
" Ó tháinig an t-ardú an-mhór ar rátaí cánach na tíre, shleamhnaigh Éire amach as an ghrúpa de thíortha a bhfuil réimeas éadroim cánach iontu agus isteach sa ghrúpa a bhfuil réimeas measartha trom iontu.
ag sleamhnú ó luachanna aimsir slipping from the standards of (Madiba’s) time/era
" Tá fianaise eile ann go bhfuil an tír ag sleamhnú ó luachanna aimsir Mandela.
sleamhnú nó sciorradh slidding
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.
ag sleamhnú tharstu slipping by
" Ní thuigeann daoine go bhfuil fear comhrá an-spéisiúil atá ag sleamhnú tharstu i ngan fhios ar a bhealach chun na leabharlainne.
blianta ag sleamhnú thart years slipping by
" Ach ní mór cuimhneamh go bhfuil na blianta ag sleamhnú thart agus de réir a chéile d’éirigh an tír bréan de na ciorruithe agus den tsíoranró.