Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
smacht iomlán total control
" " Is fearr leis an ghrúpa a bheith neamhspleách agus smacht iomlán a bheith acu ar an cheol.
smacht iomlán total control
" Cén míniú atá air mar scéal, má tá? An é go ndeachaigh fear óg éigin le báiní ar fad sa chluiche úd i gcoinne na Gaeltachta agus gur chaill sé smacht iomlán air féin? Agus, más ea, cén fáth ar tharla sé sin? Nó an é gur dúradh leis roimh ré, istigh sa seomra gléasta nó ar pháirc na traenála, gan aird a bheith aige ar stádas réaltach, idirchontae-ach mhuintir Uí Shé ach, ina ionad sin, a dhéanamh cinnte nach mbeadh tionchar rómhór acu ar thoradh an chluiche an Satharn dár gcionn? B'fhéidir go raibh an fear óg céanna sin i bPáirc an Chrócaigh coicís roimhe sin agus gach liú agus béic aige ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann Chiarraí.
smacht iomlán (nach mór) total control (nearly)
" Buntáiste mór eile a bhaineann leis ná go dtugann sé smacht iomlán (nach mór) d’fhoilsitheoir an ábhair.
smacht iomlán full command
" Cé go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí chúram ailse le bunú na n-ionad barr feabhais, níl smacht iomlán faighte ar pholaiteoirí bradacha ó pháirtithe an rialtais atá ag iarraidh a gcraiceann is a luach maidir le seirbhísí logánta a choinneáil.
smacht iomlán complete control
" Go deimhin, chaill na Daonlathaigh oiread sin gur tugadh smacht iomlán 25 stát don pháirtí Poblachtach, an páirtí atá lucht an *Tea Party* ag iarraidh a ghabháil.
faoi smacht iomlán under the complete control
" Bhí na hAirí i Rialtas Stormont faoi smacht iomlán nach mór ag an Ord Oráiste, a raibh leagan amach seicteach neamhleithscéalach acu.
d'imigh sé go hiomlán as smacht it went completely out of control
" Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d'éirigh sé níos measa agus d'imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.
nach bhfuil smacht iomlán aige a thuilleadh ar he doesn’t have complete control anymore
" Cé go bhfuil rialtas al-Assad ag feidhmiú i gcónaí, déarfar linn nach bhfuil smacht iomlán aige a thuilleadh ar na cathracha móra ar nós Aleppo, Homs agus na Damaisce.
Níl smacht iomlán ag does not have full control
" Níl smacht iomlán ag Stáit sa lá inniu ar shreabhadh eolais trasna a dteorainneacha mar gheall ar dhul chun cinn na teicneolaíochta.