Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snáithe slándála security thread
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
ag tarraingt an tsnáithe getting on
" Bhí scéal ag dul ó bhéal go béal le cúpla mí anuas nach raibh Ruth agus Mark ag tarraingt an tsnáithe agus char imigh sin ar Shiobhán.
gan snáithe éadaigh without a stitch of clothing
" B'éigean dó gabháil thart san óstán i lár na hoíche agus gan earrach gan snáithe éadaigh idir é agus fuacht na hoíche ach drár a raibh spota buí ar a thóin.
Níor tharraing Bríd agus Kate an snáithe ariamh. Bríd and Kate never got on.
"Níor tharraing Bríd agus Kate an snáithe ariamh.
snáithe óir gold thread
" Maidin Lá Nollag beidh muifléad faoi chrann Nollag Mhic Cárthaigh, ceann breá fada, agus na focail cháiliúla sin bróidnithe air le snáithe óir: *I am one of those who is vaguely interested in Irish*.
snáithe a chur faoin bhfiacail to keep the fox from the door
" Le bunú Banc Náisiúnta na hÉireann 1835, tugadh lámh chúnta don duine a bhí in ann punt a chur le chéile, ach má chuidigh sé le snáithe a chur faoin bhfiacail dó, chuir sé an Béarla faoin bhfiacail leis! Ar ndóigh, bhí an banc ar aon ghlúin, nach mór, le bunú Coláiste Mhaigh Nuad 1795 agus le tús an murder machine nuabhunaithe 1831 mar a chéile.
leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail to keep them going/fed
" Is seandaoine den chuid is mó atá i mbun an ghnó seo, daoine nach leor dóibh an liúntas pinsin atá acu leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.
le snáithe a choinneáil faoin fhiacail to survive
" Fiúntas Teanga Thar a Chéile Ach cé go raibh na hÉireannaigh ábalta Gaeilge a labhairt sa gheiteo, b'éigean dóibh Béarla a fhoghlaim le snáithe a choinneáil faoin fhiacail.
snáithe a choinneáil faoin bhfiacail to survive
" Agus a n-áiteanna dúchais á leagadh ar lár, ba dheacair dóibh an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail mar fhiagaithe-cnuasaitheoirí agus thosaigh roinnt Batwa ag iompú ar mhodhanna maireachtála eile.
snáithe thread
" Ar dtús ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an dualgas ormsa nó ar mo chara an tiománaí bus seo a mharú? Is í an dara ceist ná an bhfuil cead againn cúpla €uro a thabhairt do choirpeach óg dífhostaithe éigin chun an jab a dhéanamh? Caitheann mo chéile bríste a bhfuil dhá chineál snáithe ann, mar atá cadás agus polyester.
choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail make ends meet
" **CMS: Mar dhornálaí amaitéarach lán-aimseartha conas a mhaireann tú – conas a choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail?** KT: Tá deontas ón Chomhairle Náisiúnta Spóirt agam agus cuidíonn sé sin liom maidir le costais mhaireachtála a íoc.
snáithe thread
" Léiríonn tubaiste BP a leochailí is atá an snáithe dubh a shníomhann fabraic na ngeilleagar mór caipitleach le chéile.
snáitheanna uilig all the threads
" Sníomhann Lee Chang-dong snáitheanna uilig an scéil le chéile chun taipéis shaibhir bhrócáidiúil a chruthú.
níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail art didn’t pay the bills
" Cé go ndearna Lawrence cúrsa sa Manchester Municipal College of Art i 1905, níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail - d'oibrigh sé mar bailítheoir cíosa agus shiúil sé thart Manchain ag bailiú smaointe ar phiciúir chomh maith leis an airgead cíosa.
dhéanann na snáitheanna seo uilig a nascadh ina chéile links all of these threads together
" An lárú i gcúrsaí riaracháin agus polaitíochta, agus aon teanga 'náisiúnta/stáit' amháin a chur chun cinn a dhéanann na snáitheanna seo uilig a nascadh ina chéile, d'uireasa aon bhaint eile.
tá mé in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail I can get by
" Ach tá mé in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail,” ar seisean.
a d’fhéachfadh snáithe na matán which would test his muscle fibre
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.