Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snafach an Earraigh signs of spring growth
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
snafach sign of growth
" Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
snafach sign(s) of growth
" Bíonn snafach ar lusra, borradh faoin gcrann agus cloisfear méileach na n-uan sna cuibhrinn.
snafach faoin ngas signs of growth in the branches
" ) Agus an tEarrach linn, snafach faoin ngas, beatha nua ag tórmach, braithim rud beag as céim ag scríobh ar an ábhar seo ach tá sé ar intinn agam é sin a dhéanamh.
tá an snafach fútha they’re showing signs of growth
" Is é an dara samhradh acu ag fás astu féin agus tá an snafach fútha cheana féin.