Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snag breac magpie
" AÓF: Agus tú ag seinm, céard é an rud is mian leat a bhaint amach? TC: Na fuaimeanna atá i m’intinn! Tá mé mar a bheadh snag breac ann, ag tabhairt rudaí beaga ó dhaoine eile ar ais liom chuig an nead.
snag breac magpie
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
is mise snag breac I’m a hoarder
" Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is mó constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lá lándorcha in agóid ar SOPA.