Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
a shnaidhmeadh le chéile to bind together
" Leis na Chieftains ======= Bhí an athbheochan sa cheol traidisiúnta faoi lán seoil sna seachtóidí nuair a chuaigh Bell leis na Chieftains, grúpa a rinne iarrachtaí ceol na hÉireann agus an ceol clasaiceach a shnaidhmeadh le chéile.
tá ceangail snaidhmthe ties have been made
" Le tamaillín anuas tá ceangail snaidhmthe le pobail in Oileán Chléire, in Oileán Mhanainn agus in Oileáin Thiar na hAlban.
snaidhm bond
" Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile.
go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo that they could rejoin limbs to live bodies
" Cinnte, bhí sé de cháil ar dhochtúirí go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo ach bhí an chos seo róbhrúite briste casta.
snaidhm na muiníne the bond of trust
" Glacaim leis go mbíonn scéalta maithe tearc go leor le linn “mhí na marbh”, ach tá an chontúirt ann go mbrisfidh scéalta den chineál seo snaidhm na muiníne idir an léitheoir agus an t-iriseoir.
snaidhm bond
" Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
a shnaidhmeadh le chéile to join together
" ‘Féachaigí cé chomh furasta agus atá sé in ann an dá thraidisiún, an Gaelachas agus an Gobshiiteis, a shnaidhmeadh le chéile ina phearsantacht agus ina charachtar agus ina mheon.
snaidhmeanna eile other knots
" Bhí snaidhmeanna eile fite fuaite sa phortráid.
snaidhm reatha running knot
" Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál.
Snaidhmeann links
" Snaidhmeann sé leis an teanga iad agus ar ndóigh, is fearr a bheith ag brú toirtín ar dhaoine ná a bheith ‘ag brú Gaeilge’ orthu.
chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn really brought us together
" Ansin, ar an droichead idir an Ghearmáin agus an Pholainn, tharla eachtra a chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn.
tsnaidhm connection
" “Mura gcoimeádfaimid an tsnaidhm idir sinne agus ár dtimpeallacht, strainséirí a bheidh ionainn inár dtír féín”.
snaidhm air knotted
" Tá ceirt línéadaigh fillte timpeall ar an mbeart agus snaidhm air le ruóg.
le hathmhuintearas a shnaidhmeadh to bring reconciliation
" An Fíor-Athmhuintearas ======== Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair.
bhíonn snaidhm an ocrais orthu pangs of hunger are at them
" Beidh a fhios acu gur féidir brath ort nuair a bhíonn snaidhm an ocrais orthu.
an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh to cut the link with teaching
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.