Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snasta polished, glossy
" Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B'fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.
snasta polished
" Beidh dromchla an struchtúir snasta sa dóigh is go mbeidh frithchaitheamh na spéire agus an tsolais le feiceáil ann.
snasta well-finished
" Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d'aois.
snasta polished
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
snasta an oiread sin so polished
" Tá na boscaí méadaithe agus dromchla an chopair snasta an oiread sin gur féidir leat d'íomhá féin a fheiceáil ann go soiléir.
Gearmáinis shnasta polished German
" Samhlaigh go bhfuil Gearmáinis shnasta de chuid an Goethe Institut foghlamtha agat agus tú ag tabhairt cuairte ar an nGearmáin den chéad uair.
breac le híomhánna snasta full of polished images
" php?Publishers=Archaeology+Ireland breac le híomhánna snasta ó ríomhairí, mar aon le fógraí ó chomhairleoirí seandálaíochta a bhfuil saineolas acu ar an trealamh nua-aimseartha ar fad.
fógra snasta glossy advertisement
" Tá gníomhaireacht áirithe in aice le Halla na Cathrach, mar shampla, agus tá fógra snasta crochta san fhuinneog acu.
snasta glossy
" Ach is cur chuige daor é seo - tá an páipéar speisialta snasta costasach agus ídíonn na cartúis dúigh go tapa nuair a bhíonn grianghraif á gclóbhualadh.
snasta polished
" Ar nós "Family at War" bhí an tsraith ar Ó hEochaidh snasta agus baineadh úsáid dheas as stoc cartlainne.
críoch snasta a polished finish
" Bhí dhá chéad míle duine bailithe thart ar an fhíor-Joe Mac Donnchadha agus é ar tí críoch snasta a chur le véarsa a daichead a sé de “The West’s Asleep”.
craiceann snasta blagaide shiny skin of a bald patch
" Bhí péire bróg leathair snasta fir chomh dubh le pic le feiceáil ag gobadh amach faoi bhun ghúna an aingil, chomh maith le heirbeall sútáin le cúpla cnaipe corcra; bhí grua an aingil tais le deora aithreachais, agus bhí craiceann snasta blagaide ag lonrú faoin lampa sráide san áit nach raibh an folt gruaige ag clúdach iomlán na baithise.
snasta polished
" Cén dochar mura bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil á scríobh acu a fhad is go mbíonn cóipleabhar snasta le taispeáint don chigire ag deireadh na bliana! Ag múineadh trí Bhéarla ======= Bunriail foghlama é nár cheart go mbeadh páiste ag léamh focal nach dtuigeann sé ach i gcás na Gaeilge is iondúil gur ag léamh agus ag scríobh a bhíonn na daltaí agus gan mórán de chur amach acu ar an teanga labhartha.
snasta polished
" B’iontach dom chomh snasta is a bhí a leacht cuimhneacháin - cros Cheilteach ollmhór agus cú faoil ina luí ag a bun.
a gceol casta snasta their complicated polished music
" Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinnt a gceol casta snasta.
chomh snasta agus cumhachtach as polished and powerful
" org, pacáiste bogearraí atá ar fáil saor in aisce agus atá beagnach chomh snasta agus cumhachtach leis na leaganacha de Word atá in úsáid faoi láthair (féach http://www.
ró-shnasta. too polished.
" Táimse sásta má théann an leabhar amach go garbh – muna bhfuil sé ró-shnasta.
bríomhar agus snasta lively and polished
" Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil.
snasta agus eagraithe polished and organised
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
snasta polished
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
snoite agus snasta refined and polished
" ” Bhí sé ródheacair mo rian féin a fhágáil air – bhí modh seinnte agus amhránaíochta ag Simone a bhí chomh cliste, oilte, snoite agus snasta go mbeadh sé deacair ar dhuine aon ní nua a chur leis an amhrán.
go snasta slíoctha, polished and sleek
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
ar nós dhá úll snasta like two polished, shiny, apples
" Bhí a leicne dearga ar nós dhá úll snasta faoina gcuid súl.
taidhleoireacht shnasta polished diplomacy
" I saol na polaitíochta Eorpaí, is tábhachtaí ar fad an taidhleoireacht shnasta ná an neart vótála.
snasta sophisticated
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
snasta ildaite polished, multicoloured
" Léirigh an tAire Ó Cuív, i litir chuig *The Irish Times*, go raibh dul amú iomlán ar Gharret Fitzgerald nuair a scríobh sé go gcaithfear tuarascálacha snasta ildaite a fhoilsiú i nGaeilge.
bhfolt snasta snazzy hair
" Lena bhfolt snasta is a gcoimeanna caola, is ar éigean a chreidfeá scaití gur fíordhaoine iad seo in aon chor.
shnasta polished
" Ella ab ainm di agus bean bheag, uasal, bhoglabhartha, shnasta ab ea í as an gCoireán, in Uíbh Ráthach.
shnasta polished
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht seo, atá déanta de chloich áitiúil.
cuma níos snasta looks a lot better
" Dá bhrí seo, tá na seantithe caomhnaithe, tá cuma níos snasta ar an taobh tíre agus níl aon ghá ann tithe saoire a thógail ar fud na háite.
snasta polished, snazzy
" Bhí cuma iontach snasta ar an chéad chúpla eagrán a bhí dírithe cuid mhór ar an aos óg, ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí.
go snasta elegantly
" Ach rinne muid é go snasta agus go foirfe, a bhuíochas sin do mhuintir na hÉireann: na hoibrithe deonacha, na hurraitheoirí, na bailitheoirí airgid, na traenálaithe, na meantóirí, na tacadóirí, agus do na lúthchleasaithe féin.
snasta polished
" De réir an dearcaidh seo, íocadh daoine ar bhealach amháin nó ar bhealach as an earra seo a chuirtear ar fáil ina phacáiste snasta den scoth ar fiú a cheannach.
snasta polished
" Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh.
shnasta clear
" Gaeilge shnasta shimplí inléite atá ann.
snasta polished
" ” Is taispeántas snasta é seo agus is fiú go mór do dhaoine cuairt a thabhairt air más suim leo stair agus cultúr na hÉireann.
snasta fancy
" Pasáil – nó mar a deir lucht na Gaeilge snasta seachadadh na liathróide – sin an scil is mó atá agamsa agus sin an ceacht is mó a d’fhoghlaim mé ón pheil.
snasta úr cut afresh
" B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne.
cuma shnasta polished appearance
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
cur i láthair snasta done with style
" Bhí an t-imeacht taithneamhach le cur i láthair snasta.
bróga snasta polished shoes
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
go snasta agus i mbeagán focal in few words and sophisticatedly
" ) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.
stíl an-snasta a very polished style
Tá cuma shnasta, tharraingteach air it has a polished and attractive appearance
" Tá cuma shnasta, tharraingteach air agus tá stíl shnoite, sholéite á chleachtadh ins na haltanna.
gléasta go snasta dressed snazzyly
" Bheidís gléasta go snasta agus moll lena dtaobh i dtólamh.
saor adhmaid snasta a tasty carpenter
" Claochlú an tSaoir ina Dhaor ========== I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha.
go snoite snasta perfectly and polished
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
cuma shnasta a slick appearance
"cuma shnasta ar an uirlisín beag seo agus ar an bhfeidhmchláirín a théann leis.
is snasta most polished
" Dangerous Liaison, tá sé chomh cliste agus b’fhéidir an scannán is snasta ó thaobh scripte, tchítear domh féin, The Lion King.
tá cuma shnasta ar an leacht tuisceaneach seo this discreet monument has a fine appearance
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht tuisceaneach seo, atá déanta de chloich áitiúil.
raibh Gaeilge shnasta foirfe agam I had perfectly polished Irish
" Roimh an gcúrsa seo, bhí mé cinnte go raibh Gaeilge shnasta foirfe agam – ach a leithéid de sheafóid níor chuala mé riamh as mo bhéal féin.