Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
plúirín sneachta snowdrop
" "Idir plúirín sneachta agus lus an aisig a tharla sé.
curghlacadóir maidhme sneachta avalanche transceiver
" Caitheann an fhoireann tarrthála uilig curghlacadóir maidhme sneachta anois nuair a bhíonn siad ar dualgas sa gheimhreadh.
sneachta geanmnaíochta snow of purity
" Tá proiséas ar siúl a chuirfeadh i gcuimhne duit líne sin Sheáin Uí Ríordáin, "Thit sneachta geanmnaíochta ar mo chroí".
an mhaidhm shneachta the avalanche
" ‘Bhí Mackenzie liom ar Annapurna, tá’s agat, nuair a thit an mhaidhm shneachta.
stoirm shneachta snow storm
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
i muc shneachta. in a snowdrift.
" Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta.
ceaptha ag an sneachta snowed in
" Dúirt mo dheirfiúr go raibh sí ceaptha ag an sneachta i stáisiún Greyhound uair amháin le linn stoirme agus í ar a bealach go Philadelphia le scrúdú leighis a dhéanamh.
clocha sneachta hailstones
" An uair seo, is clocha sneachta a thiteann anuas orainn – cinn chomh mór le liathróidí gailf.
maidhmeanna sneachta avalanches
" Tá níos mó taithí ag na sléibhteóirí thíos in Albain le coinníollacha geimhridh ach le sléibhte níos airde agus sneachta níos doimhne, tá contúirt mhór eile acu ansin- maidhmeanna sneachta.
sneachta crua hard snow
" ' Le seo, bheadh 'nevé' (sneachta crua) thuas agus bheadh oigheareasanna ann.
leac maidhm sneachta slab avalanche
" É féin a ba chúis leis an leac maidhm sneachta a mharaigh an triúr.
tsneachta snow
" In airde leis ar an mbord, osclaíonn fuinneog ach titeann dá bhás sa tsneachta lasmuigh.
sneachta snow
" Is sa gheimhreadh is mó a bhíonn sioc agus sneachta ann.
shíobadh sneachta driving snow
" Thiomáin muid trí shíobadh sneachta suas bóthar an A9 an oíche sin i dtreo An Aghaidh Mór agus bhí an Brú Óige ag Loch Mór beagnach dúnta nuair a shroich muid an áit.
titeann an sneachta snow falls
" Feabhra ==== Ag meascadh leis an ngaoth titeann an sneachta; ag meascadh leis an sneachta séideann an ghaoth.
Bhratóg Shneachta snowflake
" Chum Helge von Koch (nó d'aimsigh sé – bíonn díospóireachtaí móra ag fealsúna matamaitice maidir le seo!) an Bhratóg Shneachta Koch, atá le feiceáil anseo, sa bhliain 1904.
sneachta of snow
" Brat bán sneachta ar an talamh, reodóga ar sliobarna anuas de bhunsop an tí ar maidin.
Do mhínigh sneachta snow has refined
" Íomhánna áille ar fud na tíre, ar maidin go háirithe, agus é chomh fuar! Bhí aimsir mar seo cheana, na céadta bliain ó shin: Sádhail ár gcoire dá dhrol, Is aistreach lon Leitir Cró, Do mhínigh sneachta Coill Ché, Deacair dréim le Beanna Bó.
bhrat sneachta snow
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
sneachta snow
" Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot.
sneachta snow
" Dhá lá dár gcionn bhí 20,000 múinteoirí ar shráideanna Mhadison, agus dhá lá ina dhiaidh sin bhí 70,000, ainneoin síon agus sneachta.
maidhm shneachta avalanche
" Thóg an suíomh *“38 Degrees”* air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla.
sneachta snow
" Fàilte gu Alba ======= Agus sin mar a bhí an turas go hAlbain, áit a mbíonn sneachta ar na Garbhchríocha go dtí mí Meithimh.
sneachta séidte driving snow
" Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo.
sneachta snow
" Is ar ár mbealach go Méribel a bhíomar agus deifir orainn a bheith ann chun an sneachta a fheiceáil agus socrú isteach san árasán a bhí tógtha ar cíos againn, greim a réiteach le hithe agus oíche mhaith chodlata a fháil.
neart bláir shneachta plenty of snow fields
" Mar a deir mo mháthair i gcónaí – ‘níor chaith éinne cóta riamh ar *Home & Away!*’ In ainneoin an dearcaidh choitianta sin ar aeráid na hAstráile, bíonn sé fuar go leor sa gheimhreadh in áiteanna agus bíonn neart bláir shneachta idir Canberra agus Melbourne.
brat sneachta a coating of snow
" Ní bhíonn na hailteanna contúirteach ach amháin nuair a bhíonn brat sneachta orthu.
maidhmeanna sneachta avalanches
" Bíonn níos mó maidhmeanna sneachta leis an aimsir sin chomh maith.
cleití sneachta wings of snow
" Agus cleití sneachta ag damhsa go héadrom sa dorchadas.
an sneachta ag déanamh aráin the snow was producing bread
" Bhí clúmhach bán na spéire ag tuirlingt ar na cácaí geala – shílfeá go raibh an sneachta ag déanamh aráin.
faoi shioc is faoi shneachta in snow and frost
" Beidh coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá anois agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin le siúl faoi shioc is faoi shneachta.
ag cur sneachta snowing
" - “*Lá breá samhraidh a bhí ann agus bhí sé ag cur sneachta.
chuir an sneachta moill orm the snow delayed me
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
lá sneachta i mBonn i mbliana on a snowy day
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
dhéanfá féin le sneachta a chartadh you’d make yourself to shovel snow
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta that he probably never saw a snow flake
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
Gilín Sneachta Snow White
" Gilín Sneachta in Auschwitz-Birkenau =============== Tar éis do Mengele múrmhaisiú de Gilín Sneachta agus an Seachtar Abhac a rinne Dina Gottliebova ar bhalla an champa a fheiceáil, chuir Mengele iallach uirthi pictiúir eile a dhéanamh.
brat sneachta snow on the ground
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.
gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta not to mention snowball wars
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.
comórtais tógáil fhir sneachta snowman building competitions
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.
maidhmeanna sneachta avalanches
" Le roinnt blianta anuas tá maidhmeanna sneachta tar éis bás roinnt sléibhteoirí a thabhairt in Albain.
maidhmeanna sneachta avalanches
" Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.
sneachta snow
" Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.