Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sochair fhostaí employee benefits
" Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu.
a rachas chun sochair do which will benefit
" Sna blianta atá amach romhainn, beidh dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.
go mór chun sochair that it would greatly benefit
" Speag sé go mór é a bheith i measc oiread cultúr difriúil agus chonacthas dó go rachadh sé go mór chun sochair a thíre dúchais a bheith chomh hilchiníoch céanna is atá Meiriceá.
sochair benefit
" Tá neart athruithe tagtha ar Bharra an Teampaill, áfach, atá tar éis dul chun sochair an cheantair.
sochair benefits
" Bhí sé níos éasca ag na Faróigh a ndifríocht ó na Danmhargaigh a thaispeáint i dtír an choilíní, in ainneoin gur caitheadh leo mar shaoránaigh Danmhargacha agus gur tugadh na sochair chéanna dóibh a tugadh do dhúchasaigh na tíre.
go rachaidh sin chun sochair na Gaeilge that this will benefit the Irish language
" Is cinnte fosta go rachaidh sin chun sochair na Gaeilge.
sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha tax benefits for foreign investors
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
ag lorg sochair i ndáiríre really looking for benefit
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
ag baint an-sochair deriving great benefit
" Dúirt sé go raibh óstáin, tithe lóistín agus tithe leanna ag baint an-sochair as an tionscal seo ach nach raibh na húinéirí talún ag fáil faic na ngrást.
ag lorg sochair i ndáiríre really looking for benefit
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách benefiting the independent sector
" “Sílimse gur féidir linn chuile chinneadh maoinithe a thóg muid a chosaint sa mhéid is go bhfuil sé ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách.
sochair benefit
" Luann an Roinn na buntáistí a bhaineann leis an teileachomaitéireacht, ina measc: táirgiúlacht níos fearr i measc oibrithe – idir 15 agus 20% de ghnáth; laghdú idir 25 agus 90% ar chostais ag baint le háiteanna oibre; níos mó ama saor ag oibrithe, rud a théann chun sochair an teaghlaigh; níos lú truaillithe de bharr laghdú bheith sa líon daoine atá ag tiomáint chuig an obair.
sochair benefits
" In áit díriú ar “an taobh eile”, molann an NICVA gur cheart béim a dhíriú ar straitéisí frithbhochtaineachta an rialtais, ar an dífhostaíocht, sochair níos airde, pá íosta náisiúnta, cúram leanaí níos fearr, dul i ngleic leis an éagothroime sa chóras sláinte, agus áiseanna cuí, le muinín an phobail a chothú.
ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin using them for his own benefit
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
a rachaidh chun sochair na seandaoine which will benefit the old people
" Lena chois sin ar fad, tá an tAire Sláinte Mary Harney ar tí tionscnamh a fhógairt a rachaidh chun sochair na seandaoine a bhfuil aire á tabhairt dóibh sa bhaile.
in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom despite that it would have greatly benefitted me
" Agus níor fhág mé an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de dá bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.
B'amhlaidh go raibh na hÉireannaigh ag baint sochair as an Aontas in fact the Irish were benefitting from the Union
" B'amhlaidh go raibh na hÉireannaigh ag baint sochair as an Aontas mar go raibh cuid mhór airgid á dhoirteadh isteach sa tír.
chun sochair don bhord to the benefit of the bord
" Táthar ag súil go rachaidh cumas Uí Mhaoilmhíchíl go mór chun sochair don bhord – agus don Ghaeilge – sa tréimhse ceithre bliana atá amach romhainn.
a rachaidh chun sochair which will benefit
" Tá scéim tacaíochta curtha ar fáil ag an Rialtas a rachaidh chun sochair d’ollscoileanna thar sáile ar mian leo múinteoirí Gaeilge a fhostú.
fhéadfadh sé dul chun sochair John McCain it could benefit John McCain
" Cibé iarrthóir a gheobhaidh ainmniúchán an pháirtí, an gcaithfidh lucht tacaíochta an iarrthóra eile vóta ar a s(h)on in aghaidh John McCain i dtoghchán na Samhna? Nó an scoiltfear vóta an pháirtí nó an scoilfear, b'fhéidir, an páirtí é féin? Dá scoiltfí, d'fhéadfadh sé dul chun sochair John McCain.
chun sochair to the benefit
" Dhá rud a rachadh chun sochair don Ghaeilge, dar le Harris, dá bhfógródh Sinn Féin sos cogaidh “sa chogadh seicteach atá ar siúl acu faoi bhrat na Gaeilge.
chun sochair do to the benefit of
" Chuaigh an chuid eile den airgead chun sochair do mhuintir na Gaeilge, an dtuigeann tú.
sochair benefits
" Tá na pinsin agus na beartais eagrú ama sa tseirbhís phoiblí an-chosúil leis na rudaí céanna san earnáil phríobháideach” Tháinig na seirbhísí slán mar sin – tá an chuid is mo de na sochair chéanna ar fáil – ach cuireadh an-athrú ar an chaoi a gcuirtear ar fáil iad.
sochair profit
" Fágadh faoi lucht na sainte dhá chineál banc agus dhá chineál dochair agus sochair a mheascadh ina chéile.
a rachaidh chun sochair shall benefit
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
chun sochair for the benefit
" Thug an FRU cead dó gunnaí a smuigleáil go tuaisceart na hÉireann ón Afraic Theas chun sochair an UDA - agus bhí luach ar a shaothar.
bheith chun sochair be to the benefit
" Seachas cúiseanna a bhaineann le cearta an duine, d’fhéadfadh tabhairt chun rialtacha inimirceach lasmuigh den dlí a bheith chun sochair an Stáit.
curtha chun sochair ag worked to the benefit of
" ” Tá an t-imeascadh agus an neamhchiontacht seo curtha chun sochair ag na Dreamers chun iad féin a idirdhealú ó inimircigh eile lasmuigh den dlí agus chun bá an phobail Mheiriceánaigh a thuilleamh.
a bheas chun sochair gach duine which shall benefit all
" Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
na sochair the benefits
" Tá rialtas Cameron i ndiaidh na sochair leasa shóisialaigh a chiorrú go géar.
a chur chun sochair to the advantage
" Aithníonn an coincheap seo go bhféadfaí agus go mba chóir eisimirce ón domhan forásach a chur chun sochair don chuid sin den chruinne, agus ní hamháin don Iarthar.
ag dul chun sochair benefitting
" Phléigh siad fosta Móráireamh na nGabhar agus na Muc, agus an dóigh a bhfuil an Móráireamh seo ag dul chun sochair d’fheirmeoirí na hÉireann agus d’fheirmeoirí an domhain ar fad.
a mhaígh nach chun sochair na teanga that it was for the language’s benefit
" B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
sochair benefit
" Tá Rialtas na hAstráile ag maíomh go rachaidh comhaontú nua atá sínithe idir an tír agus na Stáit Aontaithe chun sochair fheirmeoirí na hAstráile ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá go leor daoine sa tír amhrasach faoi.
rachaidh sé go mór chun sochair dóibh it will benefit them greatly
" Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.
chun dul go mór chun sochair don oideachas trí Ghaeilge to greatly benefit Irish language education
" D'oibrigh Eoin Mac Thiarnáin go crua ar son na Gaeilge agus chultúr na hÉireann le linn a shaoil agus anois tá airgead a bhronn sé ina thiomna chun dul go mór chun sochair don oideachas trí Ghaeilge sna Sé Chontae.
go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann that that could greatly benefit Northern Irish society
" Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair Corcoran's skills will greatly benefit
" Measann Eoghan Ó Néill go rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.