Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
searmanas na sochraide funeral ceremony
" Chuaigh an fear céanna go Baile Átha Cliath le searmanas na sochraide a dhéanamh do Terence Bellew McManus nuair nár cheadaigh an Cairdinéal Pól Ó Cuilinn d'aon sagart as a dheoise freastal ar chorp an tsean-Fhínín.
riar mé ag na sochraidí I administered at the funerals
" Bhí aithne agam orthu - riar mé ag na sochraidí agus mar sin de.
sochraid funeral
" Scrúdú iarbháis ======= Ba chúis mhór bróin eile don teaghlach nuair a fuair siad amach ó na póilíní nach mbeadh siad ábalta corp Brenda a fháil nó sochraid a eagrú ar feadh 25 lá ar a laghad, mar go mbeadh scrúdú iarbháis ann.
sochraid funeral
" Ná ní thógfadh an sagart paróiste leis í le cur sa reilig nuair nach bhféadfadh sochraid iomlán agus searmanas a bhaint aisti.
sochraid funeral
" Tá an nós ann bia a roinnt le daoine eile ag tórramh nó sochraid, in ainneoin duine a rabhthas ceanúil air a bheith marbh, chun cur i gcuimhne do gach duine go bhfuil an dream atá i láthair fós beo, agus gur gá iad a chothú.
tugadh sochraid mhór bhreá dó he was given a fine big funeral
" Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
ag a shochraid at his funeral
" Ceardchumannaí agus gníomhaí pobail ab ea é agus bhí banna ceoil Jim Larkin mar gharda gradaim ag a shochraid.
lá na sochraide the day of the funeral
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
a sochraid, her funeral,
" Bhíodh sí i gcónaí buartha mar gheall ar a sochraid, nach mbeadh go leor airgid aici le híoc aisti.
ag a shochraid. at his funeral.
" Measadh go raibh 4,000 duine ag a shochraid.
ag a sochraid. at their funerals
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
shochraid funeral
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
sochraide funeral
" Caitheann sí mí fá réim cheimice san otharlann tar éis na sochraide, go dtí go dtógann a teirpeoir chéile fána sciathán féin mar othar í.
shochraid funeral
" D'fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh.
sochraide burial
" Thosaigh nósanna nua sochraide leis na mairbh a chosaint ar vaimipírí ag éiri coitianta cosúíl leis an chorpán a chur bun os coinn san uaigh agus corrán agus speal in aice leis.
Sochraid funeral
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí an smaoineamh ag roinnt againn, ar ghoill an tuarascáil orainn, ‘Sochraid na Gaeltachta’ a eagrú, ag tosnú i gCarna agus ár mbealach a dhéanamh aniar le cósta, ag bailiú isteach sa chónra iarsmaí de chultúr na Gaeltachta ar an mbealach aniar agus sa deireadh an cónra a ligint le sruth ag Cladach na Gaillimhe.
sochraid funeral
" Bhí Seosamh agus a dheartháir Séamus i láthair ag sochraid Arthur Griffith agus iad gar go maith do Michael Collins agus Risteard Mulcahy.
sochraid funeral
" Bhí sochraid an tSáirsint Burgan ar an leathanach tosaigh den *Liverpool Daily Post* (14.
a sochraid her state funeral
" Ní bhfuair Kathleen bás go dtí 29 Meán Fómhair 1972 agus chuaigh scaifte ón Ionad go Baile Átha Claith le bheith ag a sochraid stáit.
sochraid stáit a state funeral
" Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
Léirítear sochraid a funeral is shown
" ) Léirítear sochraid sa ghiota sin, ar an nasc úd, tar éis bhás an gharsúin William Bullock nuair a thit de chapall.
freagracht na sochraide responsibility for the funeral
" Ghlac an Ministir Andy Cramed le freagracht na sochraide, iarbhithiúnach ó bháid an Mhississippi sular bhuail taom naofachta é nuair a bhí sé i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais sa Bella Union.
gléasta chun sochraide dressed for a funeral
" Ní raibh cead aici na súile ardú, ach ní raibh amhras orm go raibh sí tar éis radharc maith a fháil ar an gcuairteoir eachtrannach bhí gléasta chun sochraide.
ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid to be pallbearers at his funeral
" Thaistil siad an t-achar fada ó na Stáit Aontaithe le bheith ina n-adhmholtóirí agus ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid.
sochraidí plódaithe crowded funerals
" Feictear sochraidí plódaithe New Orleans go luath, ócáidí casta ceolmhaire nuair a shiúlann lucht an chomhbhróin cúpla mile fiú ón séipéal go dtí an reilig.
Casadh dom é ag sochraid I met him at a funeral
" Casadh dom é ag sochraid breis is deich mbliain ó shin.
lá sochraide the day of the funeral
" Ní raibh sé mar sin an lá roimhe, lá sochraide Margaret Thatcher.
sochraid a athar his father’s funeral
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
gan sochraid without a funeral
" Ba ghnách na gasúir seo a chur i reilig gan aon chomharthaíocht nó gan sochraid.
ina préachán sochraide like a crow going to a funeral
" Thug Amanda Reid aghaidh ar bhainis ina préachán sochraide d’easpa aon bhall éadaigh tirim a bheith aici.