Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An teachtaireacht shoiléir the clear message
" An teachtaireacht shoiléir atá i gceist anseo ná nach bhfuil an pionós báis tuillte ag aon duine a mharaíonn fear aerach.
rogha níos soiléire a clearer choice
" rogha níos soiléire ======= Ach bheadh buntáiste níos fadtéarmaí ag baint leis an straitéis seo don Lucht Oibre.
treoir shoiléir clear guideline
" Tá súil againn go mbeidh pleanáil teanga mar chuid lárnach de seo, mar is cúis díomá le fada é nach bhfuil aon treoir shoiléir á tabhairt maidir leis na bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi fhorbairt na Gaeilge, go háirithe i dteaghlaigh agus i ngluaiseachtaí pobail.
míniú soiléir a clear meaning
" Tá an smaoineamh áirithe seo faoi thaithí oibre an-doiléir go fóill agus tá gá le míniú soiléir ar an dóigh a bhfuil sé i gceist an córas a chur i bhfeidhm.
priontáilte go soiléir clearly printed
" Mar sin, nuair atá suíomh gréasáin á dhearadh is fearr i gcónaí gach eolas tábhachtach (agus fiú amháin na nascanna ó áit amháin ar an suíomh chuig áit eile) a bheith priontáilte go soiléir sa phríomhchuid den téacs ar an leathanach.
léargas soiléir clear insight
" Tugann sé seo go léir léargas soiléir ar an tábhacht a bhaineann leis an striapachas san Iodáil, go háirithe i gcomparáid le tíortha eile.
soiléir amach is amach crystal clear
" Bhí sé seo soiléir amach is amach i mí na Nollag nuair a bhagair an 34,000 ball de cheardchumann an lucht iompair stop a chur le seirbhís bus agus traenacha fothalún na cathrach, mura mbeadh ardú an-mhór pá i gceist ina gconradh nua.
soiléir clear
" Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh.
go soiléir clearly
" Deir sé amach go soiléir gur daoine muid le coinsias atá ag súil le rudaí níos fearr ar an domhan seo.
níos soiléire more evident
" Níl sé sin níos soiléire áit ar bith, bloc i ndiaidh bloic, ná ar Staten Island, Nua-Eabhrac.
soiléir do chách clear to everyone
" Bhí an teachtaireacht (is é sin, go bhfuil a theanga féin ag gach náisiún) soiléir do chách i mo ghrúpa, idir Ghaeilgeoirí agus iadsan gan Ghaeilge, cé nár dúradh rud ar bith os ard.
is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat it becomes clearer that you have little understanding of it
" "Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
níos soiléire clearer
" org/) is féidir na socruithe codarsnachta sna pictiúir a athrú agus píosaí de na pictiúir a mhéadú chun gné faoi leith a dhéanamh níos soiléire.
soiléir clear
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tá an ráiteas misin atá againn gearr agus soiléir: "Gaeltacht a bhunú agus a chothú".
tá sé soiléir don saol mór it's clear to everyone
" Ar aon nós, tá sé soiléir don saol mór anois go mbeadh géarchéim sa gheilleagar, ní hamháin sa Spáinn ach i dtíortha eile ar nós na hÉireann chomh maith, dá dtitfeadh praghas na dtithe go tobann.
go soiléir clearly
" Bhí go leor taithí againn nuair a bhunaigh muid an comhlacht agus thuig muid go rímhaith an obair a bhí ar bun againn agus bhí ár spriocanna leagtha amach go soiléir againn.
soiléir clear
" Is féidir le go leor rudaí dul amú nuair a bhíonn an próiseas mall seo á úsáid - mar shampla, mura bhfuil sé soiléir cé a fuair an príomhvóta (uimhir a haon) ar pháipéar ballóide, ní féidir an vóta sin a chomhaireamh.
soiléir clear
" Ach, tá rud amháin soiléir, is é sin go bhfuil cúrsaí spóirt millte uair amháin eile ag airgead agus saint agus nach bhfuil sa scéal seo faoin mbainisteoir ach sampla amháin eile den "Capall*ology*" a bhaineann le cúrsaí spóirt uaireanta! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
soiléir clear
" Tá sé soiléir go bhfuil dúil ag náisiúnaithe an tuaiscirt sa pholaitíocht phoblachtánach, ach nach maith leo an foréigean poblachtánach.
go soiléir clearly
" Bhí sé sin le feiceáil go soiléir ag an gceiliúradh neamhspleáchais le gairid nuair a thug banna as an Indinéis coirm cheoil saor in aisce a mheall na sluaite.
comhartha soiléir clear sign
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
soiléir clear
" Tá sé soiléir go bhfuil na poblachtánaigh, a bhí gníomhach ó na seachtóidí i gcoimhlint na Sé Chontae, anois ag díriú ar chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil a fháil dóibh féin ó thuaidh agus ó dheas.
soiléir clear
" Mar a bhíonn fíor go minic i gcás coimhlintí mar seo, níl sé soiléir cén dóigh go díreach a thosaigh círéibeacha na bliana 1870.
soiléir clear
" Bhí an dochtúir ag maíomh go raibh uair na cinniúna sroichte ag an gcóras sláinte poiblí sa tír seo - rud ata soiléir go leor do a lán daoine.
is soiléire clearer
" *"The Religious Right is Neither Religious nor Right"* (greamaitheoir ar thuairteoir cairr) *"Christian Right is Better than Wrong"* (greamaitheoir tuairteora de chuid an Christian Coalition of America) Dá mhéad ama a chaithim in Éirinn is soiléire dom na difríochtaí caolchúiseacha atá idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, mo thír dhúchais.
nach léiríonn go soiléir who doesn't show clearly
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
soiléir clear
" Dáiríre, go dtí go mbíonn sé soiléir go n-íocfaidh imreoirí praghas daor as calaois "ghairmiúil" nó "chiniciúil", ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach.
soiléir clear
" Tá sé soiléir cén plean atá ag Rialtas na Síne: tar éis blianta fada a bheith caite aici ina tír chumannach, scoite amach ón domhan, ba mhaith leo iarracht a dhéanamh páirt a ghlacadh sa domhan anois.
níos soiléire more obvious
" Tá an pholaitíocht idirnáisiúnta mar chuid níos soiléire den saol laethúil na laethanta seo.
soiléir clear
" Córas iontach soiléir atá ann, ina bhfuil chuile rud scríofa agus comharthaí i ngach áit.
soiléir clear
" "Beidh sé soiléir d'fhostóir, má bhíonn, abair leibhéal A2 bainte amach ag duine, go bhféadfadh siad rudaí áirithe a dhéanamh.
níos soiléire more clearly
" coinneappointment céimiúildistinguished santachgreedy cíocrachgreedy súmairescrounger sprionlóirmean neart airgidplenty of money go bhfostaím thúthat I employ you tuarastalsalary teanntight beidh mé ar shiúlI'll be off níos soiléiremore clearly gnóthachbusy bolgam taesup of tea Lig do scíste.
patrún soiléir clear pattern
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
soiléir clear
" “Nuair atá tú i do chónaí go leanúnach in áit, b'fhéidir nach bhfeiceann tú athruithe ag tarlú go soiléir.
patrún soiléir clear pattern
" Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil.
go soiléir clearly
" Murab ionann agus formhór Stát-Rúnaithe Thuaisceart Éireann, leithéid Mates, Mayhew, agus Mandelson, tá an tUasal Hain tar éis a léiriú go soiléir nach bhfuil aon ghrá aige don seanchóras impiriúil ná d’oidhreacht na himpireachta sa lá inniu.
an-soiléir very obvious
" Cé go bhfuil mé i mBéal Feirste le deich mbliana anois, téann sé dian orm go fóill déanamh amach cé acu grúpa lena mbaineann duine, ach amháin má tá sé an-soiléir, mar shampla más Wesley nó Seamus an t-ainm atá air.
soiléir clear
" D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill trí ghairdíní na gcomharsan! Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola.
Léiriú soiléir clear illustration
" Léiriú soiléir ar chomh láidir agus bhí an dearcadh seo i measc chosmhuintir Fhianna Fáil is ea an comóradh caoga bliain a d'eagraigh an páirtí i 1966 in onóir laochra na Cásca.
an-soiléir go deo very clear indeed
" “Déarfadh pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste nach raibh baint agam riamh leo ó tháinig mé anseo! Tugann cuid acu ‘*snob* na Gaeilge orm’! Bíonn siadsan ag rá nach féidir leo mé a thuiscint ach sílim go bhfuil Gaeilge an-soiléir go deo agam.
soiléir clear
" “Tá sé soiléir le blianta anuas,” a deir Ray Yeates, “go bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe i mbarr réime i saol amharchlainne na tíre, is cuma cé acu Gaeilge nó Béarla atá i gceist, agus go bhfuil clú tuillte ag aisteoirí mar Dhiarmuid de Faoite.
soiléir clear
" Bhí sé soiléir don saol mór nár thug Joanne an ráiteas do na Gardaí dá stuaim féin ach go rabhthas tar éis brú éagórach a chur uirthi agus go raibh na Gardaí anois ag insint bréag ag iarraidh iad féin a chosaint.
soiléir clear
" Beidh muid ag díriú chomh maith ar an gcomhartha craolta a láidriú mar go bhfuil áiteacha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil an comhartha chomh soiléir is ba chóir dó bheith.
rí-shoiléir extremely clear
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
is soiléire clearest
" Ní cúis iontais é go bhfuil cúpla difríocht mhór idir paisinéirí agus lasta! An ceann is soiléire ná go bhfilleann formhór na bpaisinéirí ar ais abhaile ar ball (téann duine go dtí an oifig ar maidin agus ar ais abhaile tráthnóna, nó téann sé go Marbella ar feadh seachtaine agus filleann sé ar ais ina dhiaidh sin) ach ní fhilleann an chuid is mó den lasta ar ais.
soiléir clear
" Ón tús, áfach, bhí sé soiléir go raibh níos mó den ghnáth-theannas a bhíonn ag baint le cluichí sinsearacha idirchontae an taca seo bliana le brath ar an imirt idir Tír Eoghain agus Áth Cliath, ach ba bheag a cheapas, ná éinne eile is dóigh, gur sórt seamlais d’ócáid spóirt a nochtfaí os comhair na gceamaraí agus an tsaoil mhóir.
ton soiléir clear tone
" Tá scil faoi leith ag baint le ton soiléir a bhaint as an bhfeadóg mhór agus í a líonadh i gceart.
i bhfad níos soiléire a lot clearer
" Tá sé seo i bhfad níos soiléire nuair a bhreathnaíonn tú ar an Ord Oráisteach.
sách soiléir clear enough
" B’fhéidir nach raibh an tacaíocht acu ó dhóthain dá gcomhimreoirí nó b’fhéidir nach raibh a gcuid aidhmeanna sách soiléir.
le brath go soiléir to be felt clearly
" Ar an bpáirc tar éis an chluiche bhí an t-áthas agus an gliondar croí le brath go soiléir, go háirithe i measc na múinteoirí agus na dteagascóirí a mhúin scileanna na hiomána do na buachaillí a rinne gaisce ar an bpáirc nóiméid roimhe sin.
soiléir clear
" Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
níos soiléire clearer
" Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.
soiléir clear
" Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach sé ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán le blianta anuas, bhí rud amháin soiléir dó: “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint.
soiléir clear
" Nuair a fheictear an meon dearfach i leith na teanga atá ag na daoine óga atá ag plé le Cumann na bhFiann, tá sé soiléir go bhfuil an aidhm seo bainte amach.
ag éirí soiléir becoming clear
" Ach anois tá straitéis Google ag éirí soiléir – tá áis nua curtha ar fáil acu ar líne chun doiciméid a chruthú ag http://docs.
cuimhne an-soiléir very clear memory
"cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
breá soiléir very clear
" “Bíonn daoine ar ‘How Clean Is Your House’ agus é breá soiléir nach bhfuil roinnt acu ábalta an ceann is fearr a fháil ar an saol.
soiléir, greannmhar clear, funny
" Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán *fuck*anna! Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn.
go soiléir glé clearly
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir. The statistics show that clearly.
" Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir.
soiléir clear
" Tá teanga an leabhair beacht ina cur síos ar charachtair agus ar mhothúcháin; níl na línte rófhada ach tá siad lán eolais; tá an scéal soiléir gan a bheith róshimplí agus tá an teanga saibhir gan a bheith doiléir.
polasaithe soiléire, réalaíocha clear, realistic policies
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
soiléir clear
" Cad a bhí aige ina lámha? Cén saghas croise a bhí á cur aige timpeall air féin? Agus cén fáth go raibh a lámha ag bogadh an t-am ar fad? Agus cad é an fhuaim dhiamhair sin a bhí ag teacht astu? Lacha? Coilleach? Gé? Ceol? Labhair an píobaire go mall sollúnta ach bhí gáire ina shúile agus bhí sé soiléir go raibh gean aige ar na páistí.
níos soiléire more interesting
" Tá siad i bhfad níos suimiúla agus níos soiléire ná liostaí.
soiléir clear
" Agus bhí sé soiléir go raibh sí sásta lena saol.
Comhartha soiléir eile Another clear sign
" Comhartha soiléir eile é seo go bhfuil aighneas sa pháirtí.
go soiléir clearly
" Bhíos ag iarraidh an mothúchán agus an ceol sin a léiriú go soiléir do lucht éisteachta nua, daoine nár chuir suim sa sean-nós roimhe seo b’fhéidir, agus shocraigh mé go mba mhaith an rud é ceol a chur leis na hamhráin.
tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de. it's very clear from this version of it.
" Is amhrán searbh feargach é agus tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de.
tá sé soiléir it is clear
" Bhí sé uilig as Gaeilge! Ansin, thug mé faoi deara gur chuir siad aistriúchán Béarla chugam ar dtús!” Tá línte Béarla ag Meaney agus tá sé soiléir gur éirigh go breá leis an charachtar, Joe, thall.
soiléir clear
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
go soiléir clearly
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
rud a thugann le fios go soiléir something which implies clearly
" ”Aon uair a luann Myers Sinn Féin i rith an agallaimh, nascann sé an IRA leo - rud a thugann le fios go soiléir cén dearcadh atá aige ina leith.
soiléir: clear
" Go tobann, tá an fhís atá ag Google soiléir: ba mhaith leis an gcomhlacht a bheith lárnach i do shaol agus gach eolas a bheith acu mar gheall ort.
soiléir clear
" Tá na rialacha a bhaineann leis na raonta rothar sa tír seo casta in amanna, agus ní bhíonn sé soiléir cé aige a bhfuil an ceart slí Ní hamháin go gcuireann leagan amach na raonta rothar mearbhall ar dhaoine, ach bíonn sé doiléir freisin cad iad na hamanna ar féidir úsáid a bhaint astu.
is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh. the more it is clear to me that it will be that way
" Dá mhéad a smaoiním air, is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh.
go soiléir, clearly
" Ní hamháin sin, ach is beag contae eile a bhfuil an bua sin acu – cé is moite de Thír Eoghain sa pheil agus Corcaigh agus Port Láirge san iomáint, ach tá laigí eile ag baint leis na contaetha sin nach bhfuil ag baint, go soiléir, le Ciarraí nó ag Cill Chainnigh.
iontach soiléir terribly clear
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
freagra soiléir clear answer
" Ach an raibh bealach eile ann le déileáil leis an chás agus an raibh machnamh ar bith déanta ar an fhéidearthacht go dtarlódh an fhadhb seo? Bhí go deimhin, agus freagra soiléir mar a tharlaíonn.
comhartha soiléir clear sign
" Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin.
Bhí sé soiléir go it was clear
" Bhí sé soiléir go raibh Barry cleachta le bheith ag déileáil leis na hÉireannaigh agus iad sa Spáinn, agus bhí muid ag caint agus ag gáire taobh istigh de chúpla nóiméad.
fasaigh shoiléire clear precedents
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
rud atá le sonrú go soiléir something that comes across clearly
" Cé go bhfuil breis agus ceithre scór bainte amach ag na daoine ar fad a bheidh le cloisteáil faoi agallamh i gcaitheamh na sraithe seo, tá siad uilig fós an-ghníomhach agus tá siad lán fuinnimh, rud atá le sonrú go soiléir sna hagallaimh.
chomh soiléir céanna quite as clearly
" Spórt na bhfear atá faoi chaibidil agam anseo, ach gach seans gurb amhlaidh atá cúrsaí ó thaobh spórt na mban de, cé go mb’fhéidir nach bhfuil feidhmeanna na mball leagtha amach chomh soiléir céanna i gcás na mban.
soiléir clear
" Agus i dtaca leis na heascainí sin, nach maith mar a roghnaigh sé an bhean cheart le bheith ag caint mar sin léi? Máire Ní Chlochráin, atá anois ina Tánaiste, a bhfuil tuigbheáil as an choiteann aici ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, a chuala é go soiléir.
soiléir go leor clear enough
" Cé gur cabhair éigin é leabhrán an Choimisiúin Reifrinn, ní féidir a rá go bhfuil sé soiléir go leor le sinn “a chur ar an eolas chun cinneadh oilte a dhéanamh”, mar a mhaíonn an Coimisiún féin ar chlúdach tosaigh an leabhráin.
íomhánna soiléire beachta clear exact images
" A bhuíochas leis an tsatailít Mars Express, bhí bunadh an domhain mhóir ábalta íomhánna soiléire beachta de dhromchla an phláinéid a fheiceáil ar an idirlíon an mhaidin Luain sin.
soiléir clear
" Mar bharr air sin, bhí sé soiléir nach raibh cuid mhaith den lucht polaitíochta eolach ar an Chonradh nó eolach ar mhodh oibre an AE mar atá sé.
soiléir clear
" Mar bharr air sin, bhí sé soiléir nach raibh cuid mhaith den lucht polaitíochta eolach ar an Chonradh nó eolach ar mhodh oibre an AE mar atá sé.
go soiléir clearly
" Is cinnte go bhfuil pobal láidir Polannach i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann, agus bhí sé seo le feiceáil go soiléir ar an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Craców.
go soiléir clearly
" Tá Raidió Mhanann ar fáil go soiléir ar chósta an oirthir ar na meántonnta agus d’éistinn le *Claare ny Gael*, clár na MANAINN: FÍRICÍ Tíreolaíocht: I lár Mhuir Éireann, idir Éirinn agus an Bhreatain.
idirdhealú sách soiléir clear enough distinction
" Mar sin, ní dóigh liom go ndéanann an Ghaeilge idirdhealú sách soiléir idir an dá rud.
de cheal radhairc shoiléir, for want of a clear view
" Pléascann an spéir, steallann báisteach anuas orainn agus de cheal radhairc shoiléir, moillím an carr go cúig mhíle san uair.
ba shoiléir it was clear
" Rinne Nuacht TG4 tuairisc ar an scéal agus ba shoiléir go raibh muintir na háite míshásta le hiompar Chomhairle Chontae Dhún na nGall.
léiríonn sé go soiléir it clearly shows
" Ach léiríonn sé go soiléir go bhfuil foinsí eile de dhíth chun fís fhadtéarmach a thabhairt i gcrích.
plean ciallmhar soiléir sensible clear plan
" Má tá plean ciallmhar soiléir acu, níor chuala mise faoi.
gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir that they should announce clearly
" Ach thar aon rud eile, mholfainn don rialtas gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir go ndéanfaidh siad gach rud atá ar a gcumas acu lena chinntiú go mbeidh an cháil ar an tír seo arís mar thír atá láidir ó thaobh easpórtála de.
ní ba shoiléire more clearly
" Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh tuiscint ní ba shoiléire ag a chomhghleacaithe ar an bhfadhb mar gheall ar na cuairteanna, agus go mbeadh smaointe ní b’fhearr acu le dul i ngleic léi.
soiléir clearly
" Bhí an taisteal sa tSeapáin féin an-eagraithe, an bus, an tiománaí agus duine ón ghníomhaíocht ag feitheamh linn gach maidin agus clár an lae scríofa amach breá soiléir.
Is soiléire more obvious
" Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn.