Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go soineanta innocently
" " "Na huibheacha?" a d'fhiafraigh mé, go soineanta, mar dhea.
soineanta innocent
" " Tháinig sé chugam agus mé ag breathnú na heala go raibh mé chomh soineanta léi, go raibh mise i mo chónaí i lár an bhealaigh mhóir agus nach raibh ann ach ceist ama go leagfadh carr mise.
soineanta naive
" Sílim go mbíonn deisceartaigh sa tuaisceart saghas soineanta, a mbunáite.
soineanta innocent
" Ainm fíor-neamhGhaelach a bhronn mo thuismitheoirí orm nuair a bhí mé i mo leanbh soineanta, rud a bhíonn ina ualach d'aon *English Canadian* ar suim leis rudaí Gaelacha, go háirithe ó d'éirigh an tír chomh gafa sin le Riverdance.
soineanta innocent
go soineanta innocently
" Cén plean? a d'fhiafraigh Marion go soineanta.
shoineanta innocent
" Ó, ní beag an difríocht idir súile an taistealaithe agus an núíosaigh! Tháiníos anseo le hintinn (chuíosach) ghlan úr shoineanta, ach a leithéid de gheit a baineadh asam! Cé go bhfuil Béarla iontach maith ag mic léinn na cathrach agus ag formhór na ndaoine fé bhun 35 bliain d'aois, bíonn sé deacair go leor d'eachtrannach agus é ag iarraidh a bhealach féin a dhéanamh ag falróid thart i gcúlsráideanna na cathrach.
pléisiúr soineanta innocent pleasure
" Tríd is tríd níl aon dochar iontu agus is minic go dtugann siad pléisiúr soineanta agus bealach éalaithe ó chuid den teannas agus strus a mbíonn orainn go léir déileáil leo ó lá go lá.
léitheoireacht shoineanta na hóige the innocent reading of youth
" Admhaíonn sé go bhfuil cumha air i ndiaidh léitheoireacht shoineanta na hóige ach ag an am chéanna is í an léitheoireacht shoineanta sin aige an bhunchloch faoi shaothar acadúil an dhuine fhásta.
níos soineanta more innocent
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
stíl shoineanta naive style
" Ba ghnách le Picasso, Klee agus Miró saothar páistí a bhailiú - is cosúil go ndeachaigh an stíl shoineanta gan srian i bhfeidhm orthu.
soineanta innocent
" Bhí mé i ngrá leis an bhialann sin, leis an Guinness úr agus leis na ceoltóirí dathúla óga, ach lá amháin, faraor, dúnadh doirse Flemings agus ní raibh a fhios agamsa, mar gheall ar chomh soineanta is a bhí mé, go raibh an deoch dhubh agus ceol croíúil den saghas céanna le fáil sna céadta tábhairne eile i mBostún.
soineanta innocent, naive
" Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d'éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA.
soineanta naive
" Déarfadh daoine áirithe liom go bhfuil mé soineanta, neamhurchóideach agus dá mba rud é go raibh cónaí orm anseo go mb’fhéidir go mbeadh tuairim eile agam.
soineanta innocent
" Dúirt sé le Brian McAvera san *Irish Arts Review *gur duine soineanta a bhí ann suas go dtí na 1970í luatha, nár fhulaing mórán stró ag dul isteach i saol na healaíne.
soineanta innocent
" ” “Nach dóibh siúd a bhí muid ag cruinniú airgid?” a d’fhiafraigh Poncánach bocht soineanta eile.
soineanta innocent
" Os a choinne sin, tá an tAire Oideachais Mary Hanafin soineanta amach agus amach má cheapann sí go leigheasfar na fadhbanna a bhaineann le múineadh theanga oifigiúil an stáit seo inar scoileanna tríd an churaclam a athrú.
soineanta innocent
" Os a choinne sin, tá an tAire Oideachais Mary Hanafin soineanta amach agus amach má cheapann sí go leigheasfar na fadhbanna a bhaineann le múineadh theanga oifigiúil an stáit seo inar scoileanna tríd an churaclam a athrú.
soineanta naive
" Críonnacht na muintire, gan cheist – sa dara beart, pé scéal é! Nach sinne a bhí soineanta agus bua na muintire á cheiliúradh againn.
soineanta innocent
" Deir sí go raibh sí “soineanta”, ó thaobh na polaitíochta de, nuair a thosaigh sí ag obair sa phost ar dtús agus go raibh dearcadh eile aici maidir leis an pholaitíocht faoin am a d’fhág sí.
an iris bheag shoineanta sin that innocent little magazine
" Ní Luke Kelly atá i gceist agam, ná Barney McKenna ach oiread, ach an iris bheag shoineanta sin a chuir ainm bhean chéile Tiger Mac Coille faoi phictiúr de Bhalor nocht, nó de dhuine inteacht a bhí iontach cosúil liom.
go soineanta naively
" Creideann siad go soineanta nach nótaí Síónacha de chuid Scofield ach briathar Dé atá ann.
soineanta innocent
" Ní hé nach ndearnamar iarracht, a d'fhreagraíos, chomh soineanta agus ab fhéidir liom.
soineanta innocently
" ”Fiafraím de go simplí soineanta cén fáth nár thug Bean Mhic Róibín dó an chreidiúint a bhí tuillte aige agus tugann sé freagra i nguth atá lán le díchreideamh go bhféadfainn a leithéid de cheist a chur.
soineanta innocent
" Ach nuair a sháraíonn an t-olc an mhaith, bíonn daoine soineanta thíos leis i gcónaí.
soineanta gullible
" Seafóid arís, ar ndóigh, ach éistfidh daoine óga soineanta leis an tseafóid agus creidfidh siad é.
shoineanta innocent
" Tá cuma shoineanta, a bhaineann le ré eile, ar an úsáid a bhain taoisigh is Airí Stáit as an teanga agus iad i mbun oibre nuair a amharctar ar chuimhní cinn Aylward trí lionsa comhaimseartha.
soineanta innocent
" Ainmníodh duine amháin sa bhfiosrúchán cheana, amadán óg sa chomhlucht, darb ainm Fabrice Tourre, a chuir síos ar féin mar "*The Fabulous Fab*" agus a bhí chomh soineanta sin gur úsáid sé a chuntas ríomhphoist chun litreacha faoi na bhearta a sheoladh chuig a chairde.
soineanta innocent
" Tá sé chomh leochaileach, soineanta.
soineanta innocent
" Ach bheadh duine ar bith a cheapann go mbeidh cúrsaí Gaeilge is Gaeltachta ar bharr liosta siopadóireachta cheachtar pháirtí thar a bheith soineanta.
tuiscint shimplí shoineanta a simple innocent reading
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
soineanta innocent
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
Cheap mé go soineanta I innocently thought
" Cheap mé go soineanta go n-iompródh m’fhear céile an trealamh dom dá mbeadh sé trom ar aon chaoi ach baineadh siar asam nuair a dhiúltaigh sé glan amach toisc go raibh a threalamh féin á iompar aige! Nuair a taispeánadh na bunghníomhartha dom sa rang teagaisc, bhain mé an-taitneamh as an sciáil.
soineanta innocent
" Ba é údar iaróige na bliana roimhe sin, ná cé acu ab fhearr, peileadóirí glice, sotalacha (dar le muintir na ‘tuaithe’) na hardchathrach nó imreoirí fearúla, ‘soineanta’ na ‘Ríochta’.
neafaiseach neamhurchóideach soineanta unremarkable, harmless, innocent
" Féach an méid focal Béarla atá de dhíth chun an focal beag neafaiseach neamhurchóideach soineanta Gaeilge sin a mhíniú.
ag aos leochaileach soineanta at an innocent tender age
" Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil sé d’acmhainn ag páistí teacht ar eolas ar Facebook agus eile nár cheart dóibh a bheith á léamh ag aos leochaileach soineanta.
agus é suite go soineanta while he sits innocently
" D’fhéadfadh naoscaire crosta a bheith fíorchontúirteach dá dtogródh sé an réiteoir a scaoileadh nó níos measa ná sin, an Taoiseach féin agus é suite go soineanta ar Ardán Uí Ógáin lá cluichí ceannais na hÉireann.
chomh soineanta is so innocent
" Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal? Agus ceist eile: cé na hathruithe is mó atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl mé go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.
ar dhúnmharú uafásach duine soineanta around the terrible murder of a naive person
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
Eachtra soineanta, spraoiúil a funny innocent incident
" Eachtra soineanta, spraoiúil a bhí ann, i measc daoine fásta, ach nuair a d’fhág muid an loch, thug mé faoi ndeara go raibh cuma míshásta ar bheirt bhan nach raibh san uisce linn.
chomh soineanta le naíonán as innocent as a child in a cradle
" Bhí an chosúlacht air go raibh dea-spéir os a chionn, go raibh sé chomh saor ó cháim agus chomh soineanta le naíonán.
bhfuil sé soineanta ná mothaolach he’s innocent or simple
" Deirtear gur fear simplí é a chaitheann saol simplí, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé soineanta ná mothaolach.
soineanta naive
" Tá sé soineanta fosta a bheith ag ceapadh go mbeidh an léitheoir ag dul lom láithreach chuig an nuachtán nua Gaeilge leis an chor is deireanaí faoin eitleán atá ar iarraidh san Aigéan Indiach a aimsiú.