Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á soláthar being provided
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
sholáthar feabhsaithe improved supply
" "Measann an Bord go bhfuil an príomhéileamh ar sholáthar feabhsaithe leictreachais 110 kV ag teacht ó Leitir Ceanainn.
ag soláthar supplying
" Cén t-iontas, a deirtear, go bhfuil cluichí Phríomhroinn an FAI chomh dona sin, agus go mbuailtear clubanna Éireannacha den pháirc nuair a imríonn siad san Eoraip? Níl ionainn, ar ndóigh, ach tír bheag, mar a bheadh goradán ann ag soláthar imreoirí maithe óga do chlubanna móra an Premiership.
a sholáthar to provide
" Tá pleananna ag na húdaráis áitiúla chun láithreáin staid oifigiúla a sholáthar ach tá ag teip orthu na pleananna sin a chur i bhfeidhm i gceart.
a sholáthar to provide
" Faoin athstruchtúrú nua, tá Aertel agus News Online tagtha le chéile chun seirbhísí Comhpháirtíocha RTÉ (RTÉ Interactive Services) a sholáthar.
soláthar cóir proper provision
" Caithfidh an Rialtas soláthar cóir a chur ar fáil a chinnteoidh é seo.
sceideal níos éagsúla a sholáthar provide a more varied schedule
" Thabharfadh seo an deis dóibh réimse níos leithne sainchláracha a chur ar fáil agus sceideal níos éagsúla a sholáthar.
slabhra an tsoláthair the chain of supply
" Níl slabhra an tsoláthair dlíthiúil, rud atá ina chontrárthacht.
soláthar supply
" Caithfidh soláthar cláracha a bheith ann ag deireadh chuile sheachtain.
a sholáthar provide
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
á soláthar being provided
" Tá seirbhís den scoth, ag tógaint easpa foirne agus easpa airgid san áireamh, á soláthar againn do scoileanna agus don phobal le blianta fada.
soláthar supplying
" Ní chlúdaíonn na deontais an obair go léir a bhaineann le soláthar na leabhar.
soláthar provision
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge? In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.
a sholáthar providing
" D'fhógair Microsoft le déanaí go raibh siad ag bogadh i dtreo "seirbhís" a sholáthar in ionad bogearraí amháin agus go mbeadh siad ag lorg síntiús rialta ó chustaiméirí in áit na híocaíochta amháin a fhaigheann siad anois.
a sholáthar to provide
" Cúram s'agamsa é na míreanna nuachta uilig, ar bhuille na huaire gach uair an chloig, a sholáthar.
sholáthar ola na hIaráice the Iraqi oil supply
" Bush go mbeadh smacht ag comhlachtaí Mheiriceá ar sholáthar ola na hIaráice as seo amach.
atá á soláthar which are being supplied
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh when the supply increases, the demand increases
" Ar nós druga ar bith, a deir an tUasal O'Connor, nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh.
soláthar supply
" Dúradh go bhfuil daoine i Londain ag bailiú buidéal uisce mar go bhfuil siad buartha go gcuirfidh míleataigh Ioslamacha nimh sa soláthar uisce.
atá á soláthar acu being provided by them
" Cé go bhfuil Sky i gcoinne iarrachtaí iad a thabhairt faoi bhráid rialacha na hÉireann, b'fhéidir gur gá don rialtas anseo aird níos mó a thabhairt ar na seirbhísí atá á soláthar acu.
chun seirbhís dubála a sholáthar to provide a dubbing service
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Macalla chun seirbhís dubála a sholáthar do Theilifís na Gaeilge (TnaG) agus chun cláracha teilfíse agus scannáin a dhéanamh.
soláthar iomlán entire supply
" I rith an tsamhraidh, cuireann carn mór múirín soláthar iomlán uisce te ar fáil don ionad.
á soláthar being provided
" Idir dhrámaíocht ("Ros na Rún", "CU Burn" agus araile) agus thráchtaireacht ar chluichí, tá seirbhís den scoth á soláthar ag TG4 agus tá aisteoirí Gaeltachta agus Gaeilge ag fáil deise a ngairm a chleachtadh trí mheán na Gaeilge go gairmiúil agus caighdeán ard a bhaint amach ag an am céanna.
sholáthar uisce water supply
" Tá clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua.
ag soláthar seirbhíse providing a service
" Ach ní maith liom a bheith ag caint faoi dheontais, tá sinne ag soláthar seirbhíse- nuachtán Gaeilge - agus ba mhaith linn go n-íocfadh an dá rialtas as cuid den tseirbhís sin sa dóigh chéanna is a íocann siad as an iomad seirbhísí eile.
sholáthar provision
" Anois, tá Breatnach ar tí tionchar a imirt ar sholáthar cláracha teilifíse Gaeilge ar an BBC sna Sé Chontae.
ag soláthar seirbhísí providing services
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
soláthar bliana a year's supply
" Bhí an-chuid oibre ag an gcomhlacht ag an am, ag fáil réidhe le soláthar bliana de chláracha anamúla a chur ar fáil do TG4.
a sholáthar to provide
" Cé gur buntáiste mór é bandaleithead leathan a bheith in úsáid ag duine chun breathnú ar shuíomh gréasáin NASA, cuireann sé brú mór ar na ríomhairí acu siúd an méid sin eolais a sholáthar do na ríomhairí éagsúla ag an am céanna.
soláthar allocation
" Ar an 24 Feabhra mhol an tUachtarán George Bush go ngearrfaí an soláthar airgid do na hiarshaighdiúirí agus do thithíocht phoiblí i mbuiséad na bliana 2005.
an slabhra soláthair the supply chain
" Is buntáiste mór é do mhiondíoltóirí uimhir thagartha faoi leith a bheith ag gach earra mar is féidir leo é a leanúint tríd an slabhra soláthair ón monarcha go dtí an teach.
a sholáthar to supply
" "Is féidir leo thart ar 7,000 cileavat uaire a sholáthar in aghaidh bliana," a deir Graeme Pert ó Gillespies LLP, ailtire i nGlaschú a bhí i gceannas ar athchóiriú an tseanospidéil.
bia a sholáthar dóibh to provide food for them
" Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.
a sholáthar to suppl
" Ina theannta sin, tá scéimeanna taighde agus coimisiúnaithe againn chun cabhrú le scríbhneoirí na Gaeilge ábhar ardchaighdeáin léitheoireachta a sholáthar.
soláthar maith good supply
" Cuirtear soláthar maith ábhair léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge in aghaidh na bliana, agus tá caighdeán na leabhar mar tháirgí ag dul i bhfeabhas i gcónaí.
soláthar tithe sóisialta supply of social housing
" An mhí seo caite d'fhógair an rialtas polasaithe nua, polasaithe a d'fhéadfadh an soláthar tithe sóisialta sa stát seo a mhéadú go mór.
an soláthar a mhéadú to increase the supply
" Sin le rá, ar deireadh thiar gurb é an margadh a shocraíonn praghas na dtithe agus gurb é an t-aon bhealach leis an chostas a ísliú ná an soláthar a mhéadú.
soláthar uisce water supply
" Níos gaire do bhaile tá imní ar go leor daoine san Eoraip maidir leis na pleananna atá ag an gCoimisiún agus ag an gcoiste rúnda seo do sheirbhísí poiblí mar shláinte, oideachas, soláthar uisce, agus iompar.
a sholáthar to provide
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
á soláthar againn being supplied by us
" "Tá leaganacha dár n-earraí i 29 dteanga áitiúil á soláthar againn le tamall anuas agus, mar a bheifeá ag súil, teangacha móra idirnáisiúnta ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus Seapáinise a bhí i gceist.
meán a sholáthar to provide a medium
" I gcás na Gaeilge, mar sin, is é aidhm thionscadal na Gluaise Pobail ná an téarmaíocht seo a roinnt le pobal na Gaeilge agus meán a sholáthar chun gur féidir leis an gcomhluadar sin tuairimí a nochtadh ar an téarmaíocht agus ar a húsáid.
soláthar provision
" Ní ag troid ar son cúise teibí atá muid níos mó, ach ag soláthar seirbhísí, siamsaíochta agus pobail do na páistí iontacha seo.
ag soláthar providing
" Ní ag troid ar son cúise teibí atá muid níos mó, ach ag soláthar seirbhísí, siamsaíochta agus pobail do na páistí iontacha seo.
a sholáthar to provide
" "Má dhéanann tú do chuid oibre, agus má tá tú in ann an *brief *a sholáthar do chlár, agus má tá smaointe agat, ní bhíonn aon deacracht ann.
soláthar ola oil supply
" An bhfuil géarchéim eile ola ar an mbealach? An bhfuil muid réitithe don lá nach mbeidh aon soláthar ola fágtha? An bhfuil neamhaird á tabhairt againn ar an bhfadhb? Tá, níl, agus tá na freagraí atá ag cuid mhaith den lucht comhshaoil ar na ceisteanna sin.
soláthar leictreachais electricity supply
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord soláthar leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
an mBord Soláthar Leictreachais the Electricity Supply Board
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord Soláthar Leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
a sholáthar to provide
" Tá go leor comhlachtaí nach bhfuil in ann íoc as seo agus, mar sin, má theastaíonn uathu leathanbhanda a sholáthar dá gcustaiméirí, tá orthu táirgí líne digití rannpháirtí a cheannach ó Eircom ar bhonn mórdhíola, agus iad a dhíol ar aghaidh chuig na custaiméirí.
soláthar provision
" soláthar iomlán téacsleabhar agus áiseanna teagaisc a bheith ar fáil do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre.
Soláthar supply
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, Soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
soláthar supply
" Is dócha, fad is a leanfaidh soláthar na ndaoine seo ar aghaidh, nach mbeidh brú ar an ollscoil fostaíocht lánaimseartha a chruthú.
á soláthar being provided
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht an chéad lá riamh? Theastaigh uainn ár gcuid ábhar spéise chomh maith leis na seirbhísí a bhí á soláthar againn mar dhaoine príobháideacha le blianta roimis sin a cheangal le chéile chun freastal ar mhargadh agus ar riachtanais fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
soláthar gníomhaíochtaí provision of activities
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
á soláthar being provided
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht an chéad lá riamh? Theastaigh uainn ár gcuid ábhar spéise chomh maith leis na seirbhísí a bhí á soláthar againn mar dhaoine príobháideacha le blianta roimis sin a cheangal le chéile chun freastal ar mhargadh agus ar riachtanais fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.
soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe providing the normal maintenance services
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC? Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe.
soláthar gníomhaíochtaí provision of activities
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
an t-éileamh agus an soláthar demand and supply
" Measann cuid de na saothraithe go bhfágfar 5% nó níos mó de na caora le lobhadh ar an bhfíniúin i mbliana agus go mbeidh sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh an t-éileamh agus an soláthar i gcóimheá arís.
a sholáthar to provide
" Mar léiritheoir agus stiúrthóir teilifíse mé féin, agus tuiscint agam ar cé chomh sprionlaithe agus is féidir le buiséad taighde i gcúrsaí teilifíse a bheith, aithním láithreach nach éasca an jab a bhí ag Mint Productions agus Niamh Salmon ceithre chlár a sholáthar ar an iar-Thaoiseach.
soláthar gáis gas supply
" Mhaígh Frank Fahey go mbainfeadh bailte an iarthair an-bhuntáiste as an chríochfort mar go mbeidís ag fáil soláthar gáis uaidh.
a sholáthar to provide
" Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.
soláthar ola oil supply
" Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.
a sholáthar to supply
" Is dócha go mbeifear ag caint faoi stáisiúin chumhachta núicléacha nua – agus líon mór acu – go luath chun an fuinneamh a sholáthar.
ag soláthar seirbhísí supplying services
" Tá thart fá 200,000 duine eile fostaithe in eagrais a bhíonn ag soláthar seirbhísí do na comhlachtaí seo.
a sholáthar to supply
" Ní féidir fiú amháin le Gáscheantar na Coiribe (atá sna nuachtáin faoi láthair) ach leath an gháis a bheidh uainn a sholáthar – beidh muid fós gan chosaint ó fhadhbanna thar lear.
a sholáthar to provide
" Ba mhaith liom cláracha a sholáthar a mbeidh suim ag muintir Bhaile Átha Cliath iontu, idir chúrsaí reatha agus cheol.
a sholáthar to provide
" Bhí feirm bheag déiríochta ag mo thuismitheoirí nach raibh in ann teacht isteach ceart a sholáthar dúinn i ndáiríre agus sa deireadh bhogamar go Sydney.
Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar to provide first-class Irish language consultancy services
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
sholáthar spóirt sports output
" ” Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4.
Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar to provide first-class Irish language consultancy services
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
ag soláthar supplying
" Ní bheidh na húdaráis áitiúla ag soláthar scoileanna níos mó, ach beidh “ról straitéiseach” acu, mar dhea! Beidh cead isteach sna scoileanna nua faoi smacht na scoileanna féin.
soláthar seirbhíse providing a service
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
seirbhís a sholáthar to provide a service
" ” Má thagann an tuar fá thairngreacht na Roinne maíonn siad go dtiocfaidh creimeadh nach beag ar chumas a gcuid feidhmeannach seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge.
soláthar teoranta limited supply
" Níl ach soláthar teoranta ola agus gáis againn, fiú amháin le gáscheantar nua na Coiribe, ach tá dhá acmhainn go flúirseach againn: an ghaoth agus na tonnta.
ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn supplying us with our energy
" Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
á soláthar againn being provided by us
" Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
a sholáthar to provide
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le RnaL?Tháinig na pointí seo chun cinn ag ceardlann inmheánach agus ag ceardlann phoiblí a d’eagraigh an stáisiún anuraidh:* Láidreachtaí* Is acmhainn iontach é stáisiún pobail atá tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a sholáthar sa chathair dóibh siúd gur spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.
soláthar ar leith airgid separate provision of money
" “Ní raibh aon chiste curtha ar fáil do Ghaeltarra riamh do chuspóir na teanga, ná go deimhin féin, go dtí gur tháinig Éamon Ó Cuív isteach mar Aire Stáit, ní raibh aon soláthar ar leith airgid curtha ar fáil ag an státchiste don eagraíocht le Gaeilge a chur chun cinn.
ag soláthar providing
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
ag soláthar providing
" Agus nílim á rá go mbeifeá á lorg ach go mbeadh sé ag soláthar i gcónaí ar chuma éigin.
Viagra a sholáthar do sheansaighdiúirí to provide Viagra to old soldiers
" An chéad scéal ná an dóigh a bhfuil polasaí Roinn na Cosanta Náisiúnta le sé bliana anuas Viagra a sholáthar do sheansaighdiúirí – dhá phiolla bheaga ghorma an duine in aghaidh na míosa – i ndiaidh caighdeán beatha na n-iarshaighdiúirí a fheabhsú.
a sholáthar to provide
" Is é fírinne an scéil ná gur bunaíodh muid le uair an chloig sa lá de chláracha nua-léirithe ón earnáil neamhspleách a sholáthar agus uair an chloig eile a fháil ó RTÉ – dhá uair an chloig sa ló.
an soláthar Gaeilge sin that Irish language provision
" Mar sin, bheartaigh muid ón tús go ndéanfadh muid méadú ar an soláthar Gaeilge sin agus go mbainfeadh muid fad as agus go ndéanfadh muid le cabhair athchraolta é agus rudaí eile ar nós imeachtaí Dála agus seanchluichí peile.
le nuachtán laethúil a sholáthar to provide a daily newspaper
" Tá conradh ar fiú €596,000 é bronnta ar *Lá* le nuachtán laethúil a sholáthar agus tá iris idirlín den chéad scoth againn.
chun soláthairtí a iompar to carry supplies
" An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh.
an ciorcailín soláthair raithní the hash supply circle
" Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun.
bíonn brú ort ceol maith a sholáthar, you're under pressure to supply good music,
" Nuair a bhíonn tú ar an stáitse bíonn brú ort ceol maith a sholáthar, fiú muna bhfuil sé ag teacht leat.
ag soláthar an airgid providing money
" Tá an caiteachas poiblí ar chúrsaí spóirt cúlaitheach, is é sin tá an dream is lú ioncaim ag soláthar an airgid chun áiseanna spóirt a chur ar fáil d’aicme níos saibhre.
á soláthar being provided
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
stór ceoil a sholáthar to provide a store of music
" Is dóigh go raibh sibh ag iarraidh stór ceoil a sholáthar do cheoltóirí óga ionas go mbeadh siad in ann seinm le chéile.
a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar which would give pharmacists permission to provide condoms
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
ag soláthar físeán supplying videos
" Ina theannta sin, is iomaí nuachtán anois a bhíonn ag soláthar físeán ar a gcuid suíomhanna idirlín.
ag soláthar na seirbhíse sin. providing that service.
" Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta – comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
soláthar long cabhlaigh, supplying navy ships,
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
ag soláthar tuairiscí providing reports
" Tá sé mar a bheadh cumann díospóireachta domhanda ann! Samhlaigh dá mbeadh cúig mhilliún déag sain-iriseoir ag soláthar tuairiscí gan phá do nuachtáin saor in aisce nach raibh aon fhógraí ann, agus gheobhaidh tú blaiseadh beag d’éifeacht an bhlagaisféir! **Athruithe móra**Tá athruithe móra i ndán do chúrsaí craoltóireachta na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.
an táirge atá á sholáthar acu. the producte which they are providing.
" Deis iontach atá sa réimse casta dúshlán le barr feabhais a chur ar an táirge atá á sholáthar acu.
ag soláthar scoth na gcláracha supplying excellent programming
" Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh.
a sholáthar to provide
" Mar a deirtear ar shuíomh gréasáin an chompántais, tá Fíbín “dírithe ar dhráma ardcháilíochta a sholáthar do dhaoine óga agus dóibh siúd a bhfuil croí óg acu.
ag soláthar supplying
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
á sholáthar delivered, supplied
" Agus ní haon ionadh é go bhfuil deacrachtaí airgid ag an nuachtán laethúil a bunaíodh i 1984 agus atá á sholáthar ar dheontas €280,000 sa bhliain faoi láthair.