Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bolgán solais light bulb
"bolgán solais i ngach scanóir agus is é sin an chuid den scanóir a mbíonn fadhbanna ag baint leis.
sholas rabhaidh beacon
" Beidh an stuaic faoi phoillíní ornáideacha agus beidh solas ag teacht tríothu a bheas mar sholas rabhaidh i ndorchadas na hoíche os cionn chathair Baile Átha Cliath.
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
dhá bhíoma mhóra solais two great beams of light
" Bíomaí ======= "Ar an 11 Márta, leathbhliain i ndiaidh na n-ionsaithe ar na túir, caitheadh dhá bhíoma mhóra solais suas i spéir na hoíche i suíomh cóngarach don áit ar sheas na túir.
a Shoilse your Excellency
" "Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat! Fadhb ar bith, a Mhórgacht! Caithfidh mé mo shúil nimhe ar cibé ar bith is mian leat, a Shoilse, am ar bith is maith leat!" Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh d'údarás Eagarthóir *Beo Ar Éigean*.
thionchar an tsolais the influence of light
" "Is mór an meas ar dhathanna agus ar thionchar an tsolais a thug an tréimhse sin domh; ach i mo chroí istigh is péintéir coirp mé agus nuair a tháinig mé ar ais go Baile Átha Cliath thosaigh mé ag déanamh ransú ar an chorp arís.
a Shoilse your Excellency
" "Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat! Fadhb ar bith, a Mhórgacht! Caithfidh mé mo shúil nimhe ar cibé ar bith is mian leat, a Shoilse, am ar bith is maith leat!" Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh d'údarás Eagarthóir *Beo Ar Éigean*.
Teach an tSolais the Lighthouse
" Is ar an cheann thiar atá Teach an tSolais, atá uathoibríoch anois ó bhí tús na 1990í ann.
soilse tráchta traffic lights
" Bhí duine acu ina "phóilín", an duine eile ina "shibhialtach" a chuaigh fríd soilse tráchta dearga.
Lasadh an solas the light was turned on
" Lasadh an solas air seo den chéad uair Lá Fhéile Pádraig, 1817.
na tithe solais aonair the lone lighthouses
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
ag brath ar chaighdeán an tsolais depending on the standard of light
" Bhíodh éifeacht na ngrianghraf sin ag brath ar chaighdeán an tsolais ar an lá a thógtaí iad, ach anois is féidir úsáid a bhaint as bogearraí cumhachtacha chun na híomhánna a fheabhsú.
nuair a íslítear na soilse when the lights are dimmed
" Mhol Robert Henri dó am a chaitheamh in amharclanna agus i bpictiúrlanna, agus cur síos a dhéanamh ar na daoine a bhí iontu, ar an tslí a ndúnann daoine isteach iontu féin nuair a íslítear na soilse.
chun solais to light
" B'fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal i Queensland gur trí thimpiste a tháinig cuid mhaith den scéal chun solais - mar gur roghnaigh scoláire amháin an cheist mar ábhar tráchtais.
cipín solais match
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
soilse séimhe gentle lights
" Lasann soilse séimhe an seomra, agus ólann sé ón gcupán tae taobh leis.
soilse treo indicators
" Lena chois sin, ní fhaca mé mórán scáthán, soilse treo ná luasmhéadar i *tro-tro *(nó tacsaí) ar bith – úsáideann siad an bonnán in áit na rudaí sin ar fad.
soilse treo indicators
" Lena chois sin, ní fhaca mé mórán scáthán, soilse treo ná luasmhéadar i *tro-tro *(nó tacsaí) ar bith – úsáideann siad an bonnán in áit na rudaí sin ar fad.
na soilse lonracha the bright lights
" Isteach linn (mise, Rossa agus Oki) sa charr agus as go brách linn go domhan na soilse lonracha i stiúideo TV3 ar eastát tionsclaíochta Ballymount.
ag brath ar an solas. depending on the light.
" Athraíonn na dathanna gach cúpla nóiméad, ag brath ar an solas.
péisteanna solais glow-worms
" Chuamar ag uaimheadóireacht sna tolláin ag bun na huaimhe, agus chonaic mé péisteanna solais ar an tsíleáil in áiteanna.
nuair a tháinig sé chun solais when it came to light
" Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig sé chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain.
tá sé tagtha chun solais le déanaí it has come to light recently
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
a tháinig chun solais which came to light
" Tá drochmheanma sa Gharda Síochána agus easpa muiníne ag an phobal san fhórsa mar thoradh ar shraith scannal a tháinig chun solais le dornán blianta anuas.
ionas go dtiocfadh an solas isteach. so the light would come in.
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
i ndiaidh teacht chun solais after coming to light
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
Bíonn solas an lae níos giorra the light of day is shorter
bolgán solais light bulb
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
Soilse na gcarranna lights of the cars
" Soilse na gcarranna eile do mo dhalladh.
tháinig na fíricí seo uilig chun solais these facts came to light
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais it doesn't matter what else come to light
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
tháinig sé chun solais it came to light
" Chomh luath agus a d’fhill sé ar an Astráil, áfach, tháinig sé chun solais gur pléadh gnó tábhachtach le linn an chruinnithe sin mar gur fhógair Rudd ainm an duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar an ard-ghobharnóir reatha, Michael Jeffery.
Roinnt beag solais a little bit of light
" Roinnt beag solais a scaoileadh tríd.
solas an lae the light of day
" Cuidíonn gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín *Chait*ríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha.
gur tháinig sé chun solais that it came to light
" Cé go raibh formhór mhuintir na hAstráile i gcoinne an chogaidh, agus gur tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh bunús bréagach leis an ionradh, ní raibh an cogadh riamh róthábhachtach in gcúrsaí polaitiúla abhus.
ag glioscarnach i solas an lae glistening in the light of day
" Seasann sé os do chionn agus tú ag teacht isteach go Atlantic City, a thaobhanna gloine ag glioscarnach i solas an lae agus ag lonradh i solas saorga a athraíonn gach cúpla soicind i rith na hoíche.
tháinig sé chun solais when it came to light
" Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
Tháinig sé chun solais it transpired
" Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur díoladh breis is €1.
soilse a ísliú dim the lights
" “Ní raibh seans againn suí síos mar theaghlach, na soilse a ísliú, milseog a ithe is féachaint ar na Riordans.
ag teacht chun solais is coming to light
" I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
solas íseal low light
" Tá rud éigin álainn, síochánta agus diamhair fiú, ag baint le folcadán (nó jakuzzi má tá pinginí agus an spás agat!) - solas íseal, boladh coinneal ar lasadh, ceol séimh ciúin ar siúl.
teacht chun solais coming to light
" Géarchéim an Gheilleagair Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009.
chun solais to light
" Mar sin, ní thagann a gcuid oibre chun solais agus níl aon tuiscint ag an phobal ar a mbíonn ar siúl acu.
chun solais to light
" Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
solas light
" Dúirt Shakespeare gur 'arrant thief’ a bhí sa ghealach a sciob a solas báiteach ón ghrian.
Sholas na Gealaí lunar light
" Tá sé seo le feiceáil i Faoi Sholas na Gealaí 1895 agus i Rince na Beatha 1899, áit a ndearna sé machnamh ar chúrsaí gnéis, báis agus gealtachta.
chun solais made known
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.
faoi sholas an lae broad daylight
" Dar le lucht saineolais le fíordhéanaí áfach, ní fheicfear taibhse an t-am seo den bhliain ná aon am eile den bhliain, ach amháin, mar a deir siad anois, aisteach go leor, san áit nach bhfuil aon chumhacht aibhléise ann, go fiú, más faoi sholas an lae féin é.
soilse lights
" 24 (3921 aonad kWh) a bhí ar mo bhille aibhléise don árasán, áit a n-oibríonn an teas agus an fearas cócaireachta mar aon leis na soilse ar an gcóras aibhléise.
solas na gréine sunlight
" Is aoibhinn liom féin an tsoiléire a bhaineann le maidin seaca, an bháine thréan a bhaineann le solas na gréine.
solas uaine green light
" Le teacht an duilliúir agus na dea-aimsire, bíonn aoibh eile uirthi agus meallann ceol na n-éan agus an solas uaine isteach ann mé.
chun solais apparent, materialize
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
Tháinig sé chun solais it transpired
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh ceannairí na ndronganna chun tosaigh sa cheannairc.
idir sholas agus scáil both light and shade
"idir sholas agus scáil sa dá phríomhcharactar ban – rud a thaispeánann aibíocht shocair an léiritheora.
solas an lae the light of day
" Is léir ón leagan críochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge nach bhfaca ach dornán beag acu sin solas an lae.
tagtha chun solais come to light
" Scéal suimiúil atá tagtha chun solais le déanaí ná go bhfuil Karl Rove, comhairleoir George W.
tháinig sé chun solais it transpired
" Dhá bhliain i ndiaidh bunú J Street, tháinig sé chun solais go raibh Soros ag maoiniú an bhrúghrúpa *“pro-Israel, pro-peace.
bhí an lá ag dul ó sholas it was becoming dark
" Ach bhí an lá ag dul ó sholas orainn agus bhí Carn Bàn (942m) eadrainn agus an Carn Dearg ag an am sin fós.
Theach an tSolais the lighthouse
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
a shoilse his Excellency
" Foilsíodh an t-alt, ‘I measc na nGael san Astráil’, a scríobh Ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile, a shoilse Máirtín Ó Fainín, san iris, An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, anuraidh (Uimhir 14).
solas an lae the light of day
" Cé gur mharaigh sé Ian Tomlinson i solas an lae, os comhair scaifte póilíní eile, ní raibh ach aon duine amháin díobh faoi imní mar gheall ar an eachtra - scríobh PC Kerry Smith nóta faoin ionsaí agus dúirt sí leis an choiste: *"He (Tomlinson) sat up and looked towards us and he said 'I just wanted to go home'.
soilse mearbhallacha ag scairteadh crazy lights flashing
" Bhí na soilse mearbhallacha ag scairteadh, cluais le héisteacht ar na héin órga agus ar na foghlaithe mara, agus Disco Paradise ag bíogadh ’s ag bogadh arís tar éis leathbhliain seaca.
chun solais (comes) to light
" Tagann a céasadh ag cúigear mac léinn chun solais ina dialann ar ball.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
chun solais arise
" Má bhreathnaítear ar na staidrimh, tagann ceisteanna cine chun solais freisin.
solas ann ach ar éigean just the barest light
" Nuair a shroich muid an stáisiún, ní raibh solas ann ach ar éigean.
tháinig sé chun solais it transpired
" Chuir sé fearg ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais go raibh an stát ag íoc na mílte €uró in aghaidh an lae as seirbhísí an lucht dlí.
Is ar éigean má bhí solas there was hardly a light
" Is ar éigean má bhí solas le feiceáil ar an tsráid.
Théaltaigh soilse an tsráidbhaile the village lights faded away
" Turas Draíochtúil ========== Théaltaigh soilse an tsráidbhaile ar ár gcúl taobh istigh de chúig nóiméad.
Amú faoi Sholas an Lae astray in daylight
" Amú faoi Sholas an Lae ============ Bhíos i m’aonar i ndáiríre anois, ag leanúint cosán dearg a bhí déanta ag ainmhithe.
D’éalaigh na soilse leo the lights took their leave
" D’éalaigh na soilse leo ar bharr an uisce i dtreo na síoraíochta.
nár tháinig chun solais i gceart which hasn’t been highlighted properly
" Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin.
solas an réaltra iontu a bhrath fós can still perceive the lights of galaxy in them
" Bhaineadar leis an mbás go hoifigiúil, ach is féidir le lucht tacaíochta Milch solas an réaltra iontu a bhrath fós.
tháinig chun solais revealed
" ” Maoiniú Mé-Féineach Sarkozy ============= Céard a dhéanfaidh sé, an ea? Má tá bunús ar bith leis na scéalta a tháinig chun solais ar dtús ar an nuachtán Idirlín, mediapart.
faoi sholas na gréine in sunlight
" Níl, ar ndóigh, fiúntas ar bith leis an áis *iOS* faoi sholas na gréine! B’fhéidir go n-oirfeadh Audible.
tháinig fianaise nua chun solais new evidence came to light
" Chaith sí trí bliana i ngéibheann sular scaoileadh saor í nuair a tháinig fianaise nua chun solais.
solas an chreidimh chirt the light of the true religion
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
choimeádaithe theach an tsolais the lighthouse keepers
" Tá sé tréigthe le tamall fada de bhlianta, diomaite de choimeádaithe theach an tsolais, ach tá sin uathoibríoch anois fosta.
láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais shows the strength of the son’s love for his mother
" Agus cur síos Hamilton á dhíleá ar a mháthair Ghearmánach agus a athair Gaelach, is deacair éalú ó scáth dhírbheathaisnéis McGahern mar shampla, Memoir (2005) ach go háirithe na líntí sin a thugann láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais.
tugadh chun solais le fiche bliain anuas it came to light in the last 20 years
" Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram.
solas geal lonrach bright shining light
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
solas bog a faint light
" Tá bean óg an phictúir ina suí ag tábla, liúit ina láimh aici agus solas bog ó fhuinneog ag a taobh ag luí ar a héadan.
chun solas uilíoch a scaladh ar to shine a universal light on
" Úsáideann Ó Giolláin réimse leathan de theangacha agus thaighde chun solas uilíoch a scaladh ar théamaí áitiúla, agus más ea, déanann sé cáineadh corraitheach sub silentio ar argóintí D.
i dtaobh solais agus fuinnimh about light and energy
" Is lucht campála muid, agus ba bheag faitís a bhí orainn i dtaobh solais agus fuinnimh, ach bhí cúrsaí taobh amuigh ag déanamh scime dúinn.
cuma dheas ar na soilse the lights appeared nice
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
Dhírigh na soilse scáfara seo these frightening lights directed
" Dhírigh na soilse scáfara seo an spotsolas ar cheannaireacht fhabhtach na bpáirtí polaitíochta aontachtacha, an DUP agus an UUP araon.
chun solais, leis to light also
" Thug an daonáireamh is déanaí athruithe suntasacha eile chun solais, leis.
solas niamhrach resplendent light
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
soilse rabhaidh warning lights
" Coinnigh súil ar na soilse rabhaidh, etc.
Faoi sholas an lae in daylight
" Faoi sholas an lae, bíonn sé i bhfad níos éasca fadhbanna a bhaineann le cabhail an chairr – agus leis an taobh istigh – a aimsiú.
solas an mhála aeir the airbag light
" Ní hamháin go mbíonn fadhbanna ag baint leis an umar áirithe seo, ach bíonn fadhbanna ag baint le crochadh an chairr, le solas an mhála aeir agus leis an nglasáil lárnach chomh maith.
Tháinig réad chun solais a jewel came to light
" Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír.
a Shoilse his Excellency
" Bhí an t-ádh dearg orm i mbliana a bheith ar an bhfoireann a bhuaigh an corn agus bhronn an t-ambasadóir Éireannach reatha, a Shoilse Noel White, an comhramh orainn le linn dinnéar ceiliúrtha oíche an chomórtais.
Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos moonlight shinning on the lakes below
" Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos uainn agus áilleacht an cheantair á nochtú leis an scarthanach.
i solas geal an chlú agus mórcháile into the light of fame and repute
" Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.
ceapaim gur cheart solas a shilleadh air sin I feel it ought to be shown the light of day
" Ní hé go ndéarfainn gur phobal foirfe, éagsúil ar fad í an ghlúin óg sna Stáit Aontaithe anois, ach chónaigh mé i measc scata mac léinn óg ó chuile chearn den tír ar feadh bliana, agus ba aigne éagsúil ar fad a bhí acu ná mar a chloisimid sa nuacht i dtaobh Mheiriceá, agus ceapaim gur cheart solas a shilleadh air sin.
sula dtagann iarsma James Joyce chun solais before the JJoyce remnant comes to light
" Ní foláir an chéad leathanach den leabhar deireanach a chum David Foster Wallace a léamh fé dhó sula dtagann iarsma James Joyce chun solais.
boinn an tsolais coins of light
" Ach íomhánna Joysúla (aidiacht Uí Chadhain é sin) na boinn sin a luann Wallace, boinn an tsolais.
ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais nor bringing to light its internal fault lines
" Ní maith leis laigeachtaí an Bhunreachta a aithint ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais.
chun solais don chéad uair came to light initially
" Tháinig scéal Simon chun solais don chéad uair i 2007 i gclár faisnéise ar an BBC darbh ainm I’m a Boy Anorexic.