Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sollúnta solemn
" Bhí ar an Phápa Eoin Pól II, fiú, labhairt faoin cheist, i rith tréimhse atá in ainm is a bheith ar an cheann is naofa agus is sollúnta don Eaglais.
píopa mála sollúnta solemn bagpipes
" " Bhí píopa mála sollúnta le cloisteáil.
ócáid shollúnta solemn occasion
" Mar sin, nuair a bhailigh oifigigh phoiblí, ceoltóirí agus daoine mór le rá le chéile Dé Máirt, 16 Iúil chun an t-ionad a oscailt atá mar chuimhneachán ar an Ghorta Mór a mharaigh breis is milliún Éireannach, ócáid shollúnta a bhí i gceist.
gealltanas sollúnta solemn promise
" Ag a gcruinniú anuraidh thug ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Seapáine, na Breataine agus na Rúise gealltanas sollúnta go gcuirfí na hacmhainní ar fáil do na tíortha is boichte le go bhféadfaí gach buachaill agus cailín sna tíortha sin dul ar scoil faoin mbliain 2015.
gealltanas sollúnta solemn promise
" Nuair a tháinig Bertie Ahern go baile Thuama in oirthear na Gaillimhe sa mbliain 1996, thug sé gealltanas sollúnta do mhuintir an bhaile nach ndúnfaí an t-ospidéal beag príobháideach a bhíodh ar an mbaile ó d'oscail na Siúracha *Bon Secours *é caoga bliain roimhe sin.
go sollúnta solemnly
" Ar ghá é seo i ndáiríre? Ba ghá, a d’fhreagair sé go sollúnta.
stíl mhall shollúnta a slow solemn style
" Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó – stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
stíl mhall shollúnta a slow solemn style
" Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó – stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
sollúnta solemn
" Chuaigh drong i ndiaidh droinge de shaighdiúirí, póilíní, agus fir dhóiteáin tharam ar comhchéim, aghaidheanna sollúnta crua dírithe chun cinn.
shollúnta solemn
" Breith cheannródaíoch a bheadh ansin – Ceann Stáit, den chéad uair, ciontaithe i gCúirt shollúnta de chuid na Náisiún Aontaithe.
agus gur mhaígh sé go hard sollúnta and that he boasted loudly and solemnly
" * - *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
go sollúnta solemnly
" Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do *hash* is fearr, led’ thoil.
go sollúnta solemnly
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
go mall sollúnta slowly and solemnly
" Cad a bhí aige ina lámha? Cén saghas croise a bhí á cur aige timpeall air féin? Agus cén fáth go raibh a lámha ag bogadh an t-am ar fad? Agus cad é an fhuaim dhiamhair sin a bhí ag teacht astu? Lacha? Coilleach? Gé? Ceol? Labhair an píobaire go mall sollúnta ach bhí gáire ina shúile agus bhí sé soiléir go raibh gean aige ar na páistí.
go sollúnta solemnly
" Bhailigh sé a chuid cairde uilig le chéile agus mhionnaigh siad go sollúnta faoi bhratach na Léine Goirme go ndéanfaidís Brian a chrá go dtí go n-éireodh sé as.
Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh Ulster Solemn League and Covenant
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
iarracht sollúnta a solemn effort
" Dhearbhaigh sé ná féadfaí méid agus uafás an *‘mighty scourge of war’* a thuiscint munar deineadh iarracht sollúnta na nascanna a cheangail an dá eite den chogadh a thuiscint agus a shoiléiriú.
fostóirí ag tuar go sollúnta employers solemnly prophesying
"fostóirí ag tuar go sollúnta go gcaillfear 250,000 post mar gheall air.
go sollúnta pensively
" Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta.
a thug aitheantas sollúnta which solemnly recognised
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
geallúint sollúnta a solemn promise
" Níor thaithin sé le cuid mhaith de chúlbhinseoirí an Lucht Oibre go raibh orthu vótáil ar son reachtaíochta a laghdódh pá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, cé go raibh geallúint sollúnta tugtha ag an rialtas i 2010, nach mbeadh aon laghdú ann go dtí deireadh 2014, ar a thúisce.
le cuma an-sollúnta air looking very solemn
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.
geallann sé go sollúnta he solemnly swears
" Agus Balor féin? Cén dea-rúin a bheas aige? Bhuel, geallann sé go sollúnta nach ndéanfaidh sé aon rún a scaoileadh i rith na bliana seo.