Pota Focal Intergaelic
sna | son | sonas | sonda | sonra
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gháire sona séimh gentle happy smile
" Ó thús an agallaimh, ba léir go raibh meascán den fhoirmeáltacht éifeachtach agus den chairdiúlacht ag baint leis; é dírithe go hiomlán díograiseach agus dáiríre ar mo cheisteanna ach ansin ag baint siar asam lena mheangadh mór nádúrtha nó lena gháire sona séimh, rud a rinne sé go minic.
atmaisféar sona réchúiseach. a happy laid-back atmosphere.
" Is baile deas é Nkhata Bay, a bhfuil margadh beoga bríomhar ann agus atmaisféar sona réchúiseach.
Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, I wish the reader happy Thanksgiving Festival,
" Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
cuma shona shuaimhneach a happy relaxed appearance
" Bíonn na sráideanna plódaithe le daoine a thagann ó gach cearn den domhan, agus cuma shona shuaimhneach orthu.
ócáid shona mheidhreach a happy and light-hearted event
" Ansin, ag tús mhí Mheán Fómhair, bíonn Mela Dhún Éideann ar siúl, ócáid shona mheidhreach a cheiliúrann cultúr na hIndia agus áiteanna eile thar sáile.
Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile. I felt happy but ready to go home.
" Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile.
i dtimpeallacht shona. in a happy environment.
" D’fhéadfaí a rá nár tógadh muid i dtimpeallacht shona.
ball sona happy member
" Is scríbhneoir í atá pósta ar fhorbróir, tá mac acu agus tá sí ina ball sona (murab ionann agus sásta ar fad) de chuid mheánaicme shócúil leithliseach na hardchathrach.
tréimhse shona a happy period
" Bhain muid uilig an-sult as an turas sin – tréimhse shona inár saol ab ea í.
an tábhairne sona suaimhneach sin that happy peaceful tavern
" Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh.
bheith sona to be happy
" Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair.
sona happy
" ‘Fhad is a bhí mé san uisce, bhuail sé mé go raibh mé millteannach sona – cineál an “in the now” sin a bhíonn muintir na fealsúnachta ag caint fá dtaobh de, agus rith sé liom go mb’fhéidir go raibh rud éigin príomhaoiseach faoi seo.
Nollaig Shona a Happy Christmas
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
fear sona a happy man
" ’ Fear glic gan amhras, agus fear sona.
an cú mall a bhíos sona the slow hound which is happy/ lucky
" Ar ndóigh, is minic ráite gurb é an cú mall a bhíos sona.
saol sona a happy life
" 
 An Múnlú ==== D'fhéadfadh Michael D saol sona acadúil a chaitheamh.
Mhair sí go sona she lived happily
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
sona sásta any bit too happy
" Níl an tAontas Eorpach (AE) sona sásta leis an mbealach ar caitheadh léi, ná baol air, agus bhíothas ag bagairt go ndéanfadh 27 coimisinéir an AE baghcat ar an gcomórtas dá dheasca.
an t-am ba shona riamh ina saol the happiest time of her life
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
sona sásta happy and content
" com/2012/11/10/samsung-galaxy-beam-review/> Ach má tá fóin le huasteilgeoir uait, beidh tú sona sásta! Más mian leat scánnan a uasteilgean ar an díon i bpubaill, molfainn Powertrekk.
Nerdlag Shona a happy nerdy Christmas
" UKvytYcj790> Nerdlag Shona daoibh!
an gáire sona the happy laughter
" Sin an gáire sona agus bíonn tionchar an domanó ag baint leis.
roinnt daoine sona sa saol some happy people in life
"roinnt daoine sona sa saol, ar neamhchead don diabhlaíocht go léir a thit amach thart timpeall orthu.
sona sásta happy out
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
an seal beag sona seo a chaitheamh spend this happy moment
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
sona, sásta happy, contented
" Bhímis tuirseach, traochta ag deireadh an lae ach sona, sásta agus ag tnúth le lá mór eile i mbun spóirt an lá dár gcionn.
bhfuil tú sona ina n-éagmais you’re happy without them
" Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith? Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch.
mbeifeá níos sona dá bharr you’d be happier as a result
" Ní hamháin go ndéanfadh sé maitheas don timpeallacht, ach ar shlí aisteach éigin is cosúil go mbeifeá níos sona dá bharr.
braitheann sí sona sásta she feels totally happy
" Tá breis is dhá mhí caite ag Máire Ní Chuagáin sa Mhaláiv agus braitheann sí sona sásta ansin.