Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le sonrú to be noticed
" Tá sé sin le sonrú ar a laghad imreoirí ar fhoirne na Gaillimhe agus Thiobrad Árann as na bailte móra a bhí páirteach ina mbua siúd anuraidh.
le sonrú to be felt
" " Cad faoin nGaeilge agus an riocht ina bhfuil sí? Ón méid atá feicthe aici, an gceapann sí go bhfuil an teanga truaillithe agus go bhfuil an iomarca Béarla tríthi? "Níor bhain seo leis na haíonna a bhí againne mar roghnaíodh iad de bharr feabhas a gcuid Gaeilge ach caithfidh mé a rá go bhfuil rian an Bhéarla le sonrú i gcaint an-chuid de mhuintir na Gaeilge.
le sonrú to be detected
" Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Lá Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an lá is mó fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag ná croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.
le sonrú to be noticed
" Níor éirigh leo go hiomlán sa mhéid sin, nó tá sé fós le sonrú, má éisteann tú go cúramach, agus é ag gabháil don ‘í í í ú ú ú.
le sonrú to be perceived
" Tá ceithre threibh déag na Gaillimhe le sonrú sa mbuantrofaí seo agus treibh amháin sa mbreis ann chun buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur in iúl.
tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, one can see a growth in other aspects of the tradition,
" Ach tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, an ceol uirlise ach go háirithe.
le sonrú to be sensed
" Bhí sé seo le sonrú nuair a bhí deis agam labhairt le beirt ón mbanna, Daire Ó Breacáin agus Éamonn de Barra, le deireanas.
le sonrú. stand out.
" Baineann na coireanna seo leis an bpobal ina iomláine – le muintir chathair Luimnigh, nó cibé áit ina mbíonn rian an sceimhle agus an uafáis a fhágann na dronga le sonrú.
le sonrú evident
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
le sonrú to be seen
" Bhí sin le sonrú ar a gcuid imeartha i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan agus i gcoinne Mhuineacháin agus Átha Cliath ina dhiaidh sin.
tá sé le sonrú it is evident
" * Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin.
fós le sonrú still to be detected
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
rud atá le sonrú go soiléir something that comes across clearly
" Cé go bhfuil breis agus ceithre scór bainte amach ag na daoine ar fad a bheidh le cloisteáil faoi agallamh i gcaitheamh na sraithe seo, tá siad uilig fós an-ghníomhach agus tá siad lán fuinnimh, rud atá le sonrú go soiléir sna hagallaimh.
le sonrú to be detected
" Uaireanta, mar a deirtear i mBéarla na hAstráile, bíonn siad ar nós cangarú i ngreim ceannsolas! Má tá aineolas mhuintir na hÉireann maidir le tíreolaíocht na hAstráile intuigthe, tá easpa eile aitheantais i gceist ó thaobh Canberra de atá níos aistí: an easpa measa ar a bpríomhchathair atá le sonrú go forleathan i measc mhuintir na tíre seo.
fós le sonrú still to be detected
" Ach d'ainneoin sin, is léir ó na hionsaithe thuasluaite go bhfuil a ndearcadh agus a gcuid tuairimí fós le sonrú go láidir i measc daoine áirithe i Learpholl.
le sonrú to be felt
" Tá móiminteam i bhfabhar na poblachta le sonrú i measc mhuintir na hAstráile i láthair na huaire, agus meastar go forleathan nach bhfuil aon cheist faoi ach go mbunófar poblacht abhus luath nó mall.
le sonrú evident
" Chinn Howard go mbeadh fórsaí Astrálacha páirteach sa chomhfhórsa in ainneoin nach raibh a lán tacaíochta don ionradh le sonrú i measc mhuintir na hAstráile faoin am sin.
níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic there is no difference evident in Iraq
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
le sonrú evident
" Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach.
le sonrú noticeable
" Gan amhras bhí dearcadh fríth-Éireannach – go háirithe dearcadh fríth-Chaitliceach – le sonrú sa choilíneacht roimh theacht na ndílleachtaí, agus de réir nuachtáin amháin in Sydney sa bhliain 1848, ní raibh sna mná óga ach “the sweepings of the workhouses”.
sonrú noticeable
" Anois tá scór acu ann agus gan mórán tairbhe breise le sonrú as a gcuid saothair.
sonrú noticeable
" * Tá feabhas éigin le sonrú i gcúrsaí oideachais, de réir na tuarascála, ach bhíothas díomách a léamh inti go bhfuil cúrsaí níos measa i dtaca le neamhchúram agus mí-úsáid na bpáistí dúchasacha: *The rate of substantiated notifications for child abuse or neglect increased for both Indigenous and non-Indigenous children between 1999-2000 and 2007-08.
sonrú noticeable
" Nuair a léigh muintir na hAstráile faoin mbeirt seo, agus faoin seachtar eile a cailleadh ar a mbealach go dtí an áit naofa seo, bhí dobrón náisiúnta le sonrú.
le sonrú to be witnessed
" Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
le sonrú to be seen
" Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
sonrú to notice
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.
le sonrú noticeable
" Tá sampla eile den sotal seo le sonrú i logleabhair scairdeitleán an rialtais le cúig bliana anuas.
sonrú noticeable
" Bhí ríméad le sonrú go forleathan abhus, ámh, nuair a d’fhógair an Vatacáin go díreach roimh an Nollaig go ndéanfaí naomh de dhuine Astrálach den chéad uair, d’ainneoin na tréithe náisiúnta thuasluaite.
sonrú noticeable
" Má tá macalla an Brando óg le sonrú i Tahar, ní fada ón Brando críonna é Niels Arestrup, i bpáirt Caesar Luciani, an ‘Don’ Corsacach istigh.
le sonrú to be noticed
" Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach.
sonrú noticed
" Ach oiread le lucht reatha na hAetóipe agus críocha arda eile na hAfraice a mbíonn tionchar na timpeallachta le sonrú ar a gcumas reatha fadréimse, b’fhéidir go bhfuil buntáistí timpeallachta le fáil sna ceantair sin i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean a chinntíonn go mbíonn níos mó fir mhóra, láidre, folláine, aclaí le fáil i measc an phobail ná mar a bhíonn i réigiúin eile.
le sonrú noticeable
" Tá líon na mbuntáistí seo le sonrú nuair a chuirtear staid na Gaeilge i gcomórtas le teangacha mionlaithe eile agus leis na cinn Cheilteacha ach go háirithe.
le sonrú noticeable
" Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
le sonrú to be noticed
" Tá agus bhí socracht pholaitiúil fhadtéarmach le sonrú ag an leibhéal seo agus rialtais mhionlaigh i bhfeidhm iontu.
le sonrú to be made
" Is léir go bhfuil deighilt le sonrú i measc mhuintir an tuaiscirt i dtaca le riar na gcrogall inbhir.
le sonrú tangible
" Luadh freisin an chalaois a bhí le sonrú ar fud na tíre san olltoghchán ann ar na mallaibh.
sonrú to be noticed
" Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
le sonrú in evidence, to be seen
" Thug siad ‘cultural cringe’, nó cúbadh cultúir, ar an dearcadh seo, a bhí agus atá fós le sonrú i sochaithe iarchoilíneachta.
le sonrú noticeable
" Mar fhocal scóir, ceist atá an-chotianta ná cad é an difríocht idir Chnádán agus Loscann? B’fhéidir gurb ar an gcraiceann atá an éagosúlacht is mó le sonrú.
le sonrú noticeable
" ”* Agus is beag an difear atá le sonrú idir J Street agus AIPAC.
le sonrú to be noticed
" Mar sin, seo í lán lúcháire go ndearna sí difear mór do shaol daoine agus í spreagtha ag ceann de na muirthéachtaí ba radacaí dá raibh riamh ann, dar léi, ach ba bheag radacachas a bhí le sonrú in Éirinn na linne sin.
le sonrú noticeable
" Theip ar a bhformhór, de réir an choimisiúin, de bharr nach bhfuil aon athrú mór i dtreo iompraíochtaí níos folláine le sonrú i measc rannpháirtithe na gclár sna scoileanna.
le sonrú leo noticeable in them
" Tá an Eachtarthacht nó an Eileacht sin – a raibh an méid sin dúile ag intleachtóirí na Fraince inti - le sonrú leo.
le sonrú noticeable
" Tá codarsnacht shoiléir le sonrú sa chás seo idir inchreideacht na meán fhadbhunaithe agus bréagadóireacht an idirlín.
táthar á sonrú go soiléir it’s certainly being noticed
" Tá athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn, ach táthar á sonrú go soiléir le bliain anuas.
le sonrú ó shin i leith noticeable from then on
" Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh le sonrú ó shin i leith.
cuid nach beag acu le sonrú go soiléir a sizeable amount of them clearly noticeable
" Bíodh is go bhfuil comhchosúlacht láidir idir an dá thír, tá éagsúlachtaí tábhachtaí ann freisin - cé nach mbíonn cuid nach beag acu le sonrú go soiléir ach amháin do mhuintir an dá thír iad féin.
tá na torthaí le sonrú go soiléir the results are clearly seen
" An imríonn Facebook agus na meáin shóisialta eile tionchar mór ar aigne na n-óg agus iad as líne? Imríonn, dar le dhá staidéar a rinneadh sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, agus tá na torthaí le sonrú go soiléir sa seomra scoile fiú.
le sonrú ina gcomhfhreagras noticeable in their correspondence
" Theip ar gach iarracht a rinne siad an scéim a aontú agus tá a bhfrustrachas le sonrú ina gcomhfhreagras leis an Roinn.
Tá sé seo le sonrú go soiléir this is clearly noticeable
" Tá sé seo le sonrú go soiléir dar liom i mbrollach an Bhunreachta áit a maítear gur 'in Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás.
le sonrú go soiléir clearly evident
" Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn.
bhí eascairdeas le sonrú idir a coldness was evident between
" Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír.
Chuir mé sonrú ar leith in I noted particularly
" Chuir mé sonrú ar leith in Copeland, MLA in oirthear Bhéal Feirste.
torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar results and consequences are strongly felt
" Bíonn torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar i dtíortha bundúchais na n-imirceach chomh maith.
le sonrú go soiléir clearly noticeable
" Táthar ag súil freisin go mbeidh an t-athrú intinne airbheartaithe réamhráite le sonrú go soiléir agus é i mbun a dhualgais mar phríomh-aire ar thír fhorbartha dhaonlathach san aonú haois is fiche.
le sonrú ar leathanaigh spóirt noticeable on the sports pages
" Bíonn an éagothroime idir spórt na bhfear agus na mban le sonrú ar leathanaigh spóirt na nuachtán laethúla agus Domhnaigh.
Chuir mé sonrú ar leith i I took particular note of
" Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá.
le sonrú go tréan strongly noticeable
" Tá anáil na gcultúr as ar eascair a muintir le sonrú go tréan ar an ghlúin seo agus is chun tairbhe na tíre an éagsúlacht seo a chothú.
sonrú ann noticeable about him
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
le sonrú abhus noticeable here
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
le sonrú air so described
" Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach pé airgead a ghnóthaíonn sí sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air.
easpa treorach le sonrú uirthi lack of direction noticeable
" In ionad fanaiceacht agus maorlathais an ama atá thart, an fhadhb is mó atá ag an tsochaí iarchumannach seo ná go bhfuil cuma an éadóchais agus easpa treorach le sonrú uirthi.
le sonrú cheana féin evident already
" Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.