Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sonraíoch remarkable
" Tá léiriú Clarke ar éin agus ar bhláthanna ar na colúin seo chomh hoilte agus chomh sonraíoch sin gur cúis mhór iontais agus gliondair iad don té a bhreathnaíonn orthu.
an íomhá is sonraíche the most extraordinary image
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
foirgneamh a tógadh go sonraíoch a building which was built specifically
" Chomh maith le míle suíochán an Sala Grande i bPálás an Chineama agus an 1700 suíochán a líonadh lá i ndiaidh lae i Pala Biennale, foirgneamh a tógadh go sonraíoch i gcomhair na féile, bhí hallaí féachana eile a bhí níos lú is níos teolaí inar taispeánadh scannáin gan na réaltaí móra, nó gan réaltaí móra na linne seo pé scéal é.