Pota Focal Intergaelic
shop | sip | slop | so | so-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an sop in áit na scuaibe a poor substitute
" Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
is geall le suim soip í it is insignificant
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
gal soip a flash in the pan
" Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn.
sop in áit na scuaibe a poor substitute
" I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe.
fhear soip na Breataine British stooge
" Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
gal soip a flash in the pan
" Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.