Pota Focal Intergaelic
os | sás | sios | síos | so
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sos cogaidh ceasefire
" Bhuail Alex Atwood agus baill eile an pháirtí leis an RUC le sos cogaidh an UDA a phlé.
shos cogaidh ceasefire
" Lúbthacht mhorálta ======= Tá titim as a chéile stádas shos cogaidh na ndílseoirí ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta.
sos cogaidh ceasefire
" Tá an cogadh ann leis, tá deireadh le sos cogaidh an UDA/UFF, tá easaontóirí poblachtánacha ag cruinniú nirt, tá coimhlint dhian idir Ombudswoman na bPóilíní agus an Phríomh-Chonstábla, agus tá tuirse ar achan duine.
a shosa cogaidh its ceasefire
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
sos cogaidh ceasefire
" Tá deireadh tagtha le sos cogaidh s'acu agus tá siad ciontach as na céadta ionsaí buama ar thithe Caitliceacha le cúpla bliain anuas.
sos a thógáil to take a break
" Nuair a bhíodh na buachaillí an-óg, agus muid ar ár mbealach go Baile Átha Cliath le cuairt a thabhairt ar ár muintir, bhíodh brú i gcónaí orainn sos a thógáil faoin am a bheadh Áth Luain bainte amach againn.
shos break, recess
" Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003.
go dtógfainn sos gairme that I'd take a career break
" Chuir sé sin as dom agus shocraigh mé lá amháin go dtógfainn sos gairme.
sos comhraic ceasefire
" Ag an am bhí sos comhraic i bhfeidhm idir an IRA agus Arm na Breataine.
sos gairme career break
" * I 1994 agus mé ar thuras domhanda, "sos gairme", mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile.
shos gairme career break
" Chinn sí ansin ar shos gairme a ghlacadh ach ní raibh a fhios aici cad é a dhéanfadh sí.
sos gairme career break
" Ach, in ainneoin go bhfuil sí ag tógáil sos gairme sa bhliain atá amach romhainn, mothaím nach bhfuil sí réidh le slán a fhágáil ag Fiontar go fóill.
sos gairme career break
" An samhradh ina dhiaidh sin thóg mé sos gairme ó IBM chun dul ag seinm ceoil agus chaith mé trí mhí i mBaile Átha Cliath; nuair a bhí mé ansin, d'éirigh liom dul i dteagmháil le Clodagh.
sosanna cogaidh ceasefires
" Ach tá sé naoi mbliana ó tharla chéad sosanna cogaidh an IRA agus na ndílseoirí (mar dhea), ach is gá dúinn a bheith ag feadaíl go fóill.
sos break
" Thóg mé sos ón obair le dul isteach sa stiúideo le Steve Cooney, Liam O'Flynn, Laoise Kelly agus ceoltóirí eile.
sos gairme career break
" Tá cónaí air in California i láthair na huaire, agus tá sos gairme dhá bhliain tógtha aige óna phost mar léachtóir le Gaeilge agus mar Stiúrthóir ar Ionad an nAmhrán in Ollscoil Luimnigh.
ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh despite the (imperfect) ceasefire
" Agus an UUP as an bhealach, thig leis an DUP guth a thabhairt don tromlach i measc na n-aontachtach atá in éadan roinnt cumhachta, ainneoin trí ghníomh díchoimisiúnaithe, ainneoin scoir altanna a dó is a trí de bhunreacht na hÉireann, ainneoin go bhfuil "prionsabal an tola" glactha ag poblachtánaigh, ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh a thosaigh 10 mbiana ó shin.
ar shos cogaidh on ceasefire
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
sos comhraic ceasefire
" Tar éis trí lá inar imir muintir Chorcaí slad ar mhuintir na hAlban, agus a mhalairt ar feadh trí lá eile, bhí sos comhraic ann.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme i mbliana chun an dlúthdhiosca a chríochnú.
sos cogaidh ceasefire
" Bhí sé ina stiúrthóir poiblíochta ar an IRA roimh an sos cogaidh i mí Iúil 1921.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d'fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
na sosanna cogaidh the ceasefires
" Le teacht na sosanna cogaidh agus an idirbheartaíocht a lean iad, tá daoine ag seasamh na fóide ar son a bpobail féin agus is beag spás atá ann do dhream ar bith atá ag iarraidh Caitlicigh agus Protastúnaigh a thabhairt le chéile.
sos sabóideach sabbatical
" "Bhí mé chun sos sabóideach dhá bhliain a thógáil," arsa Cudahy.
sosanna cogaidh poblachtánacha republican ceasefires
" Mar thoradh air seo uilig, fógraíodh na sosanna cogaidh poblachtánacha i 1994 agus i 1997 agus lean dul chun cinn polaitiúil iad.
an sos comhraic the ceasefire
" “Bhí mé ag éisteacht le tuairisc ar TG4 aréir mar gheall ar an sos comhraic agus chuala mé cainteoir dúchais as Conamara ag rá ‘an fhoréigean’ mar thuiseal ainmneach tríd síos.
sos cogaidh ceasefire
" I 1966, trí bliana i ndiaidh don IRA a sos cogaidh a fhógairt, d'eagraigh Rialtas an Stáit seo comóradh ollmhór ar Éirí Amach na Cásca i 1916.
sos comhraic ceasefire
" Níos measa fós, go dtí seo measann rialtas na Breataine go bhfuil sos comhraic an UVF i bhfeidhm! Tá Caitlicigh buartha fosta fá dhrogall an PSNI admháil gur ionsaithe seicteacha a bhí sna buamaí peitril a caitheadh ar thithe Caitliceacha in Áth Eochaille, Co Aontroma.
sos cogaidh sealadach sobhriste a breakable temporary ceasefire
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh sos cogaidh sealadach sobhriste a fhógairt sa chath síoraí leis na neasghaolta sa teach.
ag glacadh sosa taking a break
" Lena ngob oráiste agus na cosa atá mar a chéile, tá siad an-tarraingteach ar fad! Bhuel, a léitheoirí, ba mhaith liom cur in iúl daoibh go mbeidh mé ag glacadh sosa i ndiaidh an ailt seo, mar tá sé ar intinn agam níos mó ama a chaitheamh ar phíosa taighde faoin tseanstair atá idir lámha agam.
ag glacadh sosa taking a break
" Lena ngob oráiste agus na cosa atá mar a chéile, tá siad an-tarraingteach ar fad! Bhuel, a léitheoirí, ba mhaith liom cur in iúl daoibh go mbeidh mé ag glacadh sosa i ndiaidh an ailt seo, mar tá sé ar intinn agam níos mó ama a chaitheamh ar phíosa taighde faoin tseanstair atá idir lámha agam.
sos break
" Tugann an Grand National seans do a lán daoine sa cheantar cúpla punt a shaothrú ar feadh cúpla lá agus sos a fháil ó oifig an *dole*.
le sos cogaidh a phlé to discuss a ceasefire
" (Dála an scéil, tháinig cuid de cheannairí poblachtánacha na hÉireann, Gerry Adams agus Martin McGuinness ina measc, go teach príobháideach anseo sa bhliain 1972 le sos cogaidh a phlé.
sos cogaidh a ghairm to call a ceasefire
" Níos measa fós, in ainneoin a raibh an domhan ag súil leis, ní dhearna an Dr Rice sos cogaidh a ghairm agus í in Iarúsailéim.
sos ón scríbhneoireacht a break from writing
" ” **Sos** Thóg Ihimaera sos ón scríbhneoireacht ar feadh roinnt blianta sna seachtóidí.
sos gairme career break
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
Scata oilithreach ag glacadh sosa ann. A crowd of pilgrims having a rest there.
" Scata oilithreach ag glacadh sosa ann.
ag tógáil sos gairme, taking a career break,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
an sos cogaidh, a ceasefire,
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
i rith an tsosa during the break
" Mholfainn féin triail a bhaint as na brioscaí a bhíonn ar fáil i rith an tsosa – déanta sa bhaile agus fós te ón oigheann.
sosanna fada machnaimh long pauses of thinking
" Thiteadh sosanna fada machnaimh air agus gan aird aige ar cheisteanna an mhúinteora.
ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. since the ceasefire has come into operation.
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
ag tógáil sosa taking a break
" ”Bhuail mé le Darach, duine de bhunaitheoirí Fhíbín, le gairid agus é ag tógáil sosa ón obair atá ar siúl aige faoi láthair i Raidió na Life.
sos a ghlacadh to take a break
" Mar sin, ócáid mhór is ea “ILALA Day” – is é sin, nuair a bhíonn an bád ar feistiú – mar go mbíonn deiseanna díolacháin ag daoine agus deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus sos a ghlacadh ó obair an lae.
ag glacadh sosa taking a break
" Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
sos break
" Ghlac mé sos ansin agus cheannaigh mé cáis, sú oráiste agus torthaí i siopa beag sa bhaile sin.
ar sos gearr on a short break
" Chuirfeadh an ceangal seo idir Le Touquet agus Páras i gcuimhne do dhuine an ceangal atá idir Luimneach agus Cill Chaoi ar chósta iarthair an Chláir nó an ceangal idir Trá Lí agus Baile an Bhuinneánaigh b’fhéidir, an sórt áite a dtéann daoine ar sos gearr.
sos cogaidh truce
" ’ Is i gcarráiste traenach taobh amuigh de Compiègne, atá 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Pháras, a síníodh an sos cogaidh agus géilleadh na Gearmáine a chuir deireadh leis an gCogadh Mór i mí na Samhna 1918.
tsosa chogaidh truce
" ’ Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.
sos a ghlacadh take a break
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
sosanna cogaidh truces
" Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus ní bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach tá na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "choimhlint".
sos a break
" Nuair a ghlac sé sos ón cheol, chuaigh sé chuig an bheár agus leag sé a fhidil ar stól.
sos cogaidh truce
" An mbeadh sos cogaidh ann dá mbeadh sí ina Príomh-Aire ag an am? Ní fios, ach ba iad cinní agus pearsantacht Thatcher a d’ullmhaigh an tuaisceart ar an turas a bhain cineál bunscríbe amach le síniú Comhaontú Aoine an Chéasta - dá hainneoin féin.
sos cogaidh truce
" D’fhógair roinnt eagraíochtaí reibiliúnacha sos cogaidh, ach d’iompaigh grúpa saighdiúirí Búdaíocha ón KNLA i 1994 agus thacaigh le harm an Stáit mar gheall ar fhorlámhas na gCríostaithe sa KNU agus leithcheal frith-Bhúdaíoch.
sos an tsamhraidh the summer break
" Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
sos gairme career break
" “Mar a bhí á rá agam, táim chun saoire gan phá a thógáil – tá sos gairme á mholadh acu san earnáil phoiblí faoi láthair agus is maith an chiall dom é sin a dhéanamh anois fad is atá na cailíní óg agus suíochán agam sa Seanad.
sos holiday, break
" Tapaíonn feisirí agus seanadóirí na Comhdhála an sos míosa, agus filleann siad abhaile go dtína dtoghcheantair timpeall na tíre.
sosanna interludes
" Dá leagfaí amárach iad, mhothódh daoine gan chosaint, sosanna cogaidh ann nó as.
sos a rest
" Dáiríre, le níos mó a léamh bheadh sos de dhíth, ón raithneach.
sos a ghlacadh to take a break
" Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d'imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn.
sos cogaidh truce
" Marú Kieran Doherty; buama a d'fheadfadh daoine a mharú ar an Iúr; racáin i Craigavon le seachtain anuas, ag dul siar go dtí marú bheirt shaighdiúir Briotánacha, Mark Quinsey agus Patrick Azimkar, ag Beairic Masserene i mbaile Aontroma agus níos faide siar go dtí briseadh a sos cogaidh i 2000, sos a tháinig sna sála ar bhuamáil fhuilteach na hOmaí as a raibh siad freagrach.
sos gairme career break
" Tar éis fiche bliain a chaitheamh i mo mhúinteoir i mBaile Átha Cliath, shocraigh mé sos gairme a ghlacadh sa bhliain 2000 agus teacht go Páras.
shos break, holiday
" Beidh mé sásta má éiríonn linn é sin a dhéanamh roimh shos Dála an tsamhraidh.
sosanna between round breaks
" Ag na sosanna, tá an treoir a thugann m’athair, mo thraenálaí, an-tábhachtach.
ag glacadh sosa taking a break
" I ndáiríre táim ag glacadh sosa san oifig ó mo pháistí craiceáilte! Mar is eol don léitheoir dílseach táim ag obair don Irish Internet Association.
sosanna breaks
" Is iad na gearáin is coitianta a chloiseann MRCI ná nach n-íoctar oibrithe as uaireanta ragoibre, nach n-íoctar an t-íosphá dleathach is nach bhfaightear sosanna, laethanta saoire ná pá saoire.
shosanna fógartha advertising breaks
" I rith an lae, bíonn timthriall craolta fiche nóiméad, nó mar sin, acu, ina n-athchraoltar na scéalta céanna, nach mór, idir shosanna fógartha.
sos ón gclampar break from the tumult
" Gan trácht ar na cuairteoirí, tá 12,000 fostaithe sa tsiopalann, idir dhíol agus eile, agus níl sos ón gclampar ó oscailt na siopalainne ag a deich ar maidin go ham dúnta ag 9.
ar sos comhraic in a truce
" Cheadaigh ceannaireacht an UVF an dúnmharú, ainneoin iad in ainm is a bheith ar sos comhraic.
sosa a break
" Bhí an banna ag glacadh sosa i Meán Fómhair.
tar éis sosa after a while
" Toghchán Stairiúil ========= Má théann an Lucht Oibre isteach sa bhfreasúra agus cúrsaí rialtais a fhágaint faoi Fhine Gael, athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo: Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa.
tar éis sosa after a while
" Toghchán Stairiúil ========= Ní athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo, is é sin, Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa, mar gheall go ndeachaigh an Lucht Oibre isteach sa gcomhrialtas seo.
sos cogaidh truce
" Tháinig socrú (doiligh) bunreachtúil ar cheist an Tuaiscirt tar éis sos cogaidh na nóchaidí.
ag glacadh sosa taking a break
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
sos gearr a short break
" Ní raibh sé sa phlean go mbeadh muid ag stopadh in Ailt an Chorráin ach i ngeall ar an drochaimsir a bhuail an bád ag trasnú Cuan Dhún na nGall, beartaíodh sos gearr a ghlacadh ó chruatan farraigí cáite agus gálaí gaoithe an Atlantaigh in Ailt an Chorráin.
gan sos relentlessly
" Dúisíodh an t-inneall le “tiug tiug” a bhí le cloisteáil gan sos ar feadh an bhealaigh sna laethanta amach romhainn.
glacadh sosa taking a break
" Nuair a bhí mé ag glacadh sosa mar gheall ar sin, chonaic mé ar chúl leathanach an Irish Times go raibh ranganna Gaeilge le Gael Linn i gCearnóg Mhuirfean gach oíche ó 6-10.
sos chomhraic cessation
" ”* Imíonn Jack sula bhfad ar bhóthar a mhic, ach éalaíonn Stephen as an bpluais cúpla nóiméad tar éis do sos chomhraic 1918 teacht i bhfeidhm.
sos intinne peace of mind
" Is annamh mar sin a fhaigheann cuid mhór Éireannach sos intinne ón obair agus tugann siad níos lú aire dá sláinte féin.
sosanna breaks
" Tá daoine ag tógáil níos lú sosanna agus ag fulaingt leis an neamhchodladh de dheasca na n-athruithe seo sa saol.
shos bliaintúil annual break
" Is mé ag ullmhú do mo shos bliaintúil ón teicneolaíocht, casadh m’intinn ar cheist laethanta saoire agus ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht orthu.
Glacfaidh muid sos we take a break
" Glacfaidh muid sos ag an tobar, rud atá de dhíth tar éis an tsiúil fhada ó Bhun Glas, trasna Cosán an Aon Fhir.
fiú leis na sosanna uisce even with the water stops
" Ach fiú leis na sosanna uisce, bhíos tuirseach traochta, agus bhí mé ag mothú níos laige le himeacht ama.
ag plé an tsosa chogaidh discussing the truce
" Ag an am seo, bhí na Brits ag caint go ciúin linn, bhí Gerry Adams i mbun cainteanna le John Hume, agus ó thaobh agamsa de, bhí baint agam leis na cainteanna a bhí ag plé an tsosa chogaidh.
gan sos without a break
" San athchóiriú seo feictear Ruth Lehane mar phríomhcharachtar an dráma, Bónapárt Ó Cúnasa, agus caithfidh mé a rá go ndéanann Lehane a seacht ndícheall leis an méid focal is línte atá aici, ach, is minic a chloistear botúin ina páirt i léiriú a shín níos faide ná uair go leith (gan sos).
bhíonn sos nach ea the break is, isn’t it
" Ar deireadh, cé acu atá ceart: leatham nó leath ama? Leathphingin nó leath pingne, leathphunt nó leath puint, leathdhoras nó leath dorais? Tá mearbhall orm leath an ama ach is ag leatham a bhíonn sos nach ea?
bheith ar sos scun scan to be on a permanent break completely
" Bheadh sé an-dian ar aon duine a bheith ag saothrú gan stad gan fuaradh ó dhubh go dubh ar feadh tamaill, agus ansin a bheith ar sos scun scan.
gan sosanna ná saoire ceart without breaks or proper holidays
" Ciallaíonn sé sin gur minic a iarrtar orthu obair dhuaisiúil a dhéanamh gan sosanna ná saoire ceart a fháil.
is maith liom sos a glacadh in aice leis I like to take a breather beside it
" Tá an teach i mbaile fearainn Cill Athnaid, taobh thiar den choláiste i nGleann Cholm Cille, agus is maith liom sos a glacadh in aice leis, ar ár mbealach go Gleann Mhálainne, chun insint don scaifte faoin tsraith teilifíse ‘*Murder in Eden*’, a rinne an BBC sa cheantar i 1991 agus atá bunaithe ar an úrscéal ‘Bogmail’, a scríobh Mc Ginley i 1978.
ghlac an scaifte sos the group took a rest
" Lá te, brothallach ag deireadh an gcúrsa a bhí ann i nGleann Loch, agus nuair a ghlac an scaifte sos ag carraig an aifrinn, in aice le Loch an Aifrinn, mhol Carrie dúinn léimnigh amach san uisce le haghaidh snámh gairid.
go leor sosanna le linn an chluiche plenty of stops during the game
" Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.
sos a thógaint to take a break
" Dá réir sin, is tábhachtach an ní é sos a thógaint ó am go chéile agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna bunúsacha ealáine sin – Conas tá ag éirí liom i láthair na huaire? Cén sprioc atá ar intinn agam, agus eile.
sos a break
" Cé go mbeadh siad in ann, mar shampla, ábhar a léamh i 10 nóiméad a thógfadh 30 noiméad ar ghnáthléitheoir, b’fhéidir go mbeadh orthu sos 20 noiméad a thógáil ina dhiaidh! ● Tá fianaise ann go léimid ag luasanna éagsúla ag brath ar an saineolas atá againn ar an ábhar, nó mar a chuir Harvard Press le déanaí é: “*There is an "app" that has been proven to allow faster reading and complete comprehension.
ach sos just a break
" Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seo – cibé ba chionsiocair léi.
i ndiaidh na sosanna cogaidh after the truces
" Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.
Fuair mé sos ón ngnáthshaol I got a break from the my usual lifestyle
shos gairme career break
" Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ.
sos cogaidh ceasefire
" D'fhógair an UDA sos cogaidh ag deireadh na míosa seo caite ach ní chreideann Robert McMillen go bhfuil siad dáiríre faoi.
sos cogaidh ceasefire
" Nuair a d’fhógair an IRA sos cogaidh cheana féin sna seascaidí ní dhearna Rialtais na hÉireann ná na Breataine go leor leis an phobal náisiúnach sna Sé Chontae a chosaint.
Deis sosa a chance of a rest
" Deis sosa agus deis éalú ar do mharana atá san ‘aire de service’, nó sa stad artola, le taobh an bhealaigh mhóir ar an Mhór-Roinn.