Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oirdheisceart Uladh south-east Ulster
" An taighde atá ar bun aici le cúpla bliain anuas ar "an rud is mó is ansa" léi, na hamhráin as a ceantar féin in oirdheisceart Uladh, a spreag í leis an albam nua seo a thaifeadadh.
Mhol Theas The South Pole
" Ach dá seolfadh duine thart ar an domhan tuairim is 100 ciliméadar taobh ó thuaidh den Mhol Theas, tá mé cinnte nach nglacfadh mórán leis gur turas "timpeall na cruinne" a bhí ann.
iardheisceart south-west
" Tá paróiste Chill Chartha, idir chladach, ghleann agus chnoc, cuachta istigh idir paróistí na gCeall, Ard an Ratha agus Ghleann Cholm Cille, agus cósta thuaidh Bhá Dhún na nGall in iardheisceart na contae.
ó dheas to the south
" Is é Cluainín, atá ocht míle ó dheas, an baile is mó sa cheantar.
iardheisceart south-west
" Tháinig mé ar fhógra Oideas Gael, scoil teanga agus chultúir i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, agus bheartaigh mé ar dhul ansin mar bhí beagán eolais agam ar an cheantar.
iardheisceart south-west
" Tá sé beartaithe an struchtúr is airde ar domhan, túr 1,000 méadar ar airde, a thógáil i gceantar Buronga in iardheisceart New South Wales, 25 ciliméadar soir ó thuaidh ó Mildura.
ó dheas south
" Tar éis lastas a fhágáil ina diaidh le seoladh ar ais go New Bedford, tógadh criú nua ar bord agus sheol sí léi arís ó dheas ar thóir na míolta móra, thart timpeall na hAfraice agus soir chomh fada le Bunbury in Iarthar na hAstráile.
is faide ó dheas furthest south
" Is é Cléire - nó Cape Clear Island sa Bhéarla - an pointe is faide ó dheas in Éirinn.
iardheisceart south-west
" Tá Tír an Fhia suite in oileán Ghorumna, in iardheisceart Chonamara, thart ar shé mhíle is tríocha ó chathair na Gaillimhe.
ó dheas in the south
" Agus ar ndóigh, ó thuaidh, Acht Teanga ar aon dul leis an cheann éachtach ó dheas.
ó dheas to the south
" Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Cape York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.
Aneas is aduaidh from the south and from the north
oirdheisceart south-east
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
oirdheisceart south-east
" Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
ag dul ó dheas going south
ó dheas in the south
" Bheadh an baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.
sa gCóiré Theas in South Korea
" Tarraingíodh na pictiúirí féin sa gCóiré Theas, áit a bhfuil costas i bhfad níos ísle ar an gcineál sin oibre.
iardheisceart Shasana south-west England
" Bhí sí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.
sa Bhreatain Bheag Theas Nua in New South Wales
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
theas agus thuaidh south and north
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis AnBL? Is iad cumas, saineolas, agus breithiúnas na foirne na nirt is tábhachtaí atá ag an Bhrainse; tá beagnach ochtó bliain de thaithí taighde ar logainmneacha ann agus cartlann luachmhar ina bhfuil na mílte foirmeacha stairiúla de logainmneacha as gach contae sa tír, theas agus thuaidh.
ó dheas in the south (Republic of Ireland)
" Bhí imní air faoin bhrú a bhí ar an teanga ó dheas ach ba mhór an tógáil croí dó an borradh a bhí faoi chúrsaí ó thuaidh.
ó dheas south
" Ach chuaigh muid ó dheas sa charr an dara lá go sráidbhaile Llangynog, agus ansin ó thuaidh suas Sléibhte Berwyn go dtí Moel Sych (827 méadar ar airde).
trí eitilt ó dheas three flights south
" De réir rialacha an chomórtais OSP don bhealach seo, ní foláir go mbeadh trí eitilt ó dheas agus trí eitilt ó thuaidh gach aon lá.
ó dheas in the south
" ó dheas, meastar gur caitheadh IR£1,050 milliún ar chúrsaí slándála sa tréimhse chéanna.
ó thuaidh agus ó dheas in the north and in the south
" Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.
chomhlachtaí as an deisceart companies from the south
" Cé gur bronnadh £46,590 ar chomhlacht Uí Chairealláin chun clár faisnéise a dhéanamh ar shaol an Chairdinéil Uí Fhiaich, bhí míshásamh air de bhrí go raibh formhór an airgid á thabhairt do chomhlachtaí as an deisceart agus do chomhlachtaí Béarla de chuid Thuaisceart Éireann nár léirigh mórán suime sa Ghaeilge roimhe seo.
ó dheas south
" Mharaigh na Rómhánaigh na mílte de na Caledonii, agus bhí an bua acu, ach go luath ina dhiaidh sin d’imigh siad leo ó dheas agus thóg siad Balla Hadrian trasna na tíre.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
fán Éigeandáil ó dheas about the Emergency in the south
" Scríobh sé leabhar dar teideal *In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945* fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda.
An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas the North-South Polish/Latvian/Estonian Alliance
" Beidh Bertie Ó Hernia agus a dhrong muiníneach go leor as toradh a gclis, ach ní bheidh siad ag súil leis an pháirtí úr a bhunófar i bPoblacht na hÉireann agus sna Sé Chontae ag an aon am amháin: An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas, a rachaidh i gcomhrialtas leis an Chomhaontas Bándearg, agus a chruthóidh rialtas úr le Séamus Walesa mar Thaoiseach.
ar a mbealach ó dheas on their way south
" B’as Gleann Cholm Cille duine acu agus b’as Cill Charthaigh don fhear eile agus bhí siad ar a mbealach ó dheas go Baile Bhuirne le freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.
ó dheas in the south
" Bhí ruathar ag na Gardaí ó dheas ar 20 gnólacht a bhain le “sciúradh airgid”.
ó thuaidh agus ó dheas north and south
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas from the Hispanic countries of Central and South America
" Is aneas atá an sruth ag rith anois go láidir, ámh - ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas.
sular chasadar ar ais ó dheas before they returned back south
" Mar sin, ar feadh dhá mhí lean a arm ar aghaidh ó thuaidh, ag teacht i gcóngar cúpla míle do Harrisburg féin sular chasadar ar ais ó dheas.
in oirdheisceart na hÁise in south-east Asia
" Tharla an cleas céanna sna seachtóidí nuair a tháinig deireadh leis an réabadh in oirdheisceart na hÁise agus thug na sluaite as an gcuid sin den domhan a n-aghaidh ar an Astráil.
soir ó dheas to the south-east
" Tá Oileán Whithorn cúpla míle soir ó dheas.
na cistí sa deisceart the funds in the south
" Ansin, tá cead againn cur isteach ar airgead ó na cistí sa deisceart – 'Fuaim agus Fís' an Choimisiúin Chraolacháin – agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
ó dheas to the south
" Ach tá Sliabh Liag deich gciliméadar ó dheas ón Storrúil agus chuir sé seo comhrá i gcuimhne dom a bhí agam le Gearmánach thart fá chúig bliana ó shin.
ó dheas ó south of
" Chaith mé dhá lá i Kande Beach, cúpla uair an chloig ó dheas ó Nkhata Bay.
i stíl na hAfraice Theas. in a South African style.
" Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh i stíl na hAfraice Theas.
thuaidh agus theas. north and south.
" I mbliana, fuair an Taisce corradh le leathmhilliún euro, ón dá Chomhairle Ealaíon, thuaidh agus theas.
ar an gCuarbhóthar Theas. on the South Circular Road.
" Dhá sheomra i dteach Seoirseach, dearg-bhríceach trasna an bhóthair ón Staid Náisiúnta ar an gCuarbhóthar Theas.
deisceart south
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
i ndeisceart Bhéal Feirste. in south Belfast.
" Bhíodh muid ag cuartaíocht i dtithe go mbíodh ceol iontu agus ag dul chuig seisiúin lena chéile thart ar cheantar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.
ag taisteal ó dheas. travelling south.
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
UDA Aontroma Theas the South Antrim UDA
" (An gciallaíonn sé seo, má thugtar go leor airgid thar tréimhse dó, go mbeidh sé sásta bheith ina Éireannach?) Is léir go bhfuil UDA Aontroma Theas ag iarraidh bheith neamhspleách ar an mháthaireagraíocht agus gur airgead atá taobh thiar de.
soir ó thuaidh to the south-east
" An ghaoth is an bháisteach is an fuacht chomh cam, casta, ciotach leis na drochbhóithre seo idir Caisleán an Bharraigh agus an Ros Thiar – baile beag tuaithe cúpla míle soir ó thuaidh ón gCaisleán.
roimh an olltoghchán ó dheas before the general election in the south
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
bunús na vótóirí ó dheas most of the voters in the south
" Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin.
Uibhist a Deas South Uist
" Tá cónaí ar an chuid is mó acu san iarthar – ar Uibhist a Deas agus ar Bharraigh sna h-Eileanan Siar agus thart ar Ghlaschú, áit a ndeachaigh roinnt mhaith Éireannach.
ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, on the north/south divide in England,
" ) Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an *Telegraph* foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé! Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar *bona fides* na tuarascála.
ó dheas. in the south.
" Tá siad ann, ach níl an líon céanna inimirceach ó thuaidh is atá ó dheas.
ó dheas uaidh. south of it.
" Is mór an difríocht idir an talamh atá ar an taobh thiar thuaidh de Thomas Jefferson Park agus an talamh atá ó dheas uaidh.
i ndeisceart na Polainne, in the south of Poland,
" “Rugadh mé in Zabkowice Slaskie, baile beag i ndeisceart na Polainne, tuairim is 20 nóiméad ón teorainn le Poblacht na Seice.
Aithin an Deiscirt Athens of the South
" Mar gheall air sin, tugadh Aithin an Deiscirt uirthi roinnt blianta ó shin.
Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath from Dublin south
" Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht! Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna.
ó dheas to the south
" Bhí Chester, atá 20 míle ó dheas ar abhainn an Dee, ar an phort ba thábhachtaí sa réigiún.
cathracha móra an deiscirt the big city of the south
" **Tuilleadh turasóireachta**Le teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe.
iardheisceart South-east
" AÓF: An bhfuil dúil agat i stíl ar leith nó i réimse nó stór ceoil ar leith? TC: Tá cinnte, go háirithe sa stíl agus sa stór ceoil a bhaineann le hiardheisceart Dhún na nGall.
Táthar ag súil nach leathnóidh sé aneas. it is hoped that it won't spread from the south
deisceart na Spáinne south of Spain
" Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach.
lucht tógála dheisceart na Spáinne. builders of the south of Spain
" Le blianta beaga anuas, tá tírdhreach na háite athraithe go mór ag lucht tógála dheisceart na Spáinne.
thuaidh agus theas, north and south
" 8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge.
ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach on the wet streets of the south of the city
" Tháinig freagra ar ais chugam in imeacht lae – é ag rá go raibh sé chun aistriúchán a sheoladh chugam go luath i Sacs-Bhéarla! *** Mé sa charr ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach – rithim agus drumadóireacht amhrán Timbaland agus an ceol in Adam’s dearmadta go hiomlán agam.
deachtóirí na Cóiré Theas agus na Téaváine. the dictators of South Korea and Taiwan.
" Bhí páirt mhór ag Moon i mbunú an Chonartha, i dteannta le Kodama, Sasakawa, agus deachtóirí na Cóiré Theas agus na Téaváine.
chun na hAfraice Theas to South Africa
" Agóidí Dhiúltaigh go leor de thíortha na hAfraice dul go Montréal sa bhliain 1976 mar agóid i gcoinne rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne sna cluichí, siocair go ndeachaigh foireann rugbaí de chuid na tíre sin ar camchuairt chun na hAfraice Theas tamall gairid roimhe sin.
i ndeisceart na tíre, in the south of the country
" Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha an-éagsúil óna chéile.
sa deisceart. in the south
" Faoi 1875, ní raibh ach 12,300 cainteoir fágtha (29 faoin gcéad den daonra), a bhformhór sa deisceart.
Afracach Theas South African
" Aisteach go leor, chuir an chorparáid tobac, ar leis an Afracach Theas Anton Rupert é, airgead agus foireann ar fáil chun CFD a reáchtáil.
príomhchathair na hÓiséite Theas capital of South Ossetta
" Ar an gcéad dul síos, bunoscionn leis na fíricí, ba mar ionsaitheoir sa choimhlint seo a chuir meáin an Iarthair an Rúis i láthair, cé gurbh í an tSeoirsia a d’ionsaigh Tskhinvali, príomhchathair na hÓiséite Theas, ar an 8 Lúnasa.
slóite aneas crowds from the south
" Bhíothar ag plé líon na ndeisceartach (SaorStátairí mar a deir an chuid sin acu nár fhág riamh an freangadh ama ina bhfuil siad) agus ráiteas roinnt polaiteoirí ó dheas gur easpa tírghrá a sheol na slóite aneas, chan an fhírinne lom go gcosnaíonn buidéal Lucozade €1.
chaidreamh Thuaidh Theas North South relations
" Níor tugadh an 57 ceann eile dom ar chúpla cúis, ach go príomha, de bharr an tionchar a bheadh ag a leithéid ar an chaidreamh Thuaidh Theas! Bhain an 72 doiciméid le dhá eagras státurraithe – Bord na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
ar mo bhealach ó dheas on my way south
" Is dócha gur bhuail an smaoineamh mé den chéad uair nuair a stop mé i stáisiún seirbhíse gar do Lyon agus mé ar mo bhealach ó dheas.
dheisceart the south
" Tá Victoria ar an stát is faide ó dheas ar ilchríoch na hAstráile, agus bhí tonn teasa ar dheisceart na tíre ar feadh dhá lá dhéag roimh 7 Feabhra.
iardheisceart south west
" Fuadach feidhmeannaigh Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
is faide ó dheas furthest south
" Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig *Tribeca, Chinatown, Soho*, an Iodáil Bheag, ansin an *Lower East Side*.
ndeisceart na tíre the south of the country
" Ansin cuireadh rialtas faoin teideal Aontas na gCúirteanna Iosalamacha ar bun i ndeisceart na tíre.
Theas south
" Tá an loch in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth.
dheisceart na tíre the south of the country
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria (Eagrán 95, Márta 2009).
oirdheisceart south east
" Tá sé ag tarraingt ar am lóin i mbaile Ka in oirdheisceart na Nigéire.
dheisceart south
" Tugaim faoi deara difríocht shuntasach idir bailte beaga na nDílseoirí agus bailte na Náisiúnaithe nuair a thaistealaím trí dheisceart Chontae Dhoire: bíonn áiseanna iontacha ag an gclub áitiúil den Chumann Lúthchleas Gael, idir pháirc, chlub sóisialta agus phiniúir.
aneas from the south
" Tá an aimsir fóirsteanach arís do nádúr an Ghaeil: an díle anuas orainn agus an ghaoth fhuar aithrinneach ag séideadh aduaidh agus aneas agus anoir agus aniar ag an am céanna.
ó dheas south
" Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges.
deisceart south(ern)
" Rinne fórsaí Seapánacha ionsaí ar Kokoda i mí Iúil, 1942, mar go raibh siad ag iarraidh bealach go dtí deisceart na tíre a fháil thar an gcosán.
thuaidh-theas north-south
" , a d’oscail an t-ionad ilfheidhmeach seo atá i gcroílár chathair Dhoire agus d’aithin sé, agus é ag caint faoin togra, gur céim shuntasach a bhí ann ó thaobh thodchaí na Gaeilge sa tuaisceart agus cúrsaí comhfhiontair thuaidh-theas.
ndeisceart south
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
Oirdheisceart south east
" Tá trácht ar an vaimpíreachas leis na milte bliain siar go dtí muintir na Measpatáime, na hEabhraigh, na Sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh, ach is san ochtú haois déag áfach, a thosaigh an téarma vaimpír ag éirí coitianta, go háirithe in Oirdheisceart na hEorpa.
iardheisceart south west
" Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987.
hAfraice Theas South Africa
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
ó dheas south
" Agus na fáinleoga ag imeacht ó dheas ag deireadh an tsamhraidh, bhaineamar St Germain-en-Laye amach.
iardheisceart south west
" Bhog an teaghlach go Polkowice, baile beag in iardheisceart na Polainne, nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois, áit a bhfuil a tuismitheoirí fós ag cur fúthu.
ndeisceart south
" D'fhoghlaim daoine i ndeisceart na Stáit Aontaithe cé chomh guaiseach is atá an druileáil dhomhain chéanna, ach ar ndóigh, bheadh deacrachtaí faoi leith ag aon obair san Artach beag beann ar dhoimhneacht an tobair.
Saiheile area south of the Sahara
" Is é réigiún na Saiheile san Afraic, réigiún a chuimsíonn an Mháratáin, Mailí, an Nígir, Sead, an tSúdáin agus an tSomáil, ceann de na háiteanna is mó riosca ar domhan faoi láthair do dhuine ar bith ó thíortha an Iarthair, dar leis an Aire i Roinn Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Bernard Kouchner, bíodh lucht gnó, oibrithe neamhrialtais nó lucht saoire i gceist.
ó dheas to the south
" Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
léi aneas bordering it from the south
" Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas.
ó dheas in the south
" “Bhí an choimhlint faoi lán seoil ó thuaidh ach ní raibh aon duine ag caint air ó dheas,” ar sí, “ach in oifigí Trócaire bhí saineolaithe ar na hOileáin Fhilipíneacha, ar Mheiriceá Láir, ar an Afraic Theas.
thuaidh agus theas north and south
" 
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d'Éirinn, thuaidh agus theas.
siar ó dheas south east
" In ainneoin gur fhágamar Páras ar a cúig a chlog an mhaidin sin, níor éirigh linn na tranglaim thráchta ar an mótarbhealach siar ó dheas a sheachaint.
deisceart south
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.