Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dul in iomaíocht leis na Spáinnigh compete with the Spanish
" Tá an cabhlach iascaireachta is mó san Eoraip ag na Spáinnigh, agus ba é an tuiscint a bhí ann an t-am sin ná gur chóir srianta áirithe a chur orthu, ar feadh roinnt blianta, chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann an cabhlach s'acu féin a mhéadú sa chaoi is go mbeadh siad in ann dul in iomaíocht leis na Spáinnigh in am trátha.
ealaíontóir Spáinneach Spanish artist
" Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.
an líon céanna Caitliceach Spáinneach as many Hispanic Catholics
" Is fíor go bhfuil roinnt mhaith Caitliceach Éireannach agus Iodálach ag bogadh amach as an chathair ach tá an líon céanna Caitliceach Spáinneach tar éis a n-áit a ghlacadh.
ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh most of the people killed by the fascists were Basques, Catalans and Spaniards
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
don Phailliún Spáinneach for the Spanish Pavilion
" Bhí an t-ealaíontóir Spáinneach Pablo Picasso i bPáras nuair a scriosadh Gernika agus é ag obair ar shaothar don Phailliún Spáinneach a bhí le bheith mar chuid den Taispeántas Domhanda níos moille sa bhliain.
sa chrannchur Spáinneach in the Spanish lottery
" Bhí an t-ádh orm ar na mallaibh nuair a bhain mé £65,810 sa chrannchur Spáinneach El Gordo.
cruth Spáinneach a Spanish appearance
" Má shíleann tú go bhfuil cruth Spáinneach ar an Vieux Carré (an tseancheathrú, nó Ceathrú na bhFrancach), mar sin, bheadh an ceart agat.
is áil le Spáinnigh i gcoitinne the Spanish generally like
" Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach.
le linn ré na Spáinneach during the Spanish era
" Bhí clú agus cáil ar na hÉireannaigh le linn ré na Spáinneach - an Dr.