Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spás atá á 'roinnt' space being 'shared'
" net/)) ag cuir an choincheapa de spás atá á 'roinnt' ag daoine éagsúla i bhfeidhm.
spás dánlainne gallery space
"spás dánlainne san fhoirgneamh, áit a mbíonn taispeántais mhíosúla ag na healaíontóirí ó na stiúideonna.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
dhá oiread spáis twice as much space
" Go hidéalach tá siopa le dhá oiread spáis de dhíth orainn.
an spás seo a roinnt to share this space
" Tá air an spás seo a roinnt anois le triúr dochtúirí eile.
spás folamh empty space
" "Nuair a bhuailtear an ghabhlóg thiúnta líontar an spás folamh thart timpeall air le creathanna beaga atá inláimhsithe .
spás taispeántais exhibition space
" Chomh maith le spás taispeántais a bheith ann d'ealaíontóirí, bíonn ranganna ealaíne don phobal ar siúl ansin chomh maith.
spás craolacháin broadcasting space
" Níl an spás craolacháin ag SBS chun freastal ar na grúpaí nua agus na seanghrúpaí le chéile.
de cheal spáis because of lack of space
" Bhí Gobharnóir úr Cholifórnia, Arnie Swartze Knickers, ag dul thart ag cuartú mná le crúbáil, ach b'éigean dó éirí as de cheal spáis.
spás craolacháin broadcasting space
" Níl an spás craolacháin ag SBS chun freastal ar na grúpaí nua agus na seanghrúpaí le chéile.
easpa spáis lack of space
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
bhí spás de dhíobháil air he needed space
" " Measann sé anois go mbíonn méid áirithe brú de dhíth le cinntiú go n-éireoidh leat caighdeán ard a bhaint amach ar uirlis ach bhí spás de dhíobháil air lena shuim sa cheol a mhuscailt ann féin agus thug a athair mór an spás sin dó.
an spás lom the empty space
" Bhí an pictiúr ar iarraidh ar feadh dhá bhliain agus le linn na tréimhse seo sheas na mílte Francach i scuainí chun féachaint ar an spás lom a bhí fágtha ar an bhalla! Agus deirtear nár tháinig an t-íosachas chun cinn go dtí na seascaidí! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
chulaith spáis spacesuit
" Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*! D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
spásanna crioslaithe enclosed spaces
" Tá an gairdín ollmhór lán spásanna crioslaithe a bhfuil radharcanna le feiceáil uathu nach mbeifeá ag súil leo.
neart spásanna páirceála plenty of parking spaces
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
spás fálaithe enclosed space
" Go bunúsach, íocann sealgairí trófaithe, a thagann ó chuile chearn den domhan, airgead mór (suas le $10,000 uaireanta) chun ainmhí a mharú i spás fálaithe.
an Straitéis Náisiúnta Spáis the National Spatial Strategy
" Tuigeann siad go bhfuil tábhacht ag baint leis seo d’iarthar na hÉireann, go bhfuil easpa infreastruchtúir ag cur as go mór don réigiún, go bhfuil an píosa seo ann agus gur féidir, ar airgead atá beag go maith, caoi a chur air; go dtabharfaidh sé an Straitéis Náisiúnta Spáis i bhfeidhm thar oíche má cheanglaítear Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh; go dtabharfaidh sé spreagadh mór do phobal an iarthair i gcoitinne; go ndéanfaidh sé an áit níos mealltaí do na státseirbhísigh seo atá le bogadh as Baile Átha Cliath; go meallfaidh sé tionscail agus forbairt isteach agus go dtabharfaidh sé iarthar na hÉireann isteach san aois ina maireann muid.
laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa the space between them decreased very quickly
" In ainneoin a chrutha, laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa mar bhí an strainséir ag treabhadh chun cinn mar a bheadh tarbh beag, tréan.
i ngeall ar easpa spáis because of lack of space
" Is i ngeall ar easpa spáis a bhog muid chuile uair, mar bhí méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine a bhí sa chraobh.
sa spás a chuirtear ar fáil dóibh. in the space provided to them.
" Is suíomh é inar féidir le daltaí scoile agus ollscoile cuntais a chruthú dóibh féin, agus neart rudaí a scríobh agus a chur sa spás a chuirtear ar fáil dóibh.
neart spáis plenty of space
" *Cliché* a chloistear go minic ag an am seo bliana ná “there’s no room in the inn” ach dá mbeadh Naomh Iosaef agus a chomhluadar ina steillbheatha arís, is dócha go ndéarfaí leo go bhfuil neart spáis sa teach leanna.
spás agus deiseanna space and opportunities
" Tugann siad spás agus deiseanna do cheoltóirí a bheith ag seinm os comhair an phobail mar chuid de “Acoustic Slice” ((www.
go leor spáis enough space
" Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic.
is gá spás a chruthú it is necessary to create a space
" Uaireanta is gá spás a chruthú le fáilte a chur roimh rud atá nua.
nach raibh spás ar bith that there wasn't any space
" Bhí an leoraí chomh mór sin nach raibh spás ar bith do fheithicil eile dul síos an taobhshráid agus mar sin, ní raibh a thuilleadh contúirte i gceist ó fheithiclí eile.
sa spás in space
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
le grianghraif a thógáil ón spás, to take photographs from space
" Mar gheall ar go n-úsáidtear satailítí le grianghraif a thógáil ón spás, is féidir eolas a bhailiú go tapa agus cabhraíonn na seirbhísí teileachumarsáide le comhordú na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun tarrthála.
an spás is tábhachtaí the most important space
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
sa réimse seo den taighde spáis in this area of space research
" ” Sular imigh sé uaim, bhí orm ceist a chur ar Hugh faoin dóigh ar chuir an saineolaí spáis seo suim sa réalteolaíocht agus sa réimse seo den taighde spáis i dtosach.
Spásanna páirceála parking spaces
" Spásanna páirceála an gearán is mó atá acu anois, agus ní dhéanann siad agóid mhillteanach fá dtaobh de sin, fiú.
spás a chur ar leataobh to set aside space
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
spás bán a blank space
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
cheal spáis due to lack of space
" Ní scrúdóimid cúiseanna na géarchéime san Fhionlainn, cheal spáis.
taiscéalaí spáis space explorer
" Fiú iontaisí ar de dhéantús an duine iad – an t-ilstórach is airde, nó an taiscéalaí spáis is faide in imigéin uainn, is matamaitic bhreá ghalánta a dhéanann cur síos orthu, agus déarfadh matamaiticeoir leat go bhfuil a áilleacht féin ag baint le gach aon cheann acu.
ag líonadh spás filling the space
" Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile.
a teilgeadh an chéad diúracán sa spás when the first rocket was fired into space
" Bhí nuachtáin ina measc freisin ón lá a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972.
leabhar spás-sobalach a space-soap book
" I *Fringe* tá cumarsáid le cruinne eile taobh lenár gceann féin ina bhfuil na daoine céanna (déan *google* ar *Fauxlivia* agus *Walternate* agus tuigfidh tú); i *Star Trek*, i measc eile, bíonn *‘warp drives’* mar atá in an-chuid scannán is leabhar spás-sobalach mar a déarfá.
saoire spáis a space holiday
" org/drift/) Ach céard faoi saoire fíornua-aimseartha? Saoire sa todhchaí? Cinnte, ní hé go bhfuilim tar éis teacht ar sheirbhís amthaistil, ach tá comhlachtaí ann atá ag cur saoire spáis ar fáil.
chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin the matter died a death in the meantime
" Ach chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin.
ar a thábhachtaí is atá an spás of how important
" Sílim gur chóir go mbeadh tuiscint ní b’fhearr againn ar a thábhachtaí is atá an spás agus ar a leochailí is atá an saol domhanda.
thionchar an spáis ar chodladh the effect of space on sleep
" ie/> atá lán le carachtar an tsaineolaí seo atá ag déanamh taighde ar thionchar an spáis ar chodladh is ar bhunfheidhmeanna colainne eile.
ag díol spásanna fógraíochta selling advertising space
" Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco.
a cuid spásanna uaisle its noble realms
" Déantar creimeadh ar charachtar cathrach de réir mar úsáidtear a cuid spásanna uaisle le gnó an mhargaidh a dhéanamh.
an easpa spás cúlstáitse the lack of backstage space
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta space is at the epicentre of every act of energy
" Scríobh an fealsúnaí Francach Michel Foucault: "L'espace est fondamental dans tout exercice du pouvoir" (tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta) agus “Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás.
Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás space is always a container of social power
" Scríobh an fealsúnaí Francach Michel Foucault: "L'espace est fondamental dans tout exercice du pouvoir" (tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta) agus “Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás.
i bhfad uainn i spás far away in space
" Cruthaíonn Banks fís réadúil den tsibhialtacht seo i bhfad uainn i spás ach a bheith comhaimseartha linn.
spás ar leith do a special slot for
" ** Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae.
Fágtar spás beag bán a blank space is left
" Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh.
ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa from the European Space Agency
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr.
faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis about his opinions regards matters relating to space
" Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.