Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spéis interest
" Tosaíodh le cúig cheannteideal i réimsí a measadh go mbeadh spéis ag an bpobal iontu: Nuacht, Sceidil Raidió agus Teilifíse, Ranganna Gaeilge, Féilire Imeachtaí agus Fógraí.
Músclaíodh a spéis their interest was aroused
" Músclaíodh a spéis in Éirinn agus i ndiaidh dóibh labhairt le cúpla duine faoin tír, tháinig siad go Baile Átha Cliath.
spéis interest
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Feicim an spéis sa Ghaeilge ag fás sa Ghalltacht agus thar lear, ach san am céanna deirtear go bhfuil fíor-Ghaeilge na nGaeltachtaí ag meath.
spéis interest
" Measann sí go mbeadh spéis ag muintir na hÉireann i "Secrets" fosta agus tá sí dóchasach go mbeidh sé le feiceáil ansin am éigin sa todhchaí.
Díol spéise é it is a matter of interest
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
ábhar spéise matter of interest
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
is díol spéise it's a matter of interest
" Maidir le cúrsaí iománaíochta, cé nach ionann bua sa tSraith Náisiúnta agus cinnteacht faoi bhua a bhaint amach sa Chraobhchomórtas ina dhiaidh sin, is díol spéise gur bhuaigh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh an dá chomórtas sin i 2001 agus 2002 fé seach.
ag cur spéise taking an interest
" Ach ní hiad na Gardaí amháin atá ag cur spéise san eolas seo - is féidir é a úsáid chun gnó a ghiniúint freisin.
spéis interest
" Thosaigh sé ar dtús nuair a ghlaoigh Marty Fahy orm ag iarraidh a fháil amach an mbeadh spéis agam ann.
easpa spéise lack of interest
" Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae.
spéis phearsanta personal interest
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla.
spéis ar leith a special interest
" Ceann de na cultúir ghonta sin é cultúr na mBundúchasach Meiriceánach, dream a bhfuil spéis ar leith ag Gearóid iontu.
Mhéadaigh mo spéis my interest grew
" Mhéadaigh mo spéis sa Ghàidhlig agus chuaigh mé isteach sa chumann Gàidhlig, Comunn Oiseanach Ollthigh Ghlaschu, cé nach raibh agam ach fíorbheagán den teanga.
céard a mhúscail do spéis what awoke your interest
" Antaine Ó Faracháin: A Terry, céard a mhúscail do spéis sa cheol ar an gcéad dul síos, nó cén chaoi ar thosaigh tú? Terry Moylan: Ba hiad na hamhráin i dtosach ba chúis leis.
spéis interest
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
ag cur spéise i taking an interest in
" Bhunaigh Thomas Grubb an comhlacht chun gach saghas trealaimh a dhéanamh agus de réir a chéile thosaigh sé ag cur spéise i gcúrsaí réalteolaíochta.
spéis interest
" Beidh an-spéis ag amhránaithe ann mar go mbeidh siad ábalta éisteacht le cuid de na hamhránaithe ab fhearr agus iad ag gabháil d'amhráin atá anois, b'fhéidir, coitianta go maith ach a raibh nuaíocht ag baint leo ag an am sin.
spéis interest
" Bhí spéis i gcónaí agam eolas a chur ar chanúint na Mumhan agus chuireas romham é sin a dhéanamh.
an oiread sin spéise léirithe so much interest shown
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
is spéis liomsa that I'm interested in
" An rud is spéis liomsa mar iriseoir ná an scéal a scríobh de réir mar a fheictear dom an scéal a bheith.
spéis ar leith a special interest
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid about my interest in this difficult language of theirs
" Bhí mearbhall ar go leor daoine fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid.
fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid about my interest in this difficult language of theirs
" Bhí mearbhall ar go leor daoine fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid.
mórán spéise much interest
" Ainneoin go ndúirt an RUC go mbeadh duine i dteagmháil leis, níor léir dó go raibh mórán spéise acu ina raibh le rá aige.
cuirfear mórán spéise ann it will provoke a lot of interest
" Is imeacht é seo nár tharla a leithéid riamh roimhe seo agus, gan amhras, cuirfear mórán spéise ann.
díol spéise worthy of interest
" Is díol spéise é an chéad mhórthaispeántas de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Dorothy Cross, a osclaíodh i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ag tús na míosa seo caite.
go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid that a lot of people's interest in the institute will decline
" Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain.
ag cruthú go leor spéise creating plenty of interest
" Ní nach ionadh, tá na difríochtaí costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic.
spéis interest
" Is é ceann de na rudaí a thugann muinín dom fán teanga ná gur léir sa lá atá inniu ann go bhfuil grá ag an aos óg di, agus spéis ar leith acu inti.
spéis ar leith a special interest
" Cuimhnigh, mura n-éiríonn leis mar phéintéir, go bhfuil MONPA, chomh maith le go leor dánlann eile, i gcónaí ag cuartú léirmheastóirí a bhfuil spéis ar leith acu in ealaín cat! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
spéiseanna interests
" AÓF: Is léir go mbíonn an t-ionad ag iarraidh gach aoisghrúpa a mhealladh agus freastal ar réimse leathan spéiseanna freisin.
spéis interest
" Nílim á rá gurb é spórt an leigheas, nó an íocshláinte ar gach galar agus tinneas, ar strus agus ar theannas, ach sílim gur féidir a rá go bhfuil suaitheadh coirp go maith don duine óg agus don seanduine araon agus go dtugann spéis agus rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt bealach éalaithe agus faoiseamh don duine ó strus an tsaoil.
spéis ar leith a special interest
" Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
spéis thar na bearta a great deal of interest
" Ní annamh a mhaítear gur daoine iad muintir na hÉireann a bhfuil spéis thar na bearta acu i stair a dtíre féin.
an spéis seo this interest
" Cá bhfuair sé an spéis seo sa teanga, agus céard a thug go dtí an Ghaeltacht an chéad lá riamh é? Agus é ag fás aníos i gCloch Shiúrdáin i gContae Thiobraid Árann, bhíodh na múinteoirí ag labhairt Gaeilge leis na daltaí i gcónaí i gclós na scoile, agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh go dtí na Bráithre Proinsiasacha i gClóirtheach ina dhiaidh sin, bhí roinnt múinteoirí sa scoil sin a raibh an-spéis acu sa Ghaeilge freisin.
a spreag an spéis ollmhór seo which aroused this huge interest
" Ba é an phortráid órga chollaí, a rinne sé den bhean uasal Víneach Adèle Bloch-Bauer, a spreag an spéis ollmhór seo agus atá i ndiaidh seanscéal brónach a thabhairt chun cuimhne.
an saghas seo spéise this kind of interest
" Ní chuirfeadh an saghas seo spéise i mic léinn ionadh orm dá mba léachtóir óg glas a bhí i gceist agus é ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil.
spéis idirnáisiúnta international interest
" Cé a smaoinigh air i dtosach? Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin.
aturnae a raibh spéis aige i gcearta sibhialta a solicitor who was interested in civil rights
" Arís, ní duine paranóideach mé, agus sular shocraigh mé rud ar bith leis na póilíní, labhair mé le Jeremy Hawethorn, aturnae a raibh spéis aige i gcearta sibhialta.
spéis daoine óga a chothú to foster the interest of young people
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
an toil nó an spéis the will or the interest
" Níl a fhios agam an féidir Corn an Bhóthair Iarainn agus Corn an Oireachtais a athréimniú nó an bhfuil an toil nó an spéis ann chuige.
spéis interest
" Deir Collins, arb as Runcorn i Cheshire é ach a bhfuil cónaí air i nGlaschú, go bhfuil spéis aige i ndaoine agus sa rud a tharlaíonn dóibh nuair a nochtann siad iad féin ar bhealach chomh poiblí sin ar an teilifís.
Is díol spéise é it's noteworthy
" Ní bheadh sé d’acmhainn agam ar aon bhealach eile a bheith ag obair i lár chathair Londan, gan trácht ar a bheith i mo chónaí ann!” Is díol spéise é nach bhfuil cárta cuntais nó creidmheasa ag Collins nó fiú fón póca, agus den chéad uair, le linn na tréimhse atá á caitheamh aige i Londain, tá meaisín níocháin aige dó féin.
spéis interest
" An rud is tábhachtaí, dar liom, ná go gcuirfeadh tuismitheoirí agus múinteoirí na ndaltaí spéis sa tromaíocht seo, agus go mbeadh siad sásta dul i ngleic léi.
Díol spéise worthy interest
" Díol spéise fosta na torthaí i leith an leibhéil dí atá ceadaithe.
an-spéis a lot of interest
spéis interest
" Is fianaise é seo, a dúirt an tUasal Walsh, gur beag spéis i ndáiríre atá ag na hionadaithe pobail sa teanga.
spéis mhór a lot of interest
" Ach cén íomhá atá againn go hidirnáisiúnta? Bhraith mé go raibh spéis mhór ag muintir na dtíortha Afracacha ina raibh mé eolas a fháil ar mo chultúr; bhíodh go leor ceisteanna acu faoin teanga, an rince agus an ceol.
spéis ar leith particular interest
" ” Bhí spéis ar leith agam fáil amach cén chaoi a gcumann Slide a gcuid amhrán.
spéis interest
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
ar chaill tú spéis ann did you lose interest in it
" AÓF: Ós rud é gur thóg sé an oiread sin ama ort, ar smaoinigh tú riamh ar é a chaitheamh san aer? Nó ar chaill tú spéis ann nó foighid leis aon uair? PM: Níor chaill mé spéis riamh ann cé go raibh amanntaí ann nuair a bhí srianta praiticiúla ag cur isteach orm, tinneas, ríomhairí agus araile.
spéis interest
" Bhraithfeá ar an chéad amharc gur leabhar seanfhaiseanta é seo, scéal sagairt as Contae Dhoire, Pádraig Ó hEaráin, agus a spéis sa Ghaeilge.
spéis faoi leith particular interest
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
spéis interest
" Ach má théann cuid acu thar fóir ag an tráth seo bliana, feictear dom go bhfuil buntáistí ag baint le spéis mhuintir Melbourne sa pheil.
an-spéis a lot of interest
" “Nuair a bhuail mé le Jimmy Murphy bhí feck all airgead agam le tabhairt dó ach chonaic sé go raibh an-spéis agam sa dráma agus fonn mór orm scannán a dhéanamh de.
spéis interest
" Ag tabhairt faoi KingsAch cén fáth ar chuir sé spéis an chéad lá riamh i ndráma de chuid Jimmy Murphy dar teideal *Kings of the **Kilburn High Road,* an saothar ar a bhfuil an scannán Kings bunaithe.
ag léiriú spéis ollmhór showing a big interest
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu there won't be a lot of people showing interest in them
" Beifear ábalta teach mór ar acra a cheannach i mBaile Átha Cliath 4 ar ocht míle Euro (troscán san áireamh) ach ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu cionn is go mbeidh siad ar fad ceannaithe roimh cheant ag muintir Rath Cairn.
ag cur spéise showing an interest
" Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin – agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).
spéis interest
" Nuair a thosaigh mé ag dul go Rann na Feirste agus mé i mo dhéagóir, bhí mé sa rang ceoil ag Hiúdaí Pheaidí Hiúdaí agus chuir mé spéis mhór in amhráin an cheantair sin – na cinn a thug Hiúdaí dúinn, d'fhoghlaim mé de ghlanmheabhair iad.
an-spéis a lot of interest
" ” Ach nach gcuirfeadh daoine an-spéis sa ghné sin de shaol Uí Éanaí? “Ó chuirfeadh, gan dabht, ach bíodh acu.
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, because there is so much interest being shown in it
" Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
is díol spéise é, it is an interesting thing
" ” Níor smaoinigh mé ar an gceist ag an am, ach is díol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an cineál seo cúlra aige.
ba dhíol spéise é, it was interesting
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
díol spéise landmark, worth of interest
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán despite the fact that not that much interest was shown in the film
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
an oiread sin spéise that much interest
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
díol spéise something worthy of notice
" Is díol spéise é go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Opie agus Dánlann Hugh Lane araon in 2008 – bainfidh Opie a chaogadú breithlá amach i mbliana agus tá an dánlann ar an fhód anois le céad bliain anuas.
a mbeadh spéis agam iontu. that I'd be interested in.
" Ach dá mba rud é go ndearna mé ‘Cúrsaí Ealaíne’, d’fheilfeadh sé go mór dom mar go mbeinn ag plé le rudaí a mbeadh spéis agam iontu.
nár choinnigh spéis an léitheora seo ann. that didn't keep this reader's interest in it.
" Tá os cionn 350 leathanach ann – eipic scríbhneoireachta is ea é, ach ceann nár choinnigh spéis an léitheora seo ann.
faoina spéis leanúnach about his continuing interest
" Beidh sé ag caint faoina spéis leanúnach sa Ghaeilge agus faoina mhamó, arbh as Gaeltacht Chontae an Chláir ó dhúchas í.
spéis interest
" Níor chuir Seán spéis sa Ghaeilge go dtí go raibh sé beagnach trí scór bliain d’aois.
easpa spéise lack of interest
" Mé i m’aonar mar go raibh na *lads* eile tar éis éirí as na ranganna toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu – agus easpa spéise ba chúis le hiad a bheith as láthair chomh maith, déarfainn.
spéis interest
" Deir mná nach dtuigeann siad an spéis a chuireann mórán fear i gcarranna – ar an dóigh chéanna is nach dtuigeann mórán fear an spéis a chuireann mná i mbróga.
níl spéis dá laghad acu they have absolutely no interest
" Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.
an-spéis a great interest
" Cén fáth, mar sin, ar thug siadsan agus na billiúnaithe eile $10,000 do CFD? Mura bhfuil baill Chlub 1001 buartha faoi fhiadhúlra na hAfraice, is cinnte go bhfuil an-spéis acu sna hacmhainní luachmhara eile atá inti.
ar spéis leo who are interested in
" Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.
más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil if you are interested in getting a little bit of broadcasting experience
" Mar sin, más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil – agus go leor spóirt a bheith agat – téigh i dteagmháil le Raidió na Life inniu! Tá tuilleadh eolais faoi Raidió na Life ar fáil ar shuíomh idirlín an stáisiúin: www.
spéis interest
" B’fhéidir go mbeadh spéis acusan san ábhar.
spéis interest
" Feictear dúinn go bhfuil spéis sa cheol traidisiúnta níos mó ná riamh, go háirithe i measc na n-óg.
Spéis sa Duine human interest, people watching
" Spéis sa Duine Sin an rud is fearr fá’n áit domhsa – na daoine, an éagsúlacht, an neamhchlaontacht, an liobrálachas, agus amach as sin, buanna mar fuinneamh agus an leictreachas.
spéiseanna interests
" fm mar tá tuiscint mhaith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh.
spéis a léiriú showing an interest
" uk agus gi go bhfuil mí le dul sula dtaga an sprioc dáta aníos, tá breis is 10,000 duine i ndiaidh spéis a léiriú ann.
spéis interest
" An tImreas in áit na hImeartha Ní cuis díomá dom nach spéis leo an pheil, ach a mhalairt.
spéis interest
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
spéis interest
" Is léiriú é Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Éirinn faoi rún, nó an ‘The Hidden Ireland’ ag Dónall Ó Corcra, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra na tíre aird ar bith uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti.
spéis interest
" Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.
Ní spéis leis he's not interested
" Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é.
spéis interest
" Chuaigh mo spéis ann i dtreis nuair a tháinig an tuiscint chugam ar ball nárbh é amháin go raibh an-suim aige sa pheil Ghaelach, ach go raibh aithne phearsanta aige ar chuid d’fhoireann caide Chiarraí, Mícheál Ó Conaill ina measc.
spéis interest
" An té ar spéis leis leabhair, tuigfidh sé go gcuireann tréithe inláimhsithe an leabhair go mór leis an taitneamh a bhaintear as.
díol spéise matter of interest
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
spéis interest
"spéis ar leith aige in Oileáin Árann agus téann sé ann ar saoire chuile bhliain lena theaghlach.
spéis interest
" Iomáint is fearr liom Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mórán spéise agam sa bpeil.
spéis interest
" D’éalaigh sé lena anam ón Ghaeltacht ag Irish Fest Milwaukee i ndiaidh do mhná fiánta na háite sin spéis a chur ina cholainn bhreá chaomh.
an-spéis great interest
" Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir.
spéis interest
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
díol spéise of interest
" aspx) Ach ar ais chuig cuilceach na ribeacha rua - ambasadóir agus an ní is díol spéise do thurasóirí is mó atá ag an cheantar.
Ar spéis leat would you be interested
" An Late Late SMM: Ar spéis leat *gig Ryan Tubridy* am éigin amach anseo?DÓS: Ah well, (ag gáire) dá mbeadh sé sa Ghaillimh! (Gáire croíúil) Bheadh leisce orm Gaillimh a fhágaint, ach is dócha, chun na fírinne a rá, dá mbeadh duine éicint ag teacht chughat le seó mar san, chaithfeá cuimhneamh air.
spéis interest
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.