Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
más lagar spioraid is ansa libh if depression is what you like
" "Ceannaígí é más lagar spioraid is ansa libh.
spiorad na hoscailteachta the spirit of openness
" Ar thaobh tosaigh na seacht mbancnóta, "seasann na pictiúir d'fhuinneoga agus de gheataí do spiorad na hoscailteachta".
faoi anáil an spioraid nua seo under the influence of this new spirit
" Má thagann muintir na Gaeltachta faoi anáil an spioraid nua seo atá sna bailte móra san oirthear, feicim gach seans, ní hamháin go sábhálfar an teanga mar theanga phobail ach go dtiocfaidh méadú ar na Gaeltachtaí.
trí chumhacht an spioraid chruthaithigh through the spirit of the creative spirit
" "Ní gá dúinn a bheith inár dtomhaltóirí - is féidir linn ár nglór a chur i bhfeidhm trí chumhacht an spioraid chruthaithigh .
spiorad daonna human spirit
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
spiorad comhoibrithe a spirit of cooperation
" Cothaíonn an caidreamh sin spiorad comhoibrithe sa rang.
spiorad an aontais the spirit of unity
" I measc na ndeacrachtai eile, tá an oiread sin teangacha éagsúla a bheith á labhairt - tuairim is 600 acu, rud nach spreagann spiorad an aontais.
spiorad na hiargúlach the spirit of the outback
" B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair - ach níl deireadh le spiorad na hiargúlach ná baol air.
rud a chothaigh spiorad iontach comhair something which fostered a great spirit of co-operation
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe the eucumenical spirit of compromise
" Fear a mhol an rann seo leanas mar rosc náisiúnta nua in ionad “Amhrán na bhFiann”, anois go raibh spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe san aer: God save our gracious Hyde! God save our noble Hyde! God save our Hyde! When Dev and Cosgrave clash He will do nothing rash, God bless his old moustache God save our Hyde! Shleamhnaigh an Bunreacht thar cheist stádas na poblachta.
spiorad foirne team spirit
" Seans go bhfeileann imirt agus spiorad foirne na hEorpaigh níos fearr ná na Meiriceánaigh.
dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar loyal to the art spirit and the Ainu spirit of his father
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
an spiorad céanna the same spirit
" Agus, gan slua i láthair, ní bhíonn aon atmaisféar agus gan atmaisféar ní bhíonn an spiorad céanna sna cluichí, dá fheabhas iad na himreoirí.
téann spioraid chun na háite seo spirits go to this place
" Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil.
agus na spioraid ag gabháil thairsti. when the spirits pass over it.
" Deirtear nach féidir ceol na habhann a chloisteáil agus na spioraid ag gabháil thairsti.
spiorad Eorpach ar leith a special European spirit
" In ómós dóibh siúd atá tagtha chugainn ó thíortha eile le blianta beaga anuas, beidh spiorad Eorpach ar leith le brath ar Fhéile na bliana seo.
an Spiorad Neafaiseach. the Trite Spirit.
" “Beidh muintir Paisley ann, mar is iondúil - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Neafaiseach.
spiorad fiosrach cruthaitheach inquisitive creative spirit
" Tugtar léargas in *Eye Rhymes* ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh sí, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo.
spiorad fiontraíochta spirit of entrepreneurship
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
brí agus spiorad animation and spirit
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
caillfear an spiorad agus an t-anam. the spirit and the soul will be lost
" Nó chomh luath is a éiríonn an teagasc agus an seachadadh ró-mhatamaiticiúil nó rófhoirmiúil, caillfear an spiorad agus an t-anam.
spiorad spirit
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
i neart an Spioraid Naoimh in the strength of the Holy Spirit
" Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha.
spiorad muirthéachta revolutionary spirit
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
spioraid dochlaoíte an duine the indomitable human spirit
" Más ait an mac an saol, nach iontach go deo é spioraid dochlaoíte an duine.
An ligfear spiorad an athar chun suain shall his father’s spirit find rest
" An dtiocfaidh eochair éalaithe a chruacháis féin as an tóraíocht? An ligfear spiorad an athar chun suain? Ná lig do Cheyenne an dallmullóg a chur ort lena thuin monotónach.
bhéim ar spiorad foirne emphasis on team spirit
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór to show the world the community spirit
" An bealach is fearr chun féinmhuinín a thabhairt do mhuintir na háite, dar le Enderson agus Tiago, ná an misneach agus an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór.
spiorad an ealaíontóra the artistic spirit
" Tá léargas ar shaol úr saor ó dheachtóireacht Saddam Hussein agus ó chogadh le feiceáil i bpailliún na hIaráice, a bhfuil saothar ó aon ealaíontóir déag ó áiteanna éagsúla sa tír ann agus a dhéanann ceiliúradh ar chruthaíocht agus spiorad an ealaíontóra atá in innimh saothar ealaíne a chruthú in áit nach bhfuil mórán eile fágtha.
spiorad an niachais beo inár measc the warrior spirit in our midst
" Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.