Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tábhacht spioradálta spiritual importance
" Tá muintir Gungalidda i dtuaisceart na tíre ag iarraidh deireadh a chur leo ar armas oifigiúil na hAstráile mar go bhfuil tábhacht spioradálta ag baint leo ina gcultúr féin agus nár chóir iad a úsáid dá bharr sin.
go spioradálta spiritually
" Anois, tá an tUachtarán Bush ag cur chun cinn cláracha ar fud na tíre ina leagtar béim ar staonadh go lá an phósta, athrú i bpolasaí sláinte atá tar éis díospóireacht theasaí a chothú faoin tslí is éifeachtaí chun daoine óga a choimeád sláintiúil go fisiciúil, go spioradálta agus ó thaobh mothúchán de.
spioradálta spiritual
" *Gore-fest *fuilchíocrach, frith-Sheimíteach, foréigneach, spioradálta, spreagúil agus cumhachtach… Sin roinnt aidiachtaí a bhí in úsáid ag léirmheastóirí le gairid le cur síos a dhéanamh ar scannán úr mór-ráchairte Mel Gibson, *The Passion Of The Christ*.
nithe domhaine spioradálta deeply spiritual matters
" Tá sé den tuairim go gcaithfidh mic léinn na cliarscoile a bheith in ann déileáil le nithe domhaine spioradálta mar aon le nithe intleachtúla.
aistir spioradálta spiritual journey
" Is cineál aistir spioradálta dóibh é freastal ar chluiche Ceannais Iomána na Mumhan.
spioradálta spiritual
" Ach fiú má chuirtear stop an babhta seo leis na hinnill tochailte talamh spioradálta Teamhrach a réabadh, is féidir a bheith measartha cinnte, muna n-athraítear an córas tástála seandálaíochta, nach fada uainn an lá go scriosfar i gceart ceann de mhór-shéadchomharthaí seandálaíochta na hÉireann.
téamaí spioradálta spiritual themes
" Scríobhadh leabhar acadúil fiú ar chomh coitianta is a bhí téamaí spioradálta ann.
eispéaras spioradálta spiritual experience
" Arsa Ivor: “Mhothaigh mé gur eispéaras spioradálta a bhí ann, dul thart ar Éirinn.
oidhreacht spioradálta spiritual heritage
" Deir Calum Martin, Seanóir de chuid na heaglaise: “Dar linne gur bua luachmhar agus oidhreacht spioradálta ó Dhia í.
acalaithe spioradálta spiritual acolytes
" Agus cliarlathas na hEaglaise Ceartchreidmhí mar acalaithe spioradálta lena thaobh, thug Milosevic óráid nimhneach uaidh a thiomáin breis is milliún Seirbiach le báiní ar láthair an tseanchatha.
ar oilithreacht spioradálta on a spiritual pilgrimmage
" Tréimhsí eile ar oilithreacht spioradálta, nó i bhfolach alcólach, dein do bhreithiúnas féin air sin, istigh ar Inis Mhicileáin.
cúraimí beaga eile spioradálta small other small spiritual responsibilities
" Anois, ní cuimhin liomsa go raibh sé ró-liobrálach! I ndáiríre, macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann ach go raibh éadach dubh ann agus is dóigh go raibh cúraimí beaga eile spioradálta ort.
dualgas spioradálta spiritual duty
" * Ní raibh ach sé bliana caite ag Vincent mar ealaíontóir lánaimseartha ag an phointe seo ina shaol – cinneadh ar ghlac sé leis mar a bheadh dualgas spioradálta ann.
téama níos spioradálta a more spiritual theme
" Beidh téama níos spioradálta i gceist an mhaidin dár gcionn nuair a reáchtálfar imeachtaí machnamhacha ón dá thír.
saothar spioradálta spiritual work
"saothar spioradálta é an leabhar ar an dóigh chéanna gur saothar spioradálta iad leabhair Thomas Merton, mar shampla.
an ghné spioradálta dá saol the spiritual aspect of their lives
" Tá gean aige ar dhaoine agus léiríonn a chuid scéalta beaga an luach atá ag daoine san Iarthar ar an ghné spioradálta dá saol go fóill.
saibhreas spioradálta spiritual richness
" Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú.
sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta in that bleak spiritual landscape
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
an craos spioradálta grá the spiritual vocacity of love
" Níos measa fós, in ainneoin gach iarrachta chun an craos spioradálta grá ionainn a shásamh, níl faoiseamh in ann dúinn.
ar chúrsa spioradálta on a spirituality course
" Fógróidh Micí Ó Laoire ó Ryanair go nglacfaidh sé móid chiúnais agus rachaidh sé ar chúrsa spioradálta trí mhí leis na siúracha i gclochar na Poor Claires in Inis.
bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, founder of the spiritual movement
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
ceannaire spioradálta spiritual leader
" I rith na seascaidí, fuair an ceannaire spioradálta $186,000 as an $1.
cruinniú spioradálta a eagrú to organise a spiritual meeting
" Iarradh ar Manitou cruinniú spioradálta a eagrú le linn na comhdhála.
nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn that we weren't getting enough food for the spirit
" Cinnte, d'éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus dhíolamar slám mór dlúthdhioscaí, ach sílim nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn astu.
theip spioradálta spiritual failure
" Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo.
luacha spioradálta spiritual values
" Searmanas naofa i gcuimhne ar na luacha spioradálta, pearsanta agus pobalda sin ar thug Bob Dylan guth dóibh ar ár son fadó.
eachtra spioradálta a spiritual experience
" * (1965) An Gheit gan Choinne ============ Deir saoithe, nuair is eachtra spioradálta a shantaíonn duine, gur fearr go mór dó ligint don ‘ngeit gan choinne’ teacht aniar aduaidh air.
léargais spioradálta an Oirthir Eastern spiritualism insights
" Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc.
cothaitheachtaí spioradálta bits of spiritual sustenance
" *“My God” she said, “Are you not taking this too far?”* Tháinig faoiseamh agus cothaitheachtaí spioradálta níos déanaí chuig Hugo.
nó uabhar spioradálta or spiritual pride
" Arbh é an grá a choiméad manaigh Tibhirine ann, nó uabhar spioradálta? Mar is fíor i gcónaí, is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra.
ina phearsa spioradálta as a spiritual being
" Níl an Pápa, ina phearsa spioradálta, inchúisithe faoi aon dlí daonna, ach, ós rud é gur Ceann Stáit freisin é…….