Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clocha á spraeáil mar a bheadh meaisínghunna stones being sprayed like a machine-gun
" ‘Rad sé tharam ar a bhealach amach, clocha á spraeáil mar a bheadh meaisínghunna.
ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda spraying their secret messages
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.