Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a spreagann machnamh which makes think
" Is ealaín a spreagann machnamh an saothar atá tagtha as an chaidreamh deich mbliana atá ag an dánlann leis an eastát áitiúil tithíochta, eastát Naomh Mícheál.
spreagann sé it provokes
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? what prompts you to write?
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
spreagann muid tuismitheoirí we encourage parents
" "Ach is pub do theaghlaigh é an pub seo agus spreagann muid tuismitheoirí lena gcuid páistí a thabhairt leo anseo.
spreagann tú go gnéasach which excites you sexually
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill it inspires the imagination still
" *An Duomo* Bhí cruinneog Brunelleschi, a sheasann ar bharr an Duomo, ina ábhar iontais nuair a tógadh é agus spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill.
a spreagann é which stimulates him
" An rud is mó a spreagann é ná fairsinge agus éagsúlacht an chine dhaonna agus luann sé Edward Hopper, Caravaggio agus Francis Bacon mar chuid de na mórealaíontóirí a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag foghlaim a cheirde.
agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla. and that they give rise to thought and various opinions.
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
spreagann sin thú le héisteacht níos géire it encourages you to listen more closely
" Nuair a éisteann tú leis an taifeadadh fuaime agus an leagan scríofa a bheith os do chomhair amach spreagann sin thú le héisteacht níos géire leis an rud a bhí ar siúl aige.
go spreagann ceoltóirí eile iad that other musicians inspire them
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
spreagann induces
" Ach spreagann an ghéarchéim is déanaí ceisteanna bunúsacha, dar liom, faoin gcleachtas: *Lá Nua* féin mar nuachtán laethúil Gaeilge.
Spreagann an ráiteas sin that statement gives rise to
" Spreagann an ráiteas sin an chéad cheist eile: an bhfuil an locht ar an nuachtán féin? An amhlaidh nach bhfuil an táirge maith go leor chun go mbeadh fonn ar dhaoine é a cheannach? Go pearsanta, is breá liom cuid de *Lá Nua*: an dearadh ildaite agus tarraingteach; na colúin pholaitiúla le leithéidí Sheáin Uí Thuairisg; an podchraoladh laethúil, na colúin a scríobhann Conn Ó Muíneacháin ar chúrsaí blagadóireachta agus Idirlín; an deis a thugtar d’iriseoirí óga dála Mheadhbh Ní Eadhra; leideanna gnó Mháirtín Uí Mhuilleoir.
a spreagann ceisteanna which give rise to questions
" Ach tá fiúntas ag baint le siamsaíocht – tá fiúntas i rudaí a osclaíonn do chuid súl, a spreagann ceisteanna agus a léiríonn bealach eile le smaoineamh ar chúrsaí, nó bealach eile le rud a chur in iúl.
Spreagann sé it incites
" Spreagann sé seo imní agus uafás ar go leor daoine a deir go bhfuil na taispeántais marbhán ag tacú leis an tionscal faoi thalamh seo agus nach bhfuil aon smacht ag an rialtas air.
Spreagann encourages
" Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
spreagann inspires
" Nixon ar an éacht a bhí bainte amach acu - éacht nach raibh ach ina ábhar aislinge go dtí sin agus a mhaireann ina choincheap mhealltach go fóill a spreagann agus a thugann ábhar inspreagtha d’ealaíontóirí.
spreagann sparks, incites
" Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.
spreagann occasioned
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
spreagann causes
" Is é pearsantacht Garbo a spreagann na hathraithe a thiteann amach, ní hamháin do mhuintir an tí, ach do Garbo í féin fosta.
spreagann incite
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
spreagann encourages
" Tá fuinneamh agus samhlaíocht ag baint lena gcuid seóanna agus éiríonn leo drámai a chur i láthair a bhíonn, ní hamháin tarraingteach, ach a spreagann machnamh agus ceisteanna chomh maith.
spreagann engenders
" Tugtar *‘Bio-Art’* ar an chineál chleachtadh ealaíne seo agus in ainneoin go bhfuil sé rud beag macabre, spreagann an saothar seo go leor machnaimh agus díospóireacht.
spreagann starts, encourages
" Is scéal é seo a spreag agus a spreagann go leor cainte.
spreagann encourages
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
spreagann torthúlacht na mban encourages fertility in women
" Ní fhacamar mórán daoine ag léim thar thonnta na farraige ach chomh beag, sean-nós eile a bhaineann leis an bhféile, a spreagann torthúlacht na mban, chomh maith le rath a chur orthu siúd atá ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh.
spreagann curaidh inspires champions
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
Spreagann sé an cheist it raises the question
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
Spreagann an rialtas áitiúil local government encourages
" Spreagann an rialtas áitiúil i Valencia (www.
Spreagann scála the scale (of the exhibition) inspires
" Teachtaireachtaí sa Taispeántas =============== Spreagann scála an taispeántais iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí agus forais chultúrtha na dtíortha éagsúla a ghlacann páirt ann.
a spreagann ceisteanna which stimulate questions
" Is ó Ghana an t-ealaíontóir Lynette Yiadom-Boakye a dhéanann portráidí bunaithe ar dhaoine samhailte a spreagann ceisteanna faoin chine ghorm agus an léiriú atá déanta orthu sna míndána.
Spreagann encourages
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
Spreagann sé seo this encourages
" Spreagann sé seo go leor ceisteanna faoi fíorúinéireacht saothar ealaíne ársa atá ag i seilbh go leor d’iarsmalanna móra an domhain chomh maith le bailitheoirí príobháideacha.
Spreagann an nós seo bláthanna fiáine this encourages wild flowers
" Spreagann an nós seo bláthanna fiáine, beacha, féileacáin agus éin mar an traonach.