Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sracadh strength and spirit
" Caithfidh mé a rá i dtaca le holc, go dteachaidh lucht na Gaeilge i bhfeidhm orm ar bhealach mar seo, agus an fuinneamh is an sracadh atá iontu i gcónaí.
an sracadh le maireachtáil the struggle to survive
" Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.
ag sracadh leis an saol struggling to survive
" Dúirt sé go leagtar oiread béime ar "an Aisling Mheiriceánach" ach nach mbíonn aon trácht ar an chaoi a mbíonn ar dhaoine áirithe a bheith "ag maireachtáil le francaigh agus a bheith ag sracadh leis an saol.
go raibh sracadh ar bith ann that he had any guts
" Ach sin ráite, níor chuir sí mórán suime ann nó níor shíl sí go raibh sracadh ar bith ann roimhe seo.
sracadh dragging
" Bhí neart brú agus tarraingt agus sracadh ar siúl, duine ar dhuine, le linn na himeartha agus nuair a tharla na scliúchais ní raibh ann ach tuilleadh den chéapar céanna agus na himreoirí *en masse *páirteach.
ag sracadh struggling
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
á sracadh. being torn.
" Ceol ar nós na fuaime a gheofá agus screamh an domhain á sracadh.
chun sracadh to struggle
" Tá sé againn ó Chogadh na Talún, ó bhunú ChLG, ó bhunú ChnaG, ó Éirí Amach na Cásca i leith, cé gur buaileadh siar sinn in amanna agus gur roinneadh Éire ina dhá leath, philleamar chun sracadh an athuair le borradh a chur faoi cheol, faoi chluichí, faoi Ghaelscoileana agus níor as an aer a thosaigh an borradh mór geilleagair faoi Éire Inc.
Sracadh na Dála the struggle in the D.
" Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - *unfinished business!* Sracadh na Dála ========= Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna.
ag sracadh struggling
" Tá geilleagar na tíre faoi bhrú agus tá an Rialtas ag sracadh le deacrachtaí.
a sracadh as who was dragged out
" An Dul thar Fóir & an Marú ========= D’fhéadfaí a rá go bhfuil an t-ádh ar Mharius Betondi is ar an mbean thorrach a sracadh as an gcathaoir rotha sa mhéid is gurbh fhéidir leo gearán a dhéanamh faoin íde a tugadh dóibh.
Sracadh go Ceann Scríbe struggle to the bitter end
" Sracadh go Ceann Scríbe ========== Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua.
an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe shall the experience and the long struggle endured
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
ag sracadh leis an saol struggling to make it
" Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.
Ag Sracadh in Aghaidh Moille struggling in the face of delay(s)
" Ag Sracadh in Aghaidh Moille =========== Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta.
bhfuil sracadh sa tseanchailleach fós there's some fight in the old hag yet
" Síleann roinnt againn go gcomharthaíonn sé go bhfuil sracadh sa tseanchailleach fós.
Sracadh ballnaisc ina ghlúin dheas a ligament was torn in his right knee
" Sracadh ballnaisc ina ghlúin dheas agus é i lár na bhfichidí, briseadh a rúitín clé uair eile, agus tá a chromán ag cur as dó ó bhí sé naoi mbliana déag d’aois.