Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a shroicheadh to reach
" Ar ndóigh, tá gá le printéir daite maith (scairdphrintéir, mar shampla) mar aon le páipéar maith chun caighdeán proifisiúnta a shroicheadh agus bíonn na costaisí reatha a ghabhann le scairdphrintéirí cuíosach ard.
sroichte reached
" Radharc deas, ach cad is fiú sin? *Aha!* - an baile sroichte againn.
sroichte reached
" Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn.
sroichte reached
" Bhí an dochtúir ag maíomh go raibh uair na cinniúna sroichte ag an gcóras sláinte poiblí sa tír seo - rud ata soiléir go leor do a lán daoine.
nach sroicheann caighdeán cuí who don't reach an adequate standard
" Tá athruithe ar an *Twelfth *anois, go háirithe in Drumcree Le comórtas mór éigeantach fá choinne bannaí buí, Ach beidh príosún saoil ag banna ar bith nach sroicheann caighdeán cuí Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
sroichte reached
" " Is léir go bhfuil buaicphointe sroichte ag Ray ina shaol.
ní shroichfinn I wouldn't reach
" An saol gnó ======= D'fhéadfaí dul ar aghaidh go deo ag liostáil na n-acrainmneacha ar fad atá in úsáid ar ríomhairí faoi láthair ach stopfaidh mé ansin mar ní shroichfinn deireadh an liosta go deo.
nach sroicheann ceann scríbe riamh that never reach their destination
" Bíonn orainn cur suas le drochdhearadh i gcás na nguthán, droch-chaighdeán fuaime, teachtaireachtaí téacs nach sroicheann ceann scríbe riamh agus glaonna gutháin a stopann go tobann gan cúis ar bith.
sroichte reached
" Cheap mé go mbeadh *revelation *mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic bheith sroichte agam faoi dheireadh.
sroichte reached
" Cheap mé go mbeadh *revelation *mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic bheith sroichte agam faoi dheireadh.
go dtí go sroichfidís an Astráil until they had reached Australia
" Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil.
sroichte reached
" De réir roinnt de na saineolaithe (go mórmhór na geolaithe), tá an pointe seo (“buaic na hola”) sroichte cheana féin nó ag teacht roimh 2007, agus de réir dreama eile (go mórmhór na heacnamaithe) beidh sé 15 nó 20 bliain eile sula sroichfear an pointe seo.
nuair a shroicheamar when we reached
" Tús mhí Feabhra a bhí ann nuair a shroicheamar Coláiste Shráid Synge i lár na cathrach d’Fheis Átha Cliath.
sroichte reached
" Níl an pointe sin sroichte go fóill ach má leantar leis an phatrún atá le feiceáil i dTuarascáil Harris, ní fada go mbeidh.
Shroicheamar we reached
" Shroicheamar an áit deireanach go leor sa tráthnóna agus mar sin níor éirigh linn mórán oibre a dhéanamh seachas an trealamh taifeadta a chur isteach san ionad agus na huirlisí uilig a leagan amach go néata ionas go mbeimis ábalta teacht orthu go tapaidh nuair ba ghá.
Nuair a shroicheadar when they reached
" Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha dó de réir na socruithe.
sroichte reached
" Nuair a shílim go bhfuil caighdeán áirithe sroichte agam, éistim leis seo le srian a choinneáil orm féin.
shroichfeadh sé pobal níos leithne it would reach a wider audience
" AÓF: An bhfuil aon seans go mbeidh ábhar ón gcartlann seo ar fáil ar an idirlíon amach anseo? Chabhródh sin le lucht taighde, ar ndóigh, agus shroichfeadh sé pobal níos leithne.
sroichte reached
" – An oifig sroichte, dlúthdhioscaí, póstaeir, cuirí, na glaonna deiridh.
sroichte reached
" Bhí daoine ag rá sna laethanta i ndiaidh an chluiche go mbeadh deireadh sroichte ag foireann seo Phort Láirge.
an mullach a shroicheadh to reach the summit
" ’ ‘B’fhearr liomsa,’ arsa Liam, ‘an mullach a shroicheadh as mo stuaim féin.
leis an oileán a shroicheadh. to reach the island.
" De réir scéil eile, bhí rás ann idir Moluag agus Naomh Colm Cille leis an oileán a shroicheadh.
agus an baile a shroicheadh arís and to reach home again
" Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche.
sroichte reached
" Tá leibhéal úr sroichte ag tromaíocht an lae inniu.
nuair a shroicheadar uimhir a haon i gcairteacha Shasana when they reached number one in the English charts
" Rinne ceiliúradh nuair a shroicheadar uimhir a haon i gcairteacha Shasana le “Rat Trap” agus arís le “I Don’t Like Mondays”.
shroicheadar leaid éigin they reached some lad
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
é a shroicheadh to reach it
" Ach sa seanam, nuair a thaistil daoine go minic ar an fharraige, bhí sé measartha éasca é a shroicheadh ó Éirinn agus neart áiteanna eile – níos éasca ná mar atá sé anois, muna bhfuil do bhád féin agat.
díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh just after he had reached Paris
" 5 orlach) de cheantar Montmartre i samhradh na bliana 1886, díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh le stopadh lena dheartháir Theo.
níor shroich mo bheola a béal. my lips didn't reach her mouth.
" D’fhág mé í i mbosca ar feadh ceithre nó cúig mhí agus níor shroich mo bheola a béal.
go bhfuil tearmann sroichte aige. that he has reached a sanctuary.
" Tá mé cinnte go bhfuil tearmann sroichte aige.
shroicheadar they reached
" Bhuaigh an grúpa beag sin d’imreoirí Craobh Laighean sé huaire i ndiaidh a chéile, shroicheadar cluichí ceannais na hÉireann sé huaire i ndiaidh a chéile, bhuadar trí huaire, agus shroicheadar cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta ceithre huaire i ndiaidh a chéile, agus bhí an bua acu faoi dhó.
sroichte reached
" Táimid á sheinnt ag ceolchoirmeacha ach níl croílár nó atmaisféar an cheoil sroichte againn go fóill, ná baol air.
Níor shroich sé an seinnteoir, it didn't reach the player,
" Níor shroich sé an seinnteoir, áfach, gur thosaíos ar mo thuras ar ais go Baile Átha Cliath! Anne as Caen a thug a cheol dom ar dtús.
aois scoir sroichte reached pension age
" Agus an aois scoir sroichte aici, shocraigh sí an chuid eile dá saol a chaitheamh ag maireachtáil leis na daoine ba bhoichte i gCaireo, lucht na ngiobal nó iad siúd a mhaireann ar pé rud a fhaigheann siad ar na sráideanna.
sroichfidís they'd reach
" Mheas muid go mbeadh an blár agus na bóithre ina gcrios chumhdaigh againn, agus go gceansófaí na lasracha sula sroichfidís ár dtithe.
go sroichfidh siad till they reach
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
shroicheadh reaching
" Tá Bilal, duine de na príomhcharachtair, díreach tar éis Calais a shroicheadh i ndiaidh dó a bhaile sa Chordastáin a fhágáil ina dhiaidh roinnt míonna roimhe.
shroich reached
" Faoi dheireadh shroich Brian bruach na mara.
shroicheamar we reached
" Tar éis dhá uair a chloig shroicheamar páirc na féile.
Ní shroicheann doesn't reach
" Ní shroicheann aon uisce sna haibhneacha seo an loch, de ghnáth, mar nach mbíonn iontu den chuid is mó ach grinnill thirime, agus poill uisce anseo is ansiúd iontu.
shroicheadar they didn't reach
" Creidim fós, leis an gceol ar an albam seo, gur thit U2 isteach i saol agus i sruth cumadóireachta nár shroicheadar riamh ó shoin.
shroicheadh reach
" In Aibreán na bliana seo sheol an Chóiré Thuaidh diúracán in airde spéire a d’fhéadfadh Hawaii a shroicheadh.
shroicheann reach
" Sa lucht dlí, gur i gcás, tá níos mó cailíní ná buachaillí ag gabháil do chúrsaí dlí ach tosaíonn na mná ag éirí as nuair a shroicheann siad na lárthriochaidí agus leanaí á mbreith dóibh.
shroich reached
" Faoin am gur shroich an t-otharcharr láthair na timpiste, bhí mé in ann suí.
sroichte reached
" Cé go bhfuil an API scaoilte ag Google ón tús, níl céim 3 thús sroichte ag Google Wave go fóill.
sroichte reached
" I gcás na Mandaean arb acmhainn dóibh €20,000 a íoc le lucht smuigleála, tá tíortha an Iarthair sroichte acu.
shroich reached
" Thiomáin muid trí shíobadh sneachta suas bóthar an A9 an oíche sin i dtreo An Aghaidh Mór agus bhí an Brú Óige ag Loch Mór beagnach dúnta nuair a shroich muid an áit.
shroich reached
" Ní dhearna siad stad mara ná mórchónaí gur shroich siad caladh agus cuan i Sráid Chill Dara.
sroichfear shall reach
" Tíortha fo Thoinn ====== Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint ag an nGraonlainn, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn.
sroichfidís they’d reach
" Bhí am acu agus deis i ndiaidh na cailliúna sin a n-intinn agus a gcuid traenála a dhíriú go huile is go hiomlán ar chraobhchomórtas na hÉireann agus a fhios maith acu gur dóigh go sroichfidís cluiche leathcheannais na hÉireann ar aon nós.
sroicheadh was reached
" Bhí Blair i láthair i Stoirmhonadh ar an 8 Bealtaine, 2007, tráth ar sroicheadh buaicphointe an turais seo, nuair a chuaigh an DUP agus Sinn Féin i mbun rialtais le chéile.
sroichfear shall reach
" A dhéanamh cinnte go sroichfear riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh 5.
shroich sí she reached
" Ní raibh istigh ar an chomórtas ach í féin, ach mar sin féin ba mhór an chreidiúint di gur shroich sí an caighdeán cuí le duais a bheith bronnta uirthi, arsa Balor an Bladaire.
shroich tú you reached
" Ní bheadh ort síobanna a fháil go dtí an stáisiún traenach, nó uaidh arís nuair a shroich tú do sprioc.
shroicheamar we reached
" Ceann Scríbe ======== Bhí sé ina chlapsholas faoin am a shroicheamar Les Trois Vallées, an ceantar sciála is mó ar domhan más fíor don suíomh idirlín www.
shroich reached
" Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
shroich muid we reached
" Nuair a shroich muid teorainn Na hUngáire, sheas an traein, tháinig ceathrar gardaí ar bord, agus ba léir go mbeadh tamall moille ann.
shroich muid we reached
" A luaithe is a shroich muid cathair Shingeapór, meabhraíodh dom tuairim Bhreandáin Uí Eithir ar ghlaine na hEilvéise: “Tá teoiric agam, cé nach bhfuil ann ach teoiric, go mbíonn meitheal mhór oibrithe amuigh ar feadh na hoíche ag scuabadh, ag bearradh agus ag níochán na tíre.
shroich reached
" Bhí sé déanach go leor nuair a shroich muid an t-óstán i mBaile na Banríona an tráthnóna sin.
sroichfear an sprioc sin that target shall be reached
" Measann an tuairisc seo go mbeidh gá le 290,000 cuairteoir in aghaidh na bliana má tá Ionad Titanic le teacht slán ó thaobh ioncaim de agus tá amhras ar an Oifig Iniúchóireachta go sroichfear an sprioc sin go fadtéarmach agus nach bhfaighfidh cuairteoirí luach a gcuid airgid as.
Shroich mé ceann scríbe I reached my journey’s end
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
shroich reached
" Iles du Salut ainm na n-oileán, toisc go raibh raibh siad mar thearmann do na misinéirí ón mhaláire ar tír mór, ach a mhalairt a bhí i gceist nuair a shroich Papillon an áit.
sroichte aige it has reached
" Luadh sna meáin traidisiúnta anseo in Éirinn é le déanaí nuair a thug Irish Times Business cur síos ar *“Pintervention”* agus má tá na meáin traidisiúnta á chíoradh, tá pointe inchlaonta sroichte aige.
ceann scríbe a shroicheadh to reach the finish line
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
an té a shroicheann the person who reaches
" Dáiríre, an té a shroicheann craobh, rás ceannais, nó babhta ceannais, beidh éacht mór millteach déanta aige/aici cheana féin.
sroichte againn we (had) reached
" Bhuaileamar bóthar an lá dár gcionn, agus taobh istigh d’uair an chloig bhí ceann de na háiteanna ab áille ar domhan sroichte againn – teach dísirt Loretto Mary Holme ar shealúchas ollmhór glas os cionn Loch Simcoe i mbaile beag darb ainm Keswick.
a fhad is a shroicheann siad as long as they reach
" Is Mór an Ní a Bheith Ann ============ Dea-theist arís ar ghluaiseacht an gCluichí Oilimpeacha ná go mbíonn deis ag lúthchleasaithe as gach tír ar domhan páirt a ghlacadh sna cluichí a fhad is a shroicheann siad bunchaighdeán a bhíonn leagtha síos ag na heagraíochtaí spóirt iad féin agus go roghnaítear iad ar fhoireann Oilimpeach a dtíre féin.
gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh until he stepped ashore all in one piece
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
gur shroich sé caladh agus cuan till he reached a cosy nook
" Ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí gur shroich sé caladh agus cuan sa Domhan Thoir.
le déanaí a shroich sé an tír seo recently it reached this country
" Tá an galar scaipthe anois ar fud na hEorpa agus is le déanaí a shroich sé an tír seo.
shroich reached
" ’ Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
ardchaighdeán léiriúcháin sroichte reached a high standard of production
" In alt i 2005 (tá fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “*The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories*.
sroichte reached
" Fán am a nocht ball bán an lae, bhí an chéad mhullach sroichte agus an chéad pholl sa chárta.
shroich mé droim an tsléibhe I reached the mtn. ridge
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
Shroich mé balla I reached a wall
" Shroich mé balla, ach ní raibh dada faoi mo chosa is thuig mé go raibh sé in am imeachta.
cuid mhór buaicphointí sroichte reached a fair amount of highpoints
" Beidh an t-imeacht is suntasaí i gceol agus cultúr na tíre, Fleadh Cheoil na hÉireann, ar siúl i nDoire Cholm Cille idir an 11ú agus 18ú Lúnasa agus is cinnte gurb é buaicphointe cultúrtha na bliana é i gcathair a bhfuil cuid mhór buaicphointí sroichte aici i mbliana cheana féin.
nuair a shroich sé an tigh cónaithe when he reached home
" (Cheannaigh John Cleese éan breá ach nuair a shroich sé an tigh cónaithe ba léir dó go raibh sé tar éis bás a dh’fháilt go tobann.
Níor shroich didn’t reach
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
shroicheadh leis an ngiolc seo to reach with this tweet
" ” Chun lucht léitheoireachta níos fairsinge a shroicheadh leis an ngiolc seo, d’fhéadfá #Irish nó #IrishLanguage a chur i ndiaidh na habairte fosta.
shroich muid we reached
" Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara Meirionydd a bhí mé nuair a shroich muid baile Dolgellau leath bealaigh.
shroich sé cuan he reached port/bay
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
an tearmann iargúlta a shroicheadh reaching the out of the way refuge
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
nuair a shroich sí Leosóta when she reached Lesotho
" Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.