Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stáisiúin tráchtála commercial stations
" Tá an-iomaíocht ag teacht ó na stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe.
bainteach leis an stáisiún involved with the station
" Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh bainteach leis an stáisiún cheana.
stáisiún seirbhísí d'fhearaibh a service station for men
" Bhraitheas ag an am go raibh drochmheas ar na mná, nach raibh ionainn ach meaisín chun leanaí a thabhairt ar an saol, stáisiún seirbhísí d'fhearaibh.
stáisiúin tráchtála raidió commercial radio stations
" Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do stáisiúin tráchtála raidió.
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach which was more like a train station sometimes
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
ar stáisiún stationed
" Nuair a fuair sé post sa rannóg, bhí Cole ar stáisiún ag Red Hook's Engine 202, a roinneann teach le Dréimire 101.
stáisiún an díchoimisiúnaithe the decommissioning station
" Tá "léarscáíl bhóthair" aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu - stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.
ar stáisiún stationed
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo this television station has been very successful
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
stáisiúin phríobháideacha private stations
" Bíodh is go mbraitheann stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla.
ghéill na stáisiúin raidió the radio stations gave in
" Ní bhfuair na grúpaí nua sin mórán *airplay*, áfach, ós rud é gur ghéill na stáisiúin raidió do na comhlachtaí móra in athuair.
stáisiúin dola toll stations
" " Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
stáisiúin chumhachta núicléacha nua new nuclear power stations
" Is dócha go mbeifear ag caint faoi stáisiúin chumhachta núicléacha nua – agus líon mór acu – go luath chun an fuinneamh a sholáthar.
aitheanta leis an stáisiún associated with the station
" Thóg sé misneach do TG4 cead a thabhairt do cheann de na haghaidheanna is mó atá aitheanta leis an stáisiún Béarla a labhairt ar an gclár.
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir so that the station will function as it should
" Tá sé éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir.
in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin. despite the station's limited budget.
" ” Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil ag éirí le TG4 seirbhís an-mhaith a chur ar fáil in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
stáisiúin chumhachta power stations
" Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil to build more electricy generating stations
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
stáisiúin bhradacha raidió pirate radio stations
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha live on Arab television stations
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige a station which has become famous
" Clár teilifíse Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta.
stáisiún teilifíse Arabach an Arab television station
" Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada.
Gar don stáisiún, near the station,
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
stáisiún cumhachta power station
" Sa chéad taighde, baineadh úsáid as algaí a fásadh i locháin uisce i bhfásach Arizona; d’ith na halgaí CO2 ó stáisiún cumhachta agus chruthaigh siad breosla.
ar stáisiún ann, stationed there,
" Le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Arm na Breataine ar stáisiún ann, thug na saighdiúirí “Loch Horrible” air.
roinnt stáisiún aithreachais some repentance stations
" ) Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra, agus suas go dtí 100 bliain ó shin bhíodh turas ar an lá sin thart roinnt stáisiún aithreachais ag an díseart, a bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach in aice leis.
stáisiún nua teilifíse a new television station
" “Fuair mé glao ó chara ag rá gur léigh sí san *Evening Herald* go raibh fear darb ainm David Harvey ag cur stáisiún nua teilifíse ar bun, City Channel, a bheadh ag craoladh i mBaile Átha Cliath ar NTL Digital.
na stáisiúin chustaim the customs stations
" Is cuimhin le daoine meánaosta na stáisiúin chustaim ar an teorainn.
i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh subway stations
" Bhí an nós seo le feiceáil den chéad uair tríocha bliain ó shin i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac – bhíodh íomhánna agus *tags *(is é sin, ainm cleite an ealaíontóra) ildaite agus craiceáilte ar fud na dtraenacha mar a bheadh craiceann coimhthíoch ann.
réamhchúirt an stáisiúin peitril the gas station forecourt
" Agus ba mhaith an rud é nár chlis sé orainn agus muid ar an Interstate céad míle ó bhaile, ach ar réamhchúirt an stáisiúin peitril atá suite in aice láimhe.
Stáisiún Núicléach Nuclear power plant
" "(Albert Einstein) Ar an 26 Aibreán, 1986 phléasc imoibreoir uimhir a ceathair i Stáisiún Núicléach Shearnóbail, atá suite cóngarach do Pripyat san Úcráine.
ceithre stáisiún núicléacha four nuclear power plants
" Ag deireadh na seachtóidí, bhí sé de rún ag an rialtas ceithre stáisiún núicléacha a thógáil i gCeann an Chairn, Loch Garman.
stáisiún pobail community station
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
ag gabháil d'obair an stáisiúin engaged in the work of the station
" Níl ach triúr fostaithe ag gabháil d'obair an stáisiúin ar bhonn lánaimseartha gairmiúil.
Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh music has always been very important to the station
" Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean.
ó bunaíodh an stáisiún since the station was founded
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
stáisiúin ghinte generating stations
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
stáisiúin cumhachta power station
" Chruthaigh siad bealach nua le méid an charbóin a thagann as stáisiúin cumhachta guail a ísliú.
ceannasaíocht an stáisiúin the station management
" Ach is beag is féidir leo a dhéanamh nuair nach bhfuil aon fhís soiléir ag ceannasaíocht an stáisiúin ach an seó a choinneáil ar an mbóthar.
bainistíocht an stáisiúin the station management
" Lucht na Gaeilge ag iarraidh réimse níos mó cláracha agus sceidealú níos fearr dóibh agus bainistíocht an stáisiúin ag smaoineamh ar an mbunlíne airgeadais.
an stáisiún mór gaisciúil the great flamboyant station
" Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís.
atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh these big radio stations
" Níl aon mhaith dhúinn níos mó a bheith ag freitheadóireacht ar na boic mhóra seobh atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh.
stáisiúin aibhléise electricity station
" Má tharlaíonn an chéad Fukushima eile ag sadhlas eithneach in áit stáisiúin aibhléise, beidh orainn aghaidh a thabhairt (arís) ar cheann de na hiarmhairtí is uafásaí a d’fhág an fichiú haois againn.
stáisiún áitiúil teilifíse a local television station
" Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha éagsúla cúrsaí reatha agus ealaíne ar an teilifís agus is láithreoir í féin ar stáisiún áitiúil teilifíse i mBaile Átha Cliath chomh maith.
bainisteoir an stáisiúin manager of the station
" Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!