Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an stáitse on stage
" Bhí sí ar an stáitse le déanaí, den chéad uair le fada, le hAisteoirí Ghaoth Dobhair.
stáitse stage
" Anois agus an IRA imithe den stáitse is lú go mór a bheidh cás na Sé Chontae sa nuacht agus dá réir in aigne daoine.
iompraítear ar an stáitse í! she is carried on to the stage
" Casann Dee a rúitín ar an mbealach isteach san ionad – iompraítear ar an stáitse í! An chéad leath den *gig* lenár seanchara Oki.
óir dhá chéad slat ón stáitse for two hundred yards from the stage
" Ní hamháin sin, ach tá rud níos pearsanta ag tarlú anseo dó, óir dhá chéad slat ón stáitse tá dealbh de chuid a athar – Bikki.
ar an stáitse on the stage
" Bhí Páidí Ó Conchúir, Aoife Ní Chaoimh, Mícheál Ó Ruanaigh, June Nic Chormaic, Jack Talty, Mikie Smith, John Wynne, Lorcán Mac Mathúna, Macdara, Féilim agus Mícheál Ó Raghallaigh, Danny O’Mahony, Micheal Tubridy, Sarah Jane Woods, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mícheál Ó Briain ar an stáitse an oíche sin.
cúl stáitse. backstage.
" Suímid go ciúin cúl stáitse.
ar an stáitse on the stage
" ***AÓF: Bhí cúpla ceoltóir eile ag seinm ar an stáitse an oíche sin, nach raibh? Inis dom beagán fúthu sin.
bhí an stáitse réitithe, the stage was set,
" Lá an chluiche, chan an slua “Amhrán na bhFiann” le gustal i airde a gcinn is a ngutha agus bhí an stáitse réitithe, mar a déarfá, le haghaidh taispeántais “stairiúil”.
ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile. from the three hundred stages in the grouds of the festival.
" “Ar aghaidh liom thar an *Bold Fenian Men Burger Joint*, thar an *Rosie O’Grady Pizza Parlour* agus thar an *Courtin’ in the Kitchen Corn Stall*, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile.
dul suas ar stáitse to go up on the stage
" Chuireamar drámaí éagsúla ar siúl agus ní raibh aon eagla orm dul suas ar stáitse agus aird an tslua a tharraingt orm féin.
láithreán stáitse stage site
" Fuair sé moladh sa bhreis ó shaol an cheoil as ucht an fhir bheo a chruthaigh sé mar chuid den láithreán stáitse a d’úsáid U2 agus iad i mbun na camchuairte domhanda *Vertigo *sa bhliain 2005.
roinneamar stáitse leis we shared a stage with him
" Agus ceithre shamhradh ó shin roinneamar stáitse leis in Ortegueira i dtuaisceart na Spáinne agus bhí an chuma air go raibh sé an-deighilte amach óna bhanna.
chun tosaigh ar an stáitse to the front of the stage
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
Taobh thiar den stáitse backstage
" Taobh thiar den stáitse bhí siopaí beaga - éadaí, caifí, bitter, sladmhargadh dlúthdhioscaí, seoda.
Ceird stáitse stage skill
chúntóir bainisteoir stáitse ASM
" Agus bhí mise mar chúntóir bainisteoir stáitse.
maisithe stáitse éagsúla various stage sets
" San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.