Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
státchiste exchequer
" Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d'fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb'fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint.
státchiste exchequer
" Ach más fíor sin, cén fáth go bhfuil dualgas dleathúil ar 250,000 tionónta sa stát seo, sin an ceathrú cuid de thionóntaí an stáit, cíos talún a íoc sa lá atá inniu ann? Muna ndéantar reachtaíocht an stáit seo maidir le húinéireacht talún a leasú go tapaidh ní hamháin go bhfuil fadhbanna móra i ndán do go leor tionóntaí eile sa stát, ach tá gach seans ann go mbeidh ar an stát suim ollmhór airgid a íoc amach as an státchiste freisin.
státchiste exchequer
" Ní haon Ghlas Ghaibhleann é an státchiste ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh agus a chur isteach i soithigh gan tóin ar nós Aer Lingus.
ón Státchiste from the Exchequer
" “Sa mbliain airgeadais reatha, gheaobhaidh muide €28 milliún ón Státchiste ó thaobh an chuntais reatha atá againn.
Seansailéir an Státchiste the Chancellor of the Exchequer
" 55 lá roimh an Nollaig, beidh siad ansin le hiarraidh ar Santa – aka Seansailéir an Státchiste - £5 bhilliún a thabhairt dóibh, £1 bhilliún in aghaidh na bliana.
iar-Sheansailéir an Státchiste, the former Chancellor of the Exchequer
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
Rúnaí Státchiste The Treasury Secretary
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
státchiste state coffers
" Mar shampla, sábháil de €7m is cosúil a thiocfaidh chuig an státchiste as múinteoirí acmhainne a bhaint ó 900 dalta bunscoile a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadroma orthu.
hathshlánú an státchiste the rehabilitation of the state coffers
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
Státchiste State Treasury
" Is amhlaidh go laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
státchiste state fund(s)
" Ní féidir sin a dhéanamh gan tacaíocht cheart ón státchiste.
státchiste state funds
" Glacaim leis go bhfuil tobar an státchiste tráite faoi láthair, ach thiocfadh gur ón chrannchur náisiúnta a mhaoineofaí an ciste seo.
státchiste state fund(s)
" Bhí dóchas agamsa agus ag go leor daoine eile as a cheapachán: bhí smaointí aige, bhí fuinneamh aige, bhí fíordhílseacht aige don Ghaeilge, thuig sé cás na Gaeltachta níos fearr ná aon Theachta Dála eile agus bhí airgead ar fáil ón státchiste, a bhuíochas sin don borradh faoin ngeilleagar a bhí ina thús ag an am sin.
státchiste state’s coffers/treasury
" (Ní bheadh Fine Gael iomlán ar a socracht léi i mbun an státchiste.
Rúnaí Státchiste State Treasury Secretary
" ) Tá na Stáit Aontaithe chun iasacht $1 billiún a ráthú ar son na hÉigipte, cé go bhfuil a theorainn fiachais féin sáraithe ag an ngeilleagar is mó ar domhan, agus Rúnaí Státchiste Timothy Geithner ag déanamh ruathair ar chistí pinsin leis an bhfiachas a mhaoiniú.
státchiste state coffers
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
aonad i Státchiste SAM a unit in the US Treasury
" ”* An Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais ====================== Ag déanamh cinnte nach mbeidh Poblacht Arabach na Siria in ann na smachtbhannaí a shárú, tá aonad i Státchiste SAM darb ainm Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Fhaisnéis Airgeadais a chuireadh ar bun ag tús 2004 i ndiaidh brústocaireachta láidir ó AIPAC.
ar an státchiste for the state coffers
" Tá os coinn 2,200 múinteoir bunscoile agus thart ar 400 múinteoir dara leibhéal i dteideal an liúntas seo a fháil san am i láthair agus cosnaíonn sé thart ar €5m ar an státchiste gach bliain.
airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste to obtain money directly from the state coffers
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
sa státchiste in the state coffers
" Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.
státchiste state coffers
" Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus.